126
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Tá Noel Burke ar dhuine de na déantóirí boghanna is fearr ar domhan agus tá boinn óir bainte aige i roinnt mhaith comórtas idirnáisiúnta. Labhair Antaine Ó Faracháin le gairid leis an gceardaí seo atá ag cur faoi i gCeatharlach.
»»»Ní beag a bhfuil déanta ag muintir Chamus / Ros Muc a deir Colm Mac Séalaigh linn. Chruthaíodar páirc bhreá imeartha as an gcriathrach féin agus bhí cuma bhreá ar an bpáirc do Chomórtas Peile na Gaeltachta
»»»Ní raibh an Vatacáin ag éisteacht le cosmhuintir na heaglaise agus tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil go gcaithfidh siad aird a thabhairt ar an phobal.
»»»Cáineadh seirbhísí faisnéise na hAstráile i dtuarascáil a foilsíodh le gairid ach measann Dáithí Ó Colchúin gur beag dochar a dhéanfaidh sé seo don rialtas sa chéad toghchán eile.
»»»Tá céim chun tosaigh Apple TV, tairiscint duit féin a léitheoir Bheo! chomh maith le Gradaim Ghréasáin i lár na míosa, go léir faoi thrácht ag Roseanne Smith ina halt thíos.
»»»Tá Mary Beth Taylor ag obair in ionad sláinte i Washington DC do dhaoine as Meiriceá Laidineach. Tá na deacrachtaí céanna ag cuid othar an ionaid sin is atá ag daoine ar ioncam íseal ar fud na Stát Aontaithe.
»»»Níor chaith Liz Curtis agus a cara ach deireadh seachtaine ag dul timpeall Inis Eoghain, ach d’éirigh leo an t-uafás a dhéanamh agus a fheiceáil mar sin féin.
»»»Chaith Maidhc Ó Cathail am ar an mBruach Thiar sa Phalaistín le linn do na húdaráis in Iosrael lonnaitheoirí mídhleathacha a aistharraingt amach as Gaza sa bhliain 2005. Tugann sé cuntas ar chuid dár dúradh agus ar chuid nár dúradh san am agus ó shin i leith.
»»»Cíorann Ciarán Mac Aonghusa siocair na mí-úsáide laistigh den Eaglais Chaitliceach, gné na haontumhachta, gné is féidir a rianú i bhfad siar ach, gné nár thosaigh le tús na Críostaíochta mar sin féin.
»»»Míníonn Úna Nic Gabhann cén fáth a bhfuil oiread measa ar mháithreacha i Meicsiceo, in ainneoin stádas íseal a bheith ag na mná sa tír.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: tinneas, an caidreamh idir mic agus máithreacha.
»»»Chaith Úna Nic Gabhann Lá Fhéile Pádraig i mbliana i mbaile i Meicsiceo ina ndéantar an fhéile sin a cheiliúradh agus bhí an ócáid ní ba bhríomhaire ná ceann ar bith a bheadh ar siúl in Éirinn, dar léi.
»»»Fuair Pat Butler deis an scannán Images (1972) le Robert Altman, an stiúrthóir a fuair bás i mí na Samhna, a fheiceáil i mBaile Átha Cliath arís le déanaí. Tugann sé a léamh féin ar an scannán agus ar Altman mar ealaíontóir san alt seo.
»»»Tar éis don ASTI vótáil in aghaidh glacadh le socrú Bhóthair Haddington, ceapann Donncha Ó hÉallaithe go n-aimseofar bealach éalaithe do na meánmhúinteoirí le deis a thabhairt dóibh tíocht as an tsáinn ina bhfuil siad.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.