119
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá réimse i bhfad níos leithne bia le fáil san Astráil na laethanta seo, a bhuí sin leis na hinimircigh atá tagtha chun na tíre ó bhí aimsir an Dara Cogadh Domhanda ann, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá cónaí ar Panu Petteri Höglun in iardheisceart na Fionlainne agus tá ocht dteanga ar a thoil aige, an Ghaeilge ina measc. Sa dara cuid d’agallamh ríomhphoist a chuir Beo! air, déanann sé cur síos, i measc rudaí eile, ar na teangacha ar fad atá aige, tábhacht an idirlín agus a bhfuil i ndán don Ghaeilge, dar leis.
»»»Tá scéal ag Bearnaí Ó Doibhlin ar na mílte saighdiúirí as an Astráil a throid is a thit ar ghort an bhaile lena dtír a chosaint breis is trí scór bliain ó shin. Cosán dearg, a bhféadfaí an dá chiall a roinnt leis an aidiacht sin, a bhí i gCosán Kokoda.
»»»Tá cloch le cur ag Pat Butler le carn Michael Dwyer, a fuair bás ar na mallaibh, sula dtabharfaidh sé géarmheas amach san alt seo ar scannán Peter Jackson, ‘The Lovely Bones’.
»»»Déanann Breandán Delap cur síos ar ré uafáis na ndíormaí sráide i nGlaschú atá nochtaithe i leabhar nua, City of Gangs le Andrew Davies.
»»»Tá farasbarr de scoth na ngalfairí ag éirí aníos in Éirinn le blianta beaga anuas. Tá Colm Mac Séalaigh ag iarraidh adhmad a dhéanamh de nó cá raibh a leithéid go léir roimhe seo?
»»»Ar chaill tú airgead? B’fhéidir gur bheag an méid a chaill tú le hais roinnt den dream saibhir santach ar bhánaigh roinnt cleasaithe thall i SAM iad le hinfheistíocht Ponzi, gné den ‘infheistíocht’, mar dhea, a raibh Brian Ó Broin ag breathnú isteach ann le deireanas.
»»»Tháinig athrú as éadan ar an saol le tamall gairid de bhlianta, saol na teicneolaíochta go háirithe, agus d’athraigh na cúinsí oibre dá réir, mar is eol do Chiarán Mac Aonghusa.
»»»Fiafraíonn Robert McMillen, ar cheart go n-athainmneofaí an 11 sráid atá baiste as Banríon an Bháis, Victoria? Ceart nó mícheart, cuireadh Niall Mac Auslainn a bhundún dearg amach, ní eisean a bheas ina thrúig bháis ag teanga na Gaeilge, a deir Robert.
»»»Bhí Alan Desmond ag iniúchadh scéal mhuintir Batwa, an dream beag daoine san Afraic Láir a dtugtaí Pigmithe orthu. Is geal leo féin an téarma sin anois ach níor geal a saol le tamall fada anuas, nó is lag a seasamh go fóill i measc a gcomharsana.
»»»In ainneoin na bhfadhbanna ar fad atá ag Béal Feirste, braitheann Liz Curtis níos sábháilte ansin faoi láthair ná i Londain.
»»»Ghrinnigh Robert McMillen iompar na bpóilíní deireadh mhí na Samhna. Níl siad ag cuidiú leo féin ach oiread le duine ar bith, dar leis.
»»»Tá amhráin agus filíocht den chéad scoth ar albam nua John Spillane agus Louis de Paor agus is saothar tábhachtach é ó thaobh na Gaeilge chomh maith. Labhair Éamonn Ó Dónaill le Spillane le déanaí, roimh cheolchoirm dá chuid i mBaile Átha Cliath.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.