152
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Míníonn Ciara Nic Gabhann cad é mar a fuair deilbhín na nOscar a ainm.
»»»Tá Máire Ní Chuagáin san Afraic faoi láthair, agus beidh sí ag triall ar an Áis níos moille sa bhliain. Sa cheathrú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar an drochaimsir a bhí ann nuair a shroich sí Leosóta, an tír bheag atá timpeallaithe ag an Afraic Theas.
»»»Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Pádraig Mac Gairbheith ar Loch an Iúir i dTír Chonaill.
»»»Mar spárálaí scáileáin na míosa seo tá An Clachán, iarsmalann dhúiche i nGleann Cholm Cille a léiríonn trí chéad bliain de shaol teaghlaigh in iardheisceart Dhún na nGall. (Grianghraif le hIan Edwards.)
»»»Cé gur fear óg fós é an fidléir Oisín Mac Diarmada tá albam aonair agus dhá cheann i gcomhar le ceoltóirí eile eisithe aige cheana féin, agus tá a lipéad féin aige. Chaith Antaine Ó Faracháin seal ina chomhluadar le déanaí.
»»»An mac léinn eachtrannach a íocann táille an-ard le teacht chun na Breataine, maíonn Alan Desmond san alt seo nach mbeidh, is cosúil, fáilte chroíúil roimhe ann feasta.
»»»D’fhéach Balor le comhairle a chur ar an Aire Airgeadais, Charlie McCreepy, le déanaí.
»»»Tá ceithre oiread daoine ag fáil oideachas tríú leibhéal anois ná mar a bhí sna seascaidí ach tá go leor daoine fós nach bhfuil deis acu teacht i dtír ar an réimse leathan cúrsaí atá ar fáil. Measann Emer Ní Bhrádaigh go gcaithfear dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus leis an deacracht atá ann de bharr líon na ndaltaí Ardteistiméireachta a bheith ag titim.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Caroline Nolan, Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Béal Feirste.
»»»Tá ionad i nDoire ag Raytheon, an comhlacht Meiriceánach a tháirgíonn na diúracáin atá á n-úsáid ag na comhghuaillithe san Iaráic. Labhair Liz Curtis le roinnt daoine sa chathair sin atá páirteach i bhfeachtas in éadan an chomhlachta.
»»»An bhfuil sé ‘dotty’ nó ‘intellectually bankrupt’ a bheith ag amharc ort féin barraíocht? Tá ceist nó dhó dúisithe ag an dealbhóir Anthony Gormley, agus d’amharc Ciara Nic Gabhann ar roinnt díobh.
»»»Bhí scríbhneoir The Commitments, The Snapper srl. aniar as Baile Átha Cliath le caint a thabhairt agus le sliocht a léamh as ceann eile dá chuid leabhar i Learpholl. Bhuail Tony Birtill leis sa Chasa Club.
»»»Chuir an tréimhse a chaith sé sna hAlpa le gairid Tony Birtill ag smaoineamh ar na féidearthachtaí atá ann ó thaobh na turasóireachta de in Éirinn agus ar na deiseanna nach bhfuil á dtapú.
»»»Tá baill áirithe d’Fhianna Fáil ag caint ar chomhoibriú níos fearr a chothú idir iad féin agus an SDLP. Fiafraíonn Robert McMillen an bhfuil sé seo ag tarlú de bharr go bhfuil Sinn Féin ag éirí níos láidre mar pháirtí.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.