87
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is clár é “Barrscéalta” ar Raidió na Gaeltachta a thugann guth do na gnáthdhaoine in iarthuaisceart Thír Chonaill. Labhair Colm Ó Dúlacháin le láithreoir an chláir, Áine Ní Churráin.
»»»Tá a chion féin déanta ag an amhránaí Conallach Lillis Ó Laoire don amhránaíocht ar an sean-nós san iarthuaisceart le roinnt mhaith blianta anois. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis faoin amhránaíocht, faoina shaol i Meiriceá agus faoin chonspóid idir é féin agus an déantóir scannán Bob Quinn níos luaithe i mbliana.
»»»Féachann Carmen Rodríguez ar an iarracht is déanaí atá ar bun ag polaiteoirí na Catalóine chun féinrialtas a bhaint amach don réigiún ón Spáinn.
»»»Ní cheileann bainisteoir fuinniúil Choláiste Lurgan a chuid tuairimí ar dhuine ar bith, fiú amháin nuair a bhíonn praghas le híoc astu. Chuaigh Uinsionn Mac Dubhghaill chun cainte leis.
»»»Is mó ná riamh rian an ríomhaire ar shaol achan duine agus ní taise do cheoltóirí is do chumadóirí ár linne é. Chas Robert McMillen le hoirfideach a chasann idir bhogearraí agus uirlisí go hoilte is go healaíonta.
»»»Tá ionad cultúrtha in ómós don phíobaire Séamus Mac Aonghuasa lonnaithe san Aill, i gContae Átha Cliath, áit a mbíonn go leor ócáidí a bhaineann leis an gceol traidisiúnta agus rudaí eile nach é, ar bun. Labhair Antaine Ó Faracháin le stiúrthóir an ionaid, Seán Mac Philibín, le fáil amach go díreach céard a bhíonn ar siúl ann agus céard atá ar na bacáin don bhliain úr.
»»»Tá Roseanne Smith den tuairim go gcaithfidh tú intinn agus amhras an chustaiméara a shocrú agus a bheith ilteangach, más mian leat do chomhlacht a chur ar bonn brabúis.
»»»Chuaigh Balor ar a chliathaibh fis nó is fearr aon amharc amháin romhat ná dhá amharc in do dhiaidh. Amhail sin a taibhríodh dó Ivana Apparachik agus foireann eile de réalta na hÉireann ag Gaeilgeoireacht leo.
»»»Tá go leor fadhbanna ag crá an chórais polaitíochta ó thuaidh faoi láthair. Tá Robert McMillen den tuairim go gcaithfidh gach duine, idir ghnáthdhaoine agus lucht na polaitíochta, éirí aníos go measartha gasta má tá siad chun todhchaí níos fearr a chruthú dá bpáistí.
»»»Agus Ardteist na bliana seo beagnach buailte linn, beidh an dream atá ar tí an scoil a fhágáil ciaptha leis an imní. Ach is cóir dóibh siúd ar mian leo freastal ar an ollscoil a bheith ar bís faoin mbliain atá rompu, dar le Johanna Ní Mhurchú. Tá an t-alt seo dírithe ar dhaltaí Ardteiste ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga de.
»»»“Tá lucht na Gaeilge lán go draid le cleasaibh deontasaíochta” a dúirt an Coimisinéir Fiacla le Balor Béimeann, “ach tá port deiridh a gCoimisinéara Teanga seinnte ag Erectus 2011!”
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantair éagsúla, cinn Ghaeltachta san áireamh, le fáil i ngach eagrán de Beo!. An mhí seo: Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall.
»»»Féachann Dónall Ó Maolfabhail ar an rian a d’fhág Cathal Ó hEochaidh, a bhásaigh an mhí seo caite, ar mhuintir na hÉireann.
»»»Bhí de mhíthapa ar Tony Birtill eolas a chur ar dhromchla an bhealaigh oíche amháin i Learpholl le gairid agus a theacht ar thuiscint níos cruinne faoi ghnóthaí tiomána sa chathair sin. Leag tacsaí é agus choinnigh air gan stad. Bíodh cead cainte ag fear caillte na himeartha mar sin.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.