135
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Is bean óg a bhfuil gealladh fúithi í Clíona Ní Chíosáin, as a cuid aisteoireachta mar ‘Aifric’ an chláir theilifíse. Beidh cuimhne uirthi mar dhéagóir, ach caithfear cuimhneamh leis go bhfuil cúig bliana imithe thart ó chuir Clíona agus a comhchliar sa chlár Aifric isteach ar na hagallaimh roghnaithe don chlár ar dtús. Chas Seosamh Mac Muirí léi gar don ollscoil a bhfuil sí ag freastal ar chúrsa céime sna teangacha le cúpla bliain anuas, Maigh Nuat. Labhair sí ar bhronnadh na nduaiseanna IFTA, an saol cathrach, an Ghaeltacht, Raidió na Life agus ar mhórán eile thairis sin.
»»»Spreag cuid oibre na heagraíochta Aisling i Londain an stiúrthóir scannán Tom Collins le scannán a dhéanamh mar gheall ar na himircigh Éireannacha sa chathair sin agus anois, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann, tá seans ann go bhfaighidh an saothar ainmniúchán do Ghradam Oscar.
»»»Tá éirithe le Christoph Wendler an Ghaeilge a fhoghlaim, in ainneoin go bhfuil cónaí air sa Ghearmáin agus gur beag deis a bhí aige ar feadh i bhfad an teanga a labhairt.
»»»Bhí Ciara Nic Gabhann ag caint le lucht ealaíne ó thuaidh a bhfuil roinnt den athrú saoil feicthe acu.
»»»Ní bhítear mar a shíltear. Is léir faoin am seo nár tháinig an borradh céadtach faoin choiriúlacht a rabhthas ag súil leis, scéal a chuir Chiarán Mac Aonghusa spéis ann.
»»»Ógánaigh amhulchacha dífhostaithe gríosaithe faoin teideal ‘Irish’ le daoine a mharú i sráidbhailte bochta na hIaráice agus na hAfganastáine? An mar sháirsint earcaíochta a rachaidh Banríon Shasana ar cuairt go hÉirinn a fhiafraíonn Tony Birtill?
»»»Déanann seantrealamh leictreonach go leor dochair don chomhshaol, ach anois tá an tAontas Eorpach ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá robáil Bhanc an Tuaiscirt tar éis droch-chlú a tharraingt ar ghluaiseacht na poblachta ach, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail, tá sé seo tar éis tarlú go minic ó bhí tús na dTrioblóidí ann.
»»»Bunaíodh Rua Telecom an bhliain seo caite chun seirbhís teileafóin a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Labhair Bernardine Nic Giolla Phádraig le duine de bhunaitheoirí an chomhlachta, Ruairí Ó Néill, faoi na cuspóirí atá acu.
»»»Ghrinnigh Pat Butler fíricí na cáinaisnéise inné agus bhreac roimhe mar a nocht an scéal i rith an tráthnóna. Beidh Mícheál Ó Máirtín saighdte amach chun tosaigh os comhair na meán leis an aoibh is fearr agus dea-leagan an rialtais a chur abhaile ar chách.
»»»Galar gan leigheas, foighid is fearr air. Cibé póit atá ar dhaoine sa tuaisceart, tá Robert McMillen den bharúil nach mbeidh sé furasta a leigheas a dhéanamh.
»»»Tar éis don ASTI vótáil in aghaidh glacadh le socrú Bhóthair Haddington, ceapann Donncha Ó hÉallaithe go n-aimseofar bealach éalaithe do na meánmhúinteoirí le deis a thabhairt dóibh tíocht as an tsáinn ina bhfuil siad.
»»»Seo sliocht as Máire Mhic Ghiolla Íosa - Beathaisnéis le Ray Mac Mánais, beathaisnéis údaraithe Uachtarán na hÉireann. Tugadh cead don údar, múinteoir Gaeilge an Uachtaráin, a dialanna pearsanta a léamh agus dul trína páipéir phríobháideacha. Déanann an leabhar cur síos ar a saol ó rugadh í go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtarán i 1997.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.