Beo!
Eagrán 106, Feabhra 2010
 
Futa Fata
Ar na Saolta Seo
An bhFillfidh an Feall ar an bhFeallaire?

%%AUTHOR%%
Le Maidhc Ó Cathail
 
Tá Meiriceá i mbaol ó chuid dá chóras féin a deir Maidhc Ó Cathail. Dá dtuigfeadh muintir SAM an scéal, thiocfadh leo iompú droim ar ais le barr míshásaimh agus díriú ar an dream a chuireann srian leo agus a chuir cor go minic i saol a chuid seirbhíseach dílis.

Is minic a chloistear polaiteoirí Mheiriceá ag rá gurb é Iosrael an cara is fearr atá ag na Stáit Aontaithe sa Mheánoirthear, agus is iomaí Meiriceánach aineolach a chreideann an tseafóid chontúirteach seo. Cás Jane Harman is ea an sampla is déanaí den ‘chairdeas’ atá ag Iosraeligh don tír a thugann $3 billiúin in aghaidh na bliana agus go leor peorcaisí eile nach é dóibh. 
An Seanadóir Jane Harman, uisce faoi thalamh sa Roinn Dlí & Cirt

Agus an Ghníomhaireacht um Slándáil Náisiúnta ag déanamh cluasaíochta ar spiairí Iosraelacha i SAM, mar a scríobh Jeff Stein in Congressional Quarterly ar an 11 Aibreán, chualathas Jane Harman, Feisire Daonlathach, ag labhairt le gníomhaire Iosraelach, agus í ag gealladh dó go gcuirfeadh sí a ladhar isteach leis an Roinn Dlí agus Cirt ar son beirt oifigeach AIPAC, an brúghrúpa ar son Iosrael, a díotáileadh i 2005 maidir le faisnéis rúnaicmithe a thabhairt don ambasáid Iosraelach i Washington. Fuair an bheirt, Steve Rosen agus Keith Weissman, na doiciméid i dtaobh na hIaráine ó Larry Franklin, anailísí sinsearach sa Pheinteagán. Phleadáil Franklin, a bhí ag obair in oifig Douglas Feith as ar tháinig an fhaisnéis bhréige i dtaobh na hIaráice, ciontach do spiaireacht i 2005. Cuireadh an cás i leith Rosen agus Weissman ar neamhní i mBealtaine na bliana seo, tar éis brú ón Teach Bán, is cosúil.

Mar luach saothair i leith seirbhíse Harman, gheall an gníomhaire Iosraelach go gcuirfeadh sé brú ar Nancy Pelosi, ceannaire an Phairtí i dTeach na nIonadaithe, Harman a ainmniú mar chathaoirleach ar Choiste an Tí um Fhaisnéis. Ba é deonachán polaitiúla de chuid Haim Saban, toicí Iosraelach na meán cumarsáide, a bhí i gceist aige a tharraingt siar mura ndéanfadh Pelosi amhlaidh.  

Bagairt nach beag a bhí ann mar thug Saban, a rugadh san Eigipt, os cionn $12 milliúin don Pháirtí Daonlathach in aon bhliain amháin. Sa bhliain 2001-2002, ba é Saban an bronntóir maoinithe ba mhó a bhí ag na Daonlathaigh, nuair a bhí cinnireacht an pháirtithe ag tacú le hionradh ar an Iaráic. B’é Saddam Hussein an chloch ba mhó ar phaidrín Saban ag an am. Ba chuma sa sioc leis faoi pholasaithe eile na nDaonlathach. Mar a dúirt sé leis an New York Times uair amháin: “I’m a one-issue guy and my issue is Israel.”

Mar a tharla, cuireadh fios ar Pelosi mar gheall ar an gcomhrá idir Harman agus an gníomhaire Iosraelach, agus ní bhfuair Harman an post tábhachtach ó thaobh slándála de. Ach níor cuireadh aon phíonós uirthi ach an oiread, cé gur cosúil gur ardtréas a bhí i gceist. Mar sin féin, ar éigean gur chualathas gíog ná míog as na meáin. Cuir i gcás, áfach, an rí-rá agus ruaille buaille a bheadh ann dá mbeadh ‘namhad’ ar nós na hIaráine i gceist.

Polaiteoirí ar Díol

Cad chuige a bhfuil lucht Iosrael in ann beagnach a rogha rud a dhéanamh i Washington? Is é freagra gearr na ceiste sin ná ‘airgead.’ Faigheann an Páirtí Daonlathach beagnach 60 faoin gcéad (35 faoin gcéad i gcás na  bPoblachtánach) dá chuid airgead ó Ghiúdaigh atá dígeanta ina dtacaíocht don eite dheis san Iosrael. Cé gur mionlach beag iad - thart ar aon trian den phobal Giúdach i Meiriceá  - i measc mionlaigh 1.7 faoin gcéad den phobal Meiriceánach go léir, is féidir leo deireadh a chur le saol polaitíochta aon duine nach dtugann tacaíocht neamhchriticiúil d’Iosrael.
An tIar-Theachta Pete McCloskey  (Navy Cross, Silver Star & Purple Heart x2 aige)

I measc na polaiteoirí a chaill a suíocháin mar gheall ar airgead na Síónach, tá Pete McCloskey (ar cuireadh focail ina bhéal), Charles Percy, Paul Findley, Earl Hilliard agus Cynthia McKinney. Is rabhadh ar tharla dóibh siúd d’aon pholaiteoir gan teacht salach ar an mbrúghrúpa cumhachtach ar son Iosrael.

Dúirt Cynthia McKinney, iarrthóir an Pháirtí Ghlais sa toghchán uachtaránachta i 2008, in agallamh ar na mallaibh nach raibh ach triúr nó ceathrar, nó cúigear b’fhéidir, as 535 ball i gComhdháil SAM a bhíonn sé de mhisneach acu vótáil in aghaidh Iosrael. “Aon faoin gcéad?” a d’fhiafraigh an t-agallóir suaite di. “Má bhíonn an t-ádh leat,” a d’fhreagair sí.

Anuas ar an airgead a tugadhfreasúrach i gcomhair toghcháin do Theach na nIonadaithe i 2002, cuireadh isteach ar fheachtas McKinney ar bhealaí eile chomh maith. D’éirigh fear, a chuir é féin i láthair mar “Phailistíneach gan stát,” cairdiúil lena hathair i rith an toghcháin. Cailleadh eochair, goideadh gutháin agus araile,  ach ní raibh a fhios ag foireann McKinney cé ba chúis leis go raibh an toghchán caillte, agus chonaic siad mo dhuine ar an teilifís. Oifigeach de chuid an Léig Frith-Clúmhilleadh (ADL) a bhí ann.

Cé go gcreideann go leor daoine gur gníomhaithe ar son chearta an duine atá san ADL, ní mar a shíltear a bítear. Sa bhliain 1993, d’eisigh an tAturnae Dúiche i San Francisco 700 leathanach de dhoiciméid ag lua an ADL le spiaireacht ar 10,000 Meiriceánach agus 600 eagraíochtaí a bhí in aghaidh Apartheid san Afraic Theas agus polasaithe Iosrael sa chríoch Phailistíneach faoi fhorghabháil, agus an t-eolas fúthu a thabhairt do na rialtais sin. Níl ansin, áfach, ach cuid bheag den spiaireacht a dhéanann Iosrael ar Mheiriceá. 

Cead a gCinn do na Feallairí

Cynthia McKinney, Teachta Pháirtí na Glaise

Scratch a counterintelligence officer in the U.S. government and they’ll tell you that Israel is not a friend to the United States,” a scríobh Christopher Ketcham san iris Alternet. “This is because Israel runs one of the most aggressive and damaging espionage networks targeting the U.S.” Cén fáth nach ndéanann siad rud éigin faoi, mar sin? Mhínigh Philip Giraldi, iaroifigeach frithsceimhlitheoireachta CIA, do Ketcham, “Most of the people in the agency were very concerned about Israeli espionage and Israeli actions against U.S. interests. Everybody was aware of it. Everybody hated it. But they wouldn’t get promoted if they spoke out.”

A mhalairt atá fíor, áfach, maidir leis na daoine a dhéanann spiaireacht ar son Iosrael, ar nós Paul Wolfowitz, Richard Perle agus Douglas Feith. Faigheann siadsan na postanna is fearr i Roinn an Stáit agus sa Roinn Cosanta.

Ag an am céanna, níorbh fhéidir le Meiriceánach ionraic ar nós Charles Freeman a bheith ina chathaoirleach ar an gCoiste um Fhaisnéis Náisiúnta de dheasca brú ar an Teach Bán ó lucht  Iosrael. Agus cé a chuir tús leis an bhfeachtas nimhneach i gcoinne Freeman ach Steve Rosen, a bhí ar díotáil ar spiaireacht é féin ag an am. A leithéid de chutzpah! Cheapfá go seachnódh sé aird an phobail go raibh a thriail féin thart, ach caithfidh sé go raibh a fhios aige go bhfuil slándáil Iosrael “sacrosanct” i Washington, mar a dheimhnigh Obama d’AIPAC anuraidh, cé go bhfuil slándáil Mheiriceá ar díol don dream is mó airgead, is cosúil.

Níor imigh Freeman go ciúin, áfach. Thug sé le fios gurbh é lucht Iosrael i Meiriceá a chosc é an post a fháil, agus cháin sé go géar iad i ráiteas a d’eisigh sé:
The aim of this Lobby is control of the policy process through the exercise of a veto over the appointment of people who dispute the wisdom of its views, the substitution of political correctness for analysis, and the exclusion of any and all options for decision by Americans and our government other than those that it favors.”

D’ionsaigh Abraham Foxman, stiúrthóir an ADL, ráiteas Freeman in eagarfhocal sa Jerusalem Post, mar sampla eile de na “anti-Semitic conspiracy theories” atá ar fáil ar fud an idirlín. Seo é dearcadh iontaofa an fhir atá i gceannas ar an eagraíocht atá ag spiaireacht ar na mílte Meiriceánaigh le blianta! Mar a dúirt Jeff Gates, údar Guilt By Association, leabhar a nochtann an t-éilliú Síónach ar pholaitíocht Mheiriceá, “Charges of anti-Semitism obscure treason.” Ach má fhaigheann muintir Mheiriceá amach an fhírinne maidir lena “chairde” Iosraelacha riamh, seans go bhfillfidh an feall ar an bhfeallaire

Féach ar http://anfhirinneshearbh.wordpress.com/ le haghaidh nasc do na foinsí a úsáidtear san alt seo. 


Nocht do chuid tuairimí maidir leis an alt seo i gClár Plé Beo!
Give your opinions on this article in Beo!'s Forum.

 
Gluais • Glossary
eile nach éothers besides
Roinn Dlí agus CirtJustice Dept.
A mhalairtthe opposite
áfachhowever
ag luamentioning
ag tacúsupporting
agallamhinterview
aineolachignorant
ainmniúto name
aird an phobailpublic attention
amhlaidhsimilarly
an chloch ba mhó ar phaidrínthe greatest concern / desire
Anuas arin addition, on top of
ar díolfor sale, on the make
ar éigeanhardly
ar neamhníthrown out, dropped
ar nóssuch as
araileetc.
ardtréashigh-treason
Ba chumait didn't matter
Bagairta threat
ballmember(s)
beagnachalmost
beirttwo
bhfeallaireevil doer
bhfillfidhshall return
bhfillfidh an feall ar an bhfeallairewhat goes around comes around
bronntóircontributor
brúpressure
brúpressure
brúghrúpalobby
Cad chuigewhy
Cailleadhwas lost
cailltelost
cairdiúilfriendly
Cásthe case
Cead a gcinncompleted freedom
ceannaireleader
chailllost
chairdeasfriendship
chathaoirleachchairperson
Cheapfáyou'd think
Choiste an Tí um FhaisnéisHouse Intelligence Committee
chontúirteachdangerous
chórassystem
choscthat stopped
chreideannbelieves
chualathaswas heard
chuir coraffected
chuir é féin i láthair marpresented himself
cinnireacht an pháirtithethe party leadership
ciontachguilty
cluasaíochtabugging
Cuir i gcásfor example
cuireadh fios arwas called upon
d'eisighissued
d'fhiafraighenquired
d'fhreagairreplied
Daonlathachdemocratic
de dheascaas a result
deonachándonation, contribution
dheimhnigh ObamaObama confirmed
dígeantazealous, hardline
díotáileadhwas indicted
díriú arface up to
dreamgroup
droim ar aisright around
dtacaíochtsupport
dTeach na nIonadaitheHouse of Representatives
eagarfhocaleditorial
eite dheisright wing
Eochaira key
Faigheanngets
faisnéis rúnaicmitheclassified information
faoi fhorghabháiloccupied
faoin gcéadper cent
feallevil deed
feallairíwrong-doer
fhaisnéis bhréigefalse intelligence
fheachtascampaign
Fíortrue
freagra gearrshort answer
freasúrachopponent
gan státstateless
gan teacht salach arnot to offend
gComhdháilCongress
gcomhráconversation
gcuirfeadh sí a ladhar isteachshe'd intervene
gealladhpromising
gheallpromised
Ghníomhaireacht um Slándáil NáisiúntaNational Security Agency
gíog ná míoga pip nor a squeak
gníomhaireagent
goideadhwere stolen
gur chualathaswas heard
gutháinphones
hIaráiceIraq
hionradhinvasion
i dtaobh na hIaráinein relation to Iran
i gcoinneagainst
i gcomhairfor
i meascamongst
iarrthóircandidate
in aghaidh na blianaper annum
in annable to
iompúturn
ionraichonest
iontaofareliable
is cosúilit seems
is déanaílatest
is iomaímany
Is minicoften
le barrwith dint
Léig Frith-ClúmhilleadhAnti-Defamation League
luach saothairin recompense
maidir lein relation to
maoinitheof wealth
mar gheall arbecause of
Mar sin féinall the same
mbaoldanger
mBealtaineMay
mbrúghrúpa cumhachtachpowerful pressure-group
meán cumarsáidemedia
MheánoirthearMiddle East
mhisneachcourage
mionlachminority
míshásaimhof dis-satisfaction
muintirpeople
nach beagconsiderable
namhadenemy
neamhchriticiúiluncritical
ní mar a shíltear a bítearall is not as it seems
nimhneachacrid, bitter
nochtanndemonstrates
oifigeachofficers
peorcaisíperks
PhailistíneachPalestinian
Pháirtí GhlaisGreen Party
post tábhachtachimportant job
rabhadha warning
ráiteasstatement
rí-rá agus ruaille buaillehullabaloo
rogha rudanything
rugadhborn
sa siocwhatsoever
SAMthe US
seachnódh séhe'd avoid
seirbhíseach dílisloyal servant(s)
sinsearachsenior, top
SíónachZionist(s)
slándálasecurity
spiairíspies
srianrestraint
Stáit Aontaithethe US
suíocháinseats
t-ádh leatyou're luck
t-agallóir suaiteupset interviewer
t-éilliúgagging, restraining
tharraingt siarwithdraw
thiocfadh leothey could
thriailtrial
toghchánelection
toicíwealthy person
trianthird
tseafóidnonsense
tugadhwas given
uachtaránachtapresidency
 
 
 
Tá níos mó altanna mar seo ar fáil sa Chartlann: