88
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Cé go bhfuil a míshástacht léirithe ag eagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta faoin chinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhcheangal le hOifig an Ombudsman, ní gach duine a bheas míshásta faoi, dar le Breandán Delap.
»»»Creideann Donncha Ó hÉallaithe go mba cheart seans a thabhairt don Aire Stáit nua Gaeltachta, Joe Mc Hugh, socrú isteach sa bpost sara a ndéantar breithiúnas air.
»»»Bhí Conradh na Gaeilge gníomhach i Learpholl ag deireadh an ochtú haois déag agus thug lucht Gaeilge as Éirinn cuairt ar an chathair ó am go chéile, Pádraig Mac Piarais ina measc. Tuairisc ó Tony Birtill.
»»»Tá Dónall Ó Maolfabhail dóchasach nach leanfar ar aghaidh leis an bplean chun mótarbhalach a thógáil gar do Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí de bhrí go bhfuil fothoghchán Dála le bheith sa chontae an bhliain seo chugainn.
»»»Ag tabhairt faoi dhá thaobh na Dála atá Balor an t-am seo, an taobh thuas agus an taobh thíos, nó lena rá ar bhealach eile, an Tuí a D’fhill Balbh agus an Tuí a D’fhill Daoi.
»»»Labhair Mary Beth Taylor le Meiriceánach mná le gairid ar éirigh léi grá geal a croí a aimsiú – le cuidiú seirbhíse déanta coinní ar líne.
»»»Ar nós mhadadh Pavlov, bhí béal Bhreandáin de Gallaí ag déanamh uisce nuair a thug sé cuairt ar cheantar Charlottetown ar na mallaibh. Tá togha prátaí, gliomach agus sliogán dubh ann, gan trácht ar shiopa seacláide Anne of Green Gables.
»»»Fág faoin gcóras poist do chuid bronntanais Nollag a thabhairt chun tí. Tá na seoltaí suímh go léir ag Roseanne Smith duit san alt seo.
»»»Tá méid nach beag le foghlaim ag an phobal trí chéile dar le Ciarán Mac Aonghusa. Go dtí go bhfaighfear léirstean fónta go forleathan ar ghnóthaí geilleagair, is ag únfairt thart a bheas an córas daonlathach.
»»»Ciorann Maidhc Ó Cathail dorchlaí rúndiamhara Oifig Feidearálach an Imscrúdaithe faoina nós gobán a chur ar chuid dá muintir féin. Bean darb ainm Sibel Edmonds a coinníodh ciúin sa chás seo.
»»»Beidh spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantar Gaeltachta le fáil i ngach eagrán de Beo. An mhí seo: Gleann Cholm Cille, Contae Dhún na nGall.
»»»Ní fios na deiseanna atá ag teacht ar an margadh lá i ndiaidh lae. Tá Roseanne Smith an-sásta le roinnt acu, le Raspberry Pi go háirithe agus tá súil aici lena hionad meáin féin amach anseo.
»»»Bhí Tony Birtill in ísle brí le gairid tar éis dó an Tuarascáil ar Stádas Caomhnaithe a bhaineann le hÉirinn a léamh. Ní hé gur chuir na staitisticí a clúdaíodh inti ionadh air, ach tuigeann sé go bhfuil easpa gnímh i gceist sa tír seo i measc na bhforas a cuireadh ar bun leis an chomhshaol a chaomhnú.
»»»Tá Roseanne Smith ag coinneáil súil ar threochtaí nuatheicneolaíochta. Beidh corr-rud saor ag teacht an bealach chugainn.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.