145
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Cúpla mí ó shin, bhí daoine an-tógtha le Facebook. Ach anois, dar le Diarmuid Mac Mathúna, níl muinín ag úsáideoirí as an suíomh gréasánaithe sóisialta a thuilleadh.
»»»Tá obair ar siúl le tamall anuas ar bhunreacht don Aontas Eorpach ach, mar a mhíníonn Maolmhaodhóg Ó Ruairc, tá go leor de thíortha an aontais míshásta leis an cháipéis seo.
»»»Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go léiríonn torthaí na dtoghchán athrú san aeráid polaitíochta in Éirinn, a mbeidh tionchar mór aige ar thodhchaí na tíre ar feadh achar fada.
»»»Chaith Tadhg Ó Muiris roinnt mhaith blianta ag foghlaim na Gaeilge ina aonar ach bhí an-leisce air an teanga a labhairt an chéad uair a bhuail sé le cainteoir líofa.
»»»Loiteadh cuid de thaispeántas de chuid arm na Breataine i Learpholl cúpla uair le tamall anuas agus creidtear gur dílseoirí a rinne an damáiste. Cúlra an scéil ó Tony Birtill.
»»»Tá Bríd Ní Mhaoileoin, bean óg as Ros Goill i nDún na nGall ó dhúchas, lonnaithe i nGraz an hOstaire anois, ach bhí sí sa mbaile in Éirinn le déanaí chun a dlúthdhiosca, Ar Mhuin na Muice, a sheoladh. Labhair sí le hAntaine Ó Faracháin.
»»»D’éirigh uachtarán na Brasaíle, Lula, as oifig ar an 1 Eanáir tar éis ocht mbliana a d’athraigh a thír ó bhun go barr. Breathnaíonn Alex Hijmans siar ar shaol agus ar réimeas dhuine de na ceannairí polaitiúla is mó a bhfuil ardmheas orthu ar domhan.
»»»I ndiaidh dó éisteacht leis an Dr. John Reid ag caint i Learpholl le gairid, tá Tony Birtill den tuairim nach bhfuil Státrúnaí an Tuaiscirt sásta dul i ngleic i gceart le ceist na póilíneachta sna Sé Chontae.
»»»Ba thógáil meanman é do go leor daoine Foireann Choláistí Átha Cliath Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann a bhuachan le déanaí ach ní léiriú é an bua sin, dar le Colm Mac Séalaigh, ar staid na hiomána sa phríomhchathair.
»»»Bunaíodh Rua Telecom an bhliain seo caite chun seirbhís teileafóin a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Labhair Bernardine Nic Giolla Phádraig le duine de bhunaitheoirí an chomhlachta, Ruairí Ó Néill, faoi na cuspóirí atá acu.
»»»Tá go leor rudaí suimiúla cloiste agus feicthe ag Liz Curtis ó thosaigh sí ag obair mar rúnaí sealadach i mBéal Feirste.
»»»Beidh TG4 deich mbliana ar an aer oíche Shamhna. Labhair Éamonn Ó Dónaill le Leascheannasaí an stáisiúin, Pádhraic Ó Ciardha, faoin chéad deich mbliana sin, agus faoina shaol féin mar chléireach agus mar scoláire i dtús a shaoil agus sna meáin chumarsáide ina dhiaidh sin.
»»»Chuaigh Balor go nimhe neanta caol gach díreach i ndiaidh ceannaire an Lár-Ghníomhaíocht Faisnéise i Ros Comáin lena chiapadh le ceisteanna.
»»»Beidh na hÉireannaigh i Learpholl an-sásta go deo, dar le Tony Birtill, má cheaptar duine dá gcuid féin mar chomharba ar Mick McCarthy mar bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann. Measann sé nach mbeidh Éamonn Dunphy chomh sásta céanna, áfach.
»»»Tá roinnt ceisteanna tábhachta ag dó na geirbe ag Seán Tadhg Ó Gairbhí. Ceann acu is ea gur Éire ‘an t-aon Stát san Eoraip nach bhfuil an phríomhtheanga oifigiúil riachtanach don Státseirbhís.’
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.