Beo!
Eagrán 106, Feabhra 2010
 
imbolc.ie
Ar na Saolta Seo
Meon Chicago i réim i mBaile Átha Cliath

%%AUTHOR%%
Le Maidhc Ó Cathail
 
An bhfuil dream an tsaibhris ag magadh fúinn agus a gcuid tiachóg ag éirí teann lenár gcuidne airgid i rith an ama. Sin é a deir Maidhc Ó Cathail linn sa alt seo i ndiaidh dó labhairt le Jeff Gates. Ní thuigeann an móramh an diabhlaíocht atá á himirt orthu, deir sé.

Buartha faoin ngéarchéim gheilleagair? I d’intinn atá sé sin ar fad, a deir príomhshaineolaí airgeadais.

Agus sin í an fhadbh, dar le Jeff Gates, údar Democracy at Risk: Rescuing Main Street from Wall Street, agus The Ownership Solution: Toward a Shared Capitalism for the 21st Century, leabhar ar ar thug léirmheastóir amháin “the best book on economics for a generation,” agus ar mhol Ralph Nader mar “a Capitalist Manifesto, a blueprint for spreading the benefits of capitalism more equitably.”
An t-údar Jeff Gates (planetwork.net a tharraing)

Is é foinse na géarchéime geilleagraí ná ‘comhdhearcadh’ a cuireadh ina luí orainn ár muinín a chur ann, a mhaíonn Jeff Gates in agallamh le Beo! Dar le Gates, a bhí ina abhóide don Choiste Airgeadais de chuid Seanad na Stát Aontaithe ó 1980 go 1987, go ndearna an dearcadh seo
an-dochar do thromlach mór na ndaoine ar mhaithe le mionlach fíorbheag. Cé gur bhain na himeachtaí ar Wall Street ó Mheán Fómhair 2008 i leith stangadh as cuid mhaith daoine -- na mílte Éireannach a chaill a gcuid postanna ó shin ina measc -- d’fhéadfadh ‘lucht sofaisticiúil an airgeadais’ é sin a thuar gan stró, a áitíonn Gates.  I measc ‘lucht sofaisticiúil an airgeadais,’ luann Gates leithéidí Robert Rubin, Larry Summers (príomhchomhairleoir eacnamaíochta do Barack Obama anois) agus Alan Greenspan a raibh baint mhór acu leis ‘na hollmhargaidh airgeadais’ ar nós Goldman Sachs agus Citigroup a d’éascaigh siad lena ‘leasuithe,’ agus iad in ainm is a bheith ag obair ar son mhuintir Mheiriceá.

Agus nuair a chlis ar an margadh dírialáilte a bhí curtha ar bun acu, b’éigean don cháiníocóir teacht i gcabhair ar an dream a rinne go han-mhaith as le blianta. Mar a chuireann Gates é, “The gains were theirs; the losses ours.”

Airgead, airgead, airgead

Ach an bhfuil aon fhianaise ann gur calaois é a rinneadh d’aon ghnó?

The purpose of a system is what it does,” a fhreagraíonn Gates, agus é ag tagairt don acrainm, POSIWID, téarma atá ag anailísithe córas le fabhtanna sistéamacha a aithint.

Léirsiú in éadan an WTO 10 mbl. ó shin (Steve Kaiser a tharraing go Flickr.com)

‘An tsamhail Chicago’ is ea is chúis leis an bhfaopach ina bhfuil an geilleagar faoi láthair, dar leis. Le leathchéad bliain anuas, d’éirigh le dearcadh bhunúsachas an mhargaidh seo as Ollscoil Chicago a bheith ina chomhdhearcadh na coitiantachta ‘Washington.’ Agus é mar phrionsabal treorach na hEagraíochta Domhanda Trádála, tá an tsamhail seo á dhomhandú anois.  Le cruinneshamhail ‘na samhla Chicago’ a mhíniú, deir Gates go n-oibríonn sé ar an mbonn seo: “maximize financial returns and -- trust us -- all else will be fine.” Muinín sa dearcadh sin is chúis le torthaí an lae inniu, deir sé. Tugtar tús áite d’airgead sa chóras oibriúcháin domhandaithe seo, a mhíníonn Gates, agus déantar neamhaird ar na luachanna atá riachtanach i gcomhair folláine fhadtéarmach an phobail: fadbhreathnaitheacht fhioscach, comhtháthú sóisialta agus inmharthanacht an chomhshaoil.

D’fhéadfaí a thuar go dtarlódh móriarmhairtí dochracha de thoradh na béime seo ar airgead, dar leis: “The results of this purpose-driven ‘operating system’ were guaranteed to concentrate wealth and income and thereby undermine both democracies and markets. By equating personal freedom with financial freedom, we were induced to freely embrace the very forces that now jeopardize freedom.”

Dallamullóg

Cé a chuir ina luí orainn ár muinín a chur i gcóras nach bhfuil lenár leas? An dream céanna a chuir ina luí ar Mheiriceánaigh gur bagairt mhór a bhí i Saddam Hussein, nó “the people in between” mar a thugann Jeff Gates orthu ina leabhar nua, Guilt By Association: How Deceit and Self-Deception Took America to War.

Is éard atá i gceist leis “the people in between” ná ‘na daoine idir sinn agus na firicí.’ Míníonn Gates: “All flows downstream from a ‘consensus’ perspective --regardless whether the deception is a shared belief in Iraqi weapons of mass destruction or a consensus faith in the infallibility of unfettered financial markets. The modus operandi is identical -- the displacement of facts with beliefs.”
Ollscoil Chicago, eithne modhanna smaointe geilleagair (Paul Goyette a tharraing go Flickr.com)

B’fhéidir gur comhtharlú é, ach téann fréamhacha ‘intleachtacha’ na nuachoimeádach siar go Chicago chomh maith, áit a raibh Richard Perle agus Paul Wolfowitz i measc an chaidre de mhic léinn a bhí ag an Ollamh Albert Wohlstetter in Ollscoil Chicago. Bhí Wohlstetter féin ina mhac léinn ag Ollamh Chicago eile, Leo Strauss, ar a dtugtar ‘seanóir intleachtach’ na nuachoimeádach. Suntasach go leor, mhol Strauss fealsúnacht ina gcuireann éilít dallamullóg ar an bpobal.

Beirt atá ina n-eiseamláirí de ‘na daoine idir sinn agus na firicí’ ná Paul Wolfowitz agus, a chomharba mar Uachtarán an Bhainc Dhomhanda, Robert Zoellick. Shínigh Wolfowitz agus Zoellick an Tionscadal um Aois Mheiriceánach Nua i 1998, a mhol Hussein a threascairt agus na tíortha Ioslamacha eile sa Mheánoirthear a dhíchobhsú. Thug  9/11 an deis a bhí ó lucht Iosrael i SAM ionradh a éileamh ar an Iaráic, i ndiaidh gur chuir siad dallamullóg ar mhuintir Mheiriceá maidir leis ‘na  hairm ollscriosúla’ nárbh ann dóibh. Gheall Wolfowitz go gcuirfeadh muintir na hIaráice fáilte mhór roimh shaighdiúirí SAM, fiú.

Agus an fhís pholaitiúil ó Chicago curtha i gcrích acu le fógairt ‘chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta,’ bhí ról lárnach ag an mbeirt Shíónach ag an mBanc Domhanda, ag domhandú an mheoin ‘Chicago’ ó thaobh cúrsaí geilleagair de.

Comhairle Fhíorchostasach

Os rud é nach n-aithníonn siad cúis na faidhbe, déanfaidh freagairt rialtas na hÉireann don ghéarchéim gheilleagair cúrsaí níos measa, a deir Gates. Is beag an difear, dar leis, idir na freagairtí don ghéarchéim i mBaile Átha Cliath agus i Washington.  “Same pig; different lipstick,” a deir sé agus é ag tagairt don tuarascáil dar teideal A Pathway to Recovery and Renewal for the Irish Economy, a d’ullmhaigh Ronald Greenspan don Taoiseach Brian Cowen i Márta na bliana seo. Saineolaí athchóirithe iomráiteach, a thugann a chomhlacht féin, FTI Consulting, ar Greenspan.

Ach, de réir Gates, tagann Greenspan as líonra domhanda de chomhairleoirí beartais atá ar aon intinn. Molann an dream seo fadhb shistéamach a réiteach gan dul i ngleic leis an bhfadhb bhunúsach: an meon Chicagóch.

Agus mar bharr ar an donas, dar le Gates, “...those who follow this traditional ‘Chicago’ advice are unleashing long-term financial forces destined to make a bad situation worse -- at a staggering cost.”

Mar sin, céard atá i ndán dúinn? Tuarann Gates: “Both nations can anticipate stagnation and inflation while ‘the people in between’ continue to amass more assets (at distressed prices) and collect more interest on more taxpayer-secured debt. The pace is poised to quicken in this policy-enabled redistribution of wealth -- from the bottom to the top.”

An nglacfaidh muintir na hÉireann le bheith ina mbochtáin arís? Nó an éireoidh siad amach uair amháin eile -- má fhaigheann siad amach gur cuireadh dallamullóg orthu? Sin í an cheist mhór.

Is cinnte, áfach, go mb’fhearr leis ‘na daoine idir sinn agus na firicí’ nár chuala tú iomrá ar Jeff Gates riamh, ionas nach gcuirfí isteach ar mheon Chicago.

Féach ar http://anfhirinneshearbh.wordpress.com/ le haghaidh nasc do na foinsí a úsáidtear san alt seo. 


Nocht do chuid tuairimí maidir leis an alt seo i gClár Plé Beo!
Give your opinions on this article in Beo!'s Forum.

 
Gluais • Glossary
'intleachtacha'intellectual
'leasuithe'reforms
'lucht sofaisticiúil an airgeadais'financial sophisticates
'na hollmhargaidh airgeadais'financial supermarkets
'seanóir intleachtach'intellectual godfather
á himirtbrought to bear
abhóidebarrister, counsel
áfachhowever
ag magadhmocking
agallamhinterview
aithintrecognize
áitíonnmaintains
an meon Chicagóchthe Chicago mindset
an-dochargrave detriment
ar aon intinnof like mind
ar nóslike
b'éigeanwas forced to
bagairtthreat
béimeemphasis
bhfaopachmess
bhunúsachbasic
Buarthaworried
calaoisfoul play
cháiníocóirtaxpayer
chliscollapsed, failed
chogadhwar
Choiste AirgeadaisFinance Committee
chomhairleoirí beartaispolicymakers
chomharbasuccessor
chomhdhearcadh na coitiantachtaconsensus
chomhlachtcompany
chóras oibriúcháin domhandaitheglobalized operating system
Comhairle Fhíorchostasachvery costly advice
comhdhearcadhshared mindset
comhtharlúcoincidence
comhtháthú sóisialtacivil cohesion
córassystem
cruinneshamhailworldview
cuireadh ina luíinduced
curtha i gcríchsecured
d'aon ghnóon purpose
d'éascaighfacilitated
d'éirigh lesucceeded
D'fhéadfaí a thuarit could be forecast
d'intinnmind
d'ullmhaighprepared
Dallamullógblindfold, deception
dar leaccording to
dar teidealentitled
de thoradhbecause of
de thoradhbecause of
dearcadh bhunúsachas an mhargaidhmarket fundamentalist perspective
dhíchobhsúdestabilization
diabhlaíochtdevilment
dírialáiltede-regulated
domhandaglobal
domhandúglobalization
dreamgroup
dream an tsaibhristhe wealthy
dul i ngleic leisgetting to grips with
éileamhdemand
éireoidhshall rise up
éirí teannbeing stuffed
fabhtannafaults
fadbhreathnaitheacht fhioscach fiscalforesight
faoi láthairat present
fealsúnachtphilosophy
fhadbhproblem
fhianaiseevidence
fhísvision
fhreagraíonnanswers
firicífacts
fógairtannouncement
foinsesource
folláine fhadtéarmachlongterm health
freagairtanswer, response
fréamhacharoots
Gheallpromised
hEagraíochta Domhanda TrádálaWorld Trade Organization
i ndándestined
i réimin action
inmharthanacht an chomhshaoilenvironmental sustainability
iomrá armention of
iomráiteachrenowned
ionasso as
ionradhinvasion
Is cinntesurely
lárnachcentral
léirmheastóirreviewer
líonranetwork
luachannavalues
luannmentions
mar bharr ar an donasto make matters worse
mbochtáinpoor
mbonnrespect, basis
mhaíonnclaims
mholpraised
mholadvocated
mionlachminority
móramhmajority
móriarmhairtí dochrachaseriously damaging repercussions
muiníntrust
muintir na hÉireannthe Irish people
n-aithníonnrecognize
n-eiseamláiríexamples
nach bhfuil lenár leasis not to our benefit
neamhairddisregard
ngéarchéim gheilleagaireconomic crisis
nglacfaidhshall accept
nuachoimeádachneo-conservative(s)
of faidhbeof the problem
ollscriosúlamass destruction
príomhshaineolaí airgeadaisleading finanial expert
riachtanachnecessary
rialtasgovernment
saineolaí athchóiritherestructuring expert
sceimhlitheoireachtaterrorism
shaighdiúirísoldiers
Shínighsigned
ShíónachZionist(s)
sistéamachasystematic
stangadhshock
Suntasachsignificantly
tagairtmaking reference to
teacht i gcabhair arcome to the rescue
threascairtoverthrow
thromlachmajority
thuar gan stróeasily predict
tiachógwallets
Tionscadal um Aois Mheiriceánach NuaProject for the New American Century
torthaíresults
treorachguiding
tsamhail ChicagoChicago model
Tuarannforecasts
tuarascáilreport
tús áiteprimacy, the lead
Uachtaránpresident
údarauthor
 
 
 
Tá níos mó altanna mar seo ar fáil sa Chartlann: