58
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá struchtúr nua ag baint le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, a bhronntar gach bliain ar lucht gnó agus ar eagraíochtaí i nGaillimh a fhéachann leis an nGaeilge a chur chun cinn. Míníonn Gearóidín Ní Ghioballáin ó Ghaillimh le Gaeilge cad iad na forbairtí atá déanta ar an gcomórtas seo i mbliana.
»»»Seo scéal as cnuasach nua gearrscéalta le Gabhán Ó Fachtna, Bás is Beatha ar an Bhóthar Chreagach.
»»»Sa dara cuid de 2002, thosaigh go leor daoine ag rá le Tom Deignan, agus le hiriseoirí eile, go raibh an chaint ar fad sna meáin ar uafás an 11 Meán Fómhair ag cur as dóibh, go raibh sé in am éirí as an chlúdach leanúnach a bhí i gceist go dtí sin.
»»»Déanann Antain Mag Shamhráin a léamh féin ar línte tosaigh ghearrscéal Dhonncha Uí Chéileachair, "Bullaí Mhártain", a foilsíodh ar dtús i 1955.
»»»Tá drochamhras idir an CIA agus an FBI le roinnt mhaith blianta anois ach, mar a mhíníonn Barra Ó Donnabháin, tá iarrachtaí á ndéanamh ó tharla an tubaiste i Nua-Eabhrac ar an 11 Meán Fómhair an scéal a leigheas agus iad a chur ag obair as lámh a chéile.
»»»Beidh spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantar Gaeltachta le fáil i ngach eagrán de Beo. An mhí seo: Gort a’Choirce agus Dún Lúiche.
»»»Ná bí ag caint ar Film Fleá na Gaillimhe ná ar Ghuth Gafa na gConallach ná ar a dhath mar iad. Ag bun thuas an domhain ó dheas a bhí Pat Butler ag scagadh na scannán an iarraidh seo! D’fhreastail sé ar Fhéile Scannáin Sydney, mura mhiste leat.
»»»Léiríonn Brian Ó Broin an chaoi a raibh an cogadh san Iaráic á phleanáil ag baill de chuid an Pháirtí Phoblachtánaigh chomh fada siar le lár na nóchaidí.
»»»Chuir sé neart iontais ar Bhalor nuair a thosaigh ceannaire an DUP ag labhairt Gaeilge leis le gairid.
»»»Tá albam úrnua dar teideal Rógaire Dubh curtha amach ag Lorcán Mac Mathúna. Labhair Antaine Ó Faracháin leis an amhránaí óg ó Bhaile Átha Cliath faoin dlúthdhiosca, agus faoi na foinsí inspioráide atá aige.
»»»Tá an-bhorradh faoin Ghaeilge i nGlaschú faoi láthair, a bhuí sin le craobh de chuid Chonradh na Gaeilge atá lonnaithe in Govanhill, ceantar ina bhfuil roinnt mhaith Éireannach ag cur fúthu go fóill. Labhair Cóilín Ó Floinn le hOifigeach Forbartha na craoibhe.
»»»Tá cur síos an mhí seo ag Diarmaid Mac Mathúna ar chuid de na háiseanna ríomhaireachta atá ar fáil dóibh siúd atá faoi mhíchumas.
»»»Cuidíonn duine thall is abhus le gné éigin de chultúr daoine, cromann agus imíonn ar lár. Chonaic Tony Birtill Nollaig bhog a d’fhág ‘an reilig mhéith’ agus méala ar na Gaeil i Learpholl.
»»»Tá díomá ar Cholm Mac Séalaigh go bhfuil go leor d’údaráis an Chumainn Lúthchleas Gael ar nós cuma liom faoin iomáint.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.