120
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá blianta fada caite ag an Chorcaíoch John Spillane ag iarraidh a bheatha a thabhairt i dtír mar amhránaí proifisiúnta, rud nach bhfuil furasta in Éirinn. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaol sa cheol agus faoina albam nua, atá díreach tagtha amach.
»»»Den dara mí as a chéile, tá an tAire Talmhaíochta, Máire Ní Chochráin, ag roinnt a gcuid gaoise le Balor ina phluais.
»»»Tá Brian Ó Broin i ngrá le Cathair San Francisco go fóill agus é ag rothaíocht amach ar Dhroichead an Órgheata an turas seo. Ní dócha go bhfuil bláthanna fite aige ina chuid gruaige áfach.
»»»Tá comhairle ag Diarmaid Mac Mathúna an mhí seo don té a bheadh ag smaoineamh ar phrintéir nua a cheannach.
»»»In ainneoin roinnt rudaí diúltacha a bheith ráite aige le tamall anuas, tá an chuma ar an scéal go bhfuil Ian Paisley sásta sa deireadh an chumhacht a roinnt le Sinn Féin, a deir Robert McMillen.
»»»Measann Dónall Ó Maolfabhail go bhfuil port an Taoisigh Bertie Ahern seinnte agus go gceapfar duine eile ina áit mar cheannaire ar Fhianna Fáil le linn 2004.
»»»Níl Balor róthugtha don dóigh a scríobhann daoine aon rud is rogha leo ar mheirge ár Maorgachta, ar bhratach ár Soilse, Banríon na Breataine Móire agus Chúilín na hÉireann.
»»»Ar nós mhadadh Pavlov, bhí béal Bhreandáin de Gallaí ag déanamh uisce nuair a thug sé cuairt ar cheantar Charlottetown ar na mallaibh. Tá togha prátaí, gliomach agus sliogán dubh ann, gan trácht ar shiopa seacláide Anne of Green Gables.
»»»Tar éis di bliain a chaitheamh sa Mhaláiv, braitheann Máire Ní Chuagáin go bhfanfaidh ithir dhearg na tíre sin go dlúth ina hanam go deo. San alt seo, insíonn sí dúinn mar gheall ar a seal draíochta thall.
»»»Ghlac AnnMarie Flanagan an deis chun an chéad léiriú san Amharclann na Mainistreach den dráma “Pygmalion” ó George B. Shaw a fheiceáil, agus shíl sí mórán de.
»»»Más mian leat BMW a cheannach ar athláimh, agus a bheith i do Bhímear, cuideoidh an chomhairle a bhreac Daragh Ó Tuama san alt seo leat.
»»»Más mian le RTÉ ardú a fháil sa táille ceadúnais ba chóir don stáisiún srian ceart a chur ar an bhfógraíocht atá dírithe ar pháistí, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill.
»»»Bhí an World Music Exposition i bpríomhchathair na Breataine Bige, Caedydd, faoi Shamhain i mbliana. Bhí lucht ceoil an domhain i bpáirt. Céard a bhí le feiceáil ‘s le cloisteáil ann? Bhí Diarmuid Johnson i measc na dteachtaí thar ceann Beo.ie.
»»»Rinneadh Staidéar Tionchair Teanga le déanaí chun an éifeacht a bheadh ag tógáil eastáit nua tithíochta ar an gCeathrú Rua i gConamara ar an nGaeilge a mheas. Tá Uinsionn Mac Dubhghaill den tuairim, áfach, go bhfuil laigí móra ag baint leis an staidéar seo.
»»»Dearcann Áine Ní Chiaráin siar san alt seo ar thréimhse fhada Éamoin Uí Chuív i mbun gnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.