91
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Cé gur tharla cúpla tragóid dó ina óige, is duine é an Canónach Pádraig Ó Fiannachta atá sásta, mar sin féin, leis an saol atá caite aige agus leis an méid atá bainte amach aige, mar a mhínigh sé d’Aoife Ní Chonchúir.
»»»Tá struchtúr nua ag baint le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, a bhronntar gach bliain ar lucht gnó agus ar eagraíochtaí i nGaillimh a fhéachann leis an nGaeilge a chur chun cinn. Míníonn Gearóidín Ní Ghioballáin ó Ghaillimh le Gaeilge cad iad na forbairtí atá déanta ar an gcomórtas seo i mbliana.
»»»Is de shliocht Éireannach é William Cunningham, duine de na comhairleoirí is tábhachtaí atá ag Méara Nua-Eabhrac, Mike Bloomberg. Dúshlán a bheas ann dó na hÉireannaigh a spreagadh le vótáil don mhéara sa chéad toghchán eile, áfach, dar le Tom Deignan.
»»»Míníonn Antain Mag Shamhráin an tairbhe a bhaineann sé as an London Review of Books a léamh ar bhonn rialta.
»»»Níl mórán trua ag formhór na nAstrálach do Nguyen Tuong Van, an fear óg atá daortha chun báis i Singapore, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Muireann Ní Mhóráin, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Baile Átha Cliath.
»»»Céard a tharraingíonn duine isteach i gcultúr? Cén fáth a shantódh duine a tógadh i gcultúr láidir na milliún cainteoirí dúchais, cultúr nach bhfuil chomh líonmhar ná chomh fairsing lena cultúr féin? Sin an cineál ceiste a bhí ar Katie Nic Aindréis thall i Virginia.
»»»Bhí cionsiocair mhaith ag Roseanne Smith le gabháil i muinín an fheidhmchláir ‘Labor Mate’ an mhí seo caite: saolú a tríú duine clainne! Tá dea-scéal eile le roinnt aici leat: Wordpress ag gabháil le Gaeilge.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Pól Ó Frighil, An Gaeláras, Doire.
»»»D’eisigh Colm Mac Con Iomaire ón mbanna clúiteach ceoil The Frames albam aonair dar teideal [i]Cúinne an Ghiorria[/i] le gairid, agus tá Colm Ó Snodaigh faoi dhraíocht ag saothar a charad dhílis.
»»»Thug Seán Greif aghaidh ar iargúil na hAmasóine le blaiseadh de shaol suaimhneach agus le héalú ón nead seangán a chruthaíonn an duine nach mór gach áit ar domhan.
»»»Tháinig Lisa Nic an Bhreithimh ar an tuiscint le deireanas go ndéantar saibhreas agus dochar d’aon bhéim amháin i ngnó carthanachta na n-éadaí ar athláimh.
»»»Chaith Cóilín Ó Floinn seachtain i nGaeltacht na hAlban an samhradh seo caite agus chuaigh an cultúr agus na daoine i bhfeidhm go mór air.
»»»Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar Queen Street Studios i mBéal Feirste agus labhair sí le Susan McKeever, duine de na healaíontóirí atá ag obair ansin, faoin taispeántas dá saothar sa Waterfront Hall an mhí seo.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: stór focal ag baint le mothúcháin (i measc rudaí eile).
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.