137
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá cónaí ar Brent Miles in Ontario Cheanada. Léiríonn sé anseo an chaoi a bhfuil Raidió na Gaeltachta ar an idirlíon ina áis luachmhar aige féin agus acu sin go léir a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh d’Éirinn agus atá ag iarraidh teagmháil leathúil a bheith acu leis an nGaeilge.
»»»Tá beagnach caoga bliain caite ag an scoláire Michael Krauss ag plé le teangacha bundúchasacha Alasca agus ba é a bhunaigh an Alaska Native Language Center ag tús na seachtóidí. In ainneoin na hoibre sin go léir, áfach, níl sé dóchasach go mairfidh aon cheann den 20 teanga mhionlaigh atá á labhairt sa stát faoi láthair agus measann sé nach bhfuil cúis dóchais ag cainteoirí Gaeilge ach oiread maidir lena dteanga siúd. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis an mhí seo caite faoi bhfuil i ndán do theangacha an domhain san aois seo, dar leis.
»»»Déanann Mícheál Ó hAodha trácht ar leabhair sa dara halt faoin Lucht Siúil, leabhair a scríobh roinnt den Lucht Siúil iad féin.
»»»Beidh féile ar siúl i gCúil Aodha i gCorcaigh den dara huair déag ag tús na míosa seo i gcuimhne ar Dhiarmuid Ó Súilleabháin, an t-amhránaí agus an craoltóir a cailleadh go tragóideach aon bhliain déag ó shin. Labhair Antaine Ó Faracháin le duine de lucht eagraithe na féile, an t-amhránaí Éilís Ní Shúilleabháin.
»»»Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Mícheál Mac Giolla Easbuic ar Chill Chartha in iardheisceart Dhún na nGall.
»»»Tá an nuatheicneolaíocht ag cur ar chumas na seandálaithe a gcuid oibre a dhéanamh na laethanta seo ar shlí i bhfad níos éifeachtaí agus níos tapúla, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Is ealaíontóir é David Cerný a bhain siar mór as daoine i dtíortha éagsúla san Aontas Eorpach le dealbh a chroch sé sa Bhruiséil. Chaith Ciara Nic Gabhann tamall á mheas leis an alt seo a scríobh faoi. Ar nós Bricrenn i seanlitríocht na Gaeilge, is cosúil gur thig le Cerný daoine go leor a chur i gcoinne a chéile.
»»»Tá Robert McMillen den bharúil go bhfuil an-lear daoine ar chaon taobh den phobal á saobhadh féin le híomhánna míréadúla faoin ‘treibh’ eile.
»»»Bean bhán dhathúil as an Astráil le fiche bliain a chur isteach faoi ghlas thar lear! Nach leor a leath leis na meáin is na liarlóga a shaighdeadh i mbun méarchláir? Bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag faire orthu.
»»»Is fánach an áit a bhfaighfeá fear Gaelainne. Tháinig Tony Birtill ar ‘ghliomach’ amháin trí leabhar treorach a cheannaigh sé i gCeantar na Lochanna, i dtuaisceart Shasana.
»»»Tá cultúr rúndachta le fáil le fada sa Gharda Síochána, dar le Dónall Ó Maolfabhail, agus ní chun leas na ngnáthghardaí é seo.
»»»Gheobhaimid deis an samhradh seo, má bhíonn an saol ina cheart, siúl le cladach agus feicfimid an cloigeann úd ag gobadh aníos go fiosrach ag faire isteach orainn. Bhí Laoise Ní Chléirigh ag fuirseadh faoi thearmann do Chlann Mhic Conghaola, an Irish Seal Sanctuary, le teacht ar an eolas faoin ainmhí diamhrach seo.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh ag meá cé a d’fhéadfadh bonn óir nó eile a chrochadh leo as na Cluichí Oilimpeacha an samhradh seo agus cé mar a chruthóidh foireann na hÉireann i Euro 2012 an mhí seo.
»»»Thug Tony Birtill cuairt ar an Ionad Síochána i Warrington le déanaí agus labhair le Colin Parry, ar maraíodh a mhac Tim (12) i mbuama de chuid an IRA sa bhaile sin i 1993.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.