109
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Tá an mhí-úsáid alcóil ag dul in olcas in Éirinn le deich mbliana anuas, go háirithe i measc an aosa óig. Féachann Dónall Ó Maolfabhail ar na cúiseanna atá leis seo agus ar an díospóireacht atá ar siúl i measc na bpolaiteoirí faoi láthair i dtaobh na faidhbe.
»»»D’éirigh Bob Burke as a phost mar fhiaclóir i mBaltimore, Maryland anuraidh ach ní hionann sin is a rá go bhfuil sé ar tí éirí as a chuid iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn ina thír dhúchais.
»»»Is le seanbhlas a amharcann Balor ar an Nollaig. Ba cheart mála caca a cheangal de thóin Rúdolf nó tá gach díon tí in Éirinn chomh salach le Páirc Chill Airne aige.
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe ar Í Cholm Cille i dtús an tsamhraidh. Ceistíonnn sé an nósmhaireacht atá Comhairle Chontae na Gaillimhe, gan aitheantas a thabhairt do leaganacha Gaeilge na mbailte fearann sa Ghaeltacht.
»»»Tá sé i gceist cuid dlíthe leabhail na hÉireann a leasú gan mhoill agus comhairle preas a bhunú chun monatóireacht a dhéanamh ar na meáin chlóite. Tá an baol ann, áfach, dar le Dónall Ó Maolfabhail, nach mbeidh an chomhairle seo neamhspleách.
»»»Léiríonn suíomh gréasáin NASA na laigí a bhaineann leis an idirlíon mar mheán, mar aon leis na buntáistí, dar le Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Thug Emer Ní Bhrádaigh cuairt ar Ostfriesland na Gearmáine an samhradh seo agus chuaigh an caighdeán maireachtála ansin, agus dearcadh na ndaoine i dtaobh an chomhshaoil, i bhfeidhm go mór uirthi.
»»»Chaith Liz Curtis tréimhse thaitneamhach i nGaeltacht na hAlban níos luaithe i mbliana.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Dónal Kelleher, Coláiste na nGael, Sasana.
»»»Fuair Donncha Ó hÉallaithe an deis tamaillín gearr a chaitheamh ar Oileán Í an mhí seo caite, an t-oileán ar chósta thiar na hAlban, inar a bhunaigh Colm Cille a mhainistir beagnach 1,500 bliain ó shin. Chuaigh an áit i bhfeidhm go mór air.
»»»B’fhéidir go raibh Gráinne Campion ag iarraidh smearadh den ádh a thabhairt léi nuair a bhuail sí le Patrick Clarke lena cheistiú faoi Chraobh Oscailte Pócair na hÉireann 2014 a bhaint ar na mallaibh.
»»»Beidh an chuma chéanna ar go leor de na heitleáin i gceann cúig bliana is fiche, a deir Pádraig Mac Éamoinn, ach tarlóidh go leor forbairtí móra i gcúrsaí eitlíochta mar sin féin – eitiltí hipearsonacha, cuir i gcás.
»»»Tá imní agus fearg ar Tony Birtill mar go bhfuil rudaí gránna, aisteacha agus míchuí á gcur i mbaill áilleachta timpeall Ghleann Cholm Cille. Ach ní hé gur déagóirí ná loitiméirí atá á dhéanamh, ach na forais úd a dhéanann cúram d’oidhreacht na tíre.
»»»D’fhreastail Uinsionn Mac Dubhghaill ar chomhdháil faoi bhunreacht na hEorpa an mhí seo caite agus chuala sé cainteoirí éagsúla ag míniú cad iad na bacanna atá roimh fhiontraithe aonair na hEorpa, bacanna nach bhfuil i gceist sna Stáit Aontaithe.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.