145
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is duine é Donncha Ó hÉallaithe a bhfuil blianta caite aige i mbun feachtas chun an Ghaeilge a chosaint mar theanga pobail sa Ghaeltacht. Bhí baint mhór aige le bunú Theilifís na Gaeilge agus tá sé ar a dhícheall faoi láthair ag iarraidh a chinntiú nach féidir le daoine gan Ghaeilge cead pleanála a fháil sna ceantair Ghaeltachta. Labhair Rónán Mac Con Iomaire leis faoin saol atá caite aige agus faoi chuid de na ceisteanna atá ag dó na geirbe aige.
»»»Bíonn [i]entourage[/i] iomlán ag foirne spóirt sa lá atá inniu ann. Ach tá Colm Mac Sealaigh in amhras maidir le fiúntas na saineolaithe seo ar fad.
»»»Téann na mílte ar saoire go Stromboli, oileán beag amach ó iardheisceart na hIodáile, i míonna an tsamhraidh gach bliain, réalta scannán ina measc. Chuaigh Roberta Stefan ansin ag deireadh mhí an Aibreáin, áfach, chun na sluaite a sheachaint agus chuaigh an áit i gcion go mór uirthi.
»»»Thug Catherine Foley cuairt ar Chliodhna Ní Anluain i seomra cúl ardáin sa Cheoláras Náisiúnta agus d’fhiosraigh scéal a cuid oibre le clár RTÉ 1an Sunday Miscellany. Is amhlaidh nach ag fanacht taobh leis an stiúideo atá an clár ach go dtugann ruaig faoi fhéilte ealaíne is pobail fud fad na tíre le blianta gairide anuas.
»»»Míníonn Colm Ó Snodaigh cén fáth a bhfuil sé chomh tógtha sin le cuid ceoil Dee Armstrong, an bhean a sheinneann an fhidil le Kíla.
»»»Deir Breandán de Gallaí linn go bhfuil amharclann amháin a raibh sé i gcónaí ag iarraidh cuairt a thabhairt uirthi de chionn go dtáinig sé aníos go minic ar bhealaí éagsúla fríd a shaol – i leabhair staire agus é ag déanamh staidéir ar an cheol agus an damhsa – agus ansin arís cúig bliana ó shin, nuair a bhí taispeántas damhsa d’arbh ainm “Balor” le léiriú aige – is é sin an Théâtre Impérial du Châtelet i bPáras. Ar an drochuair, níor tharla an léiriú.
»»»Beidh cinneadh tábhachtach le déanamh ag Foras na Gaeilge maidir le todhchaí meáin chlóite na Gaeilge dar le Breandán Delap
»»»Ní fiú faic Plean Deich bPointe an Aire Sláinte, dar le Breandán Delap, mura ndíríonn leis na hospidéil dul i ngleic le fadhb an MRSA.
»»»Tugadh cuireadh do PJ Mac Gabhann freastal ar fhéile an altaithe tigh na gcomharsan i bPáras. Tá sé ag dréim le dul ann.
»»»Fuair Balor an-léaró ina óige ar oibriú na polaitíochta agus tá a léacht ar an ábhar le roinnt aige linn san alt siosmaideach seo.
»»»Déanann Liz Curtis cur síos an mhí seo ar Lucca, an áit san Iodáil ar fhreastail sí ar chúrsa teanga.
»»»Déanfaidh na cóid phoist, a bhfuiltear chun tús a chur leo in Éirinn i gceann cúpla bliain, an-dochar d’ár n-oidhreacht logainmneacha, dar le Padraig Mac Éamoinn, agus tiocfaidh méadú mór ar an dramhphost chomh maith.
»»»Bhí scríbhneoir The Commitments, The Snapper srl. aniar as Baile Átha Cliath le caint a thabhairt agus le sliocht a léamh as ceann eile dá chuid leabhar i Learpholl. Bhuail Tony Birtill leis sa Chasa Club.
»»»Agus an Dáil ina suí arís caitheann Uinsionn Mac Dubhghaill súil ghéar ar an obair mhór atá roimh cheannaire nua Fhine Gael, Enda Kenny.
»»»‘Bliain leat is bliain i do choinne.’ Tuigeann Colm Mac Séalaigh go gcaithfidh foireann agus a gcúltaca sa gclub an bua a bhlaiseadh ó am go chéile lena gcoinneáil misnithe.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.