73
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Bhuail Alan Desmond isteach i dTeach Laighean d’fhonn agallamh a chur ar an Seanadóir Ivana Bacik. Bean í nár chúlaigh ón chonspóid go luath ina saol agus í, fiú amháin, ag freastal ar an ollscoil ag an am. An bhfuil, nó an mbeidh, an fuinneamh ag fuarú is ag maolú? Conas is féidir cúram teaghlaigh, cúram suí ollaimh le dlí agus cúram an tSeanadóra a fhreastal?
»»»Bhí banfhile ann sa seachtú haois, Líadan, a thit i ngrá le file darbh ainm Cuirithir mac Dobharchon. Is uaithi sin a fhaigheann an “seisear spéirbhan” atá sa ngrúpa ceoil Líadan a n-ainm. Labhair Antaine Ó Faracháin le ball den ghrúpa, Síle Denvir, faoin dlúthdhiosca nua atá díreach eisithe acu agus faoin gcaoi ar tháinig an banna le chéile.
»»»Féachann Antaine Ó Faracháin siar ar bhliain eile a bhí le ceol, comhluadar agus spraoi.
»»»Tá dallamullog á chur fós ag rialtas na hAstráile ar mhuintir na tíre maidir leis an gcogadh san Iaráic, dar le Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá albam úrnua dar teideal Rógaire Dubh curtha amach ag Lorcán Mac Mathúna. Labhair Antaine Ó Faracháin leis an amhránaí óg ó Bhaile Átha Cliath faoin dlúthdhiosca, agus faoi na foinsí inspioráide atá aige.
»»»Bhuail an tAire Talmhaíochta isteach i bpluais Bhaloir le sú a ól agus a cuid gaoise a roinnt leis.
»»»Léiríonn corn gailf san Astráil an ghuagacht a bhain le caidreamh idir an dá thír, Éire agus an Astráil, ar feadh na mblianta fada. Bhí údar ag Bearnaí Ó Doibhlin spéis a chur sa chorn.
»»»Tá an cláirseoir Cormac De Barra ag seinm ceoil go proifisiúnta anois le trí bliana déag anuas. Labhair sé le hAntaine Ó Faracháin faoina chuid oibre sna meáin chumarsáide nuair a bhí sé óg agus faoin saghas saoil atá aige mar cheoltóir.
»»»Níor chuir Babs Céitinn fiacail ina chuid cainte agus é ag trácht ar chluiche na gCat in éadan Áth Cliath. Ní fíor dó a deir Colm Mac Séalaigh. Ní ligeann aon fhoireann, Cill Chainnigh san áireamh, a maidí le sruth san am nach mbraitear an dúshlán rompu rómhór.
»»»Bronnadh duaiseanna Chomórtais Liteartha an Oireachtas sa Cheoláras Náisiúnta ag tús mhí Dheireadh Fómhair. D’éirigh le Sadhbh Ní Cheallaigh, arb as an gCeathrú Rua di, duais chomórtas na hiriseoireachta idirlín a bhuachan. Seo é an t-alt lenar bhuaigh Sadhbh, atá sé bliana déag d’aois, an comórtas.
»»»Léiríonn an borradh faoi na Fíor-Fhionlannaigh agus an fás faoi Pháirtí Saoirse na hOstaire go bhfuil deacrachtaí roimh an Eoraip dar le Ciarán Mac Aonghusa. Is é ‘fear na bó san abar’ a bheas as béal gach éinne feasta.
»»»Tá Balor ag iarraidh dea-chomhairle a chur ar roinnt daoine Mhícheáil Bhaile na Méar, Aire na Fíor-Ghaeltachta, Kim Jung Un agus Joe Ó Brollaigh ina measc.
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantair éagsúla, cinn Ghaeltachta san áireamh, le fáil i ngach eagrán de Beo!. An mhí seo: Loch an Iúir.
»»»Más ait an mac an saol, tá roinnt daoine ag ceapadh gur aite arís saol Osama bin Laden, fear a d’fhág slí seo na bréige ina dhiaidh nach mór naoi mbliana ó shin, ach a eisíonn téipeanna gach re seal ó shin i leith. Tá scéal Osama na draíochta iarbháis seo ag Maidhc Ó Cathail.
»»»Chomh maith le hobair na hacadúlachta i SAM, bhí Brian Ó Broin ag faire go géar ar scéal uisce faoi thalamh ghníomhairí Putin sa chomharsain aige féin. Muintir Uí Mhurchú Gúrdheiv, nár leáigh an t-im ina mbéal riamh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.