120
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
I dtrátha an ama seo gach bliain, bíonn scoláirí na tíre ar bís le fáil amach cén breithiúnas a thabharfar orthu ina dtuairisc scoile. Tugann Breandán Delap a mheas féin ar cad é mar a d’éirigh le baill den Chomhaireacht i gcaitheamh na bliana
»»»Admhaíonn an t-ealaíontóir Steve Mc Queen nach bhfuil sé furasta é a chur ag caoineadh, ach tharla rud dó agus é i mbun radhairc ina scannán Hunger, a chur ag rith ón séit é.
»»»Fliúiteadóir agus píobaire é Seán Ryan as Chicago. Tháinig sé go hÉirinn áit ar thit sé i ngrá le fidléir cumasach as Contae Dhoire darb ainm Clodagh Boylan. Níorbh fhada gur sciob sé leis í anonn go dtí an chathair ghaofar. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin ngrá agus faoin gceol.
»»»Bhuail Robert McMillen le fear de bhunadh na hAirgintíne is de bhunadh Chlann Mhic Lochlainn Anghaile agus na sean-Mhí. Is é Guillermo Mac Loughlin eagarthóir an nuachtáin La Cruz del Sur, nó Crois an Deiscirt, san Airgintín.
»»»Tráth den saol ba ar na poblachtánaigh amháin a bhí an ghráin dhearg ag na haontachtaithe. Ach anois, mar a mhíníonn Robert McMillen, tá siad ag tabhairt faoi naimhde úra – an pobal aerach, lucht na heolaíochta agus lucht labhartha na Gaeilge ina measc.
»»»Tá an cláirseoir Cormac De Barra ag seinm ceoil go proifisiúnta anois le trí bliana déag anuas. Labhair sé le hAntaine Ó Faracháin faoina chuid oibre sna meáin chumarsáide nuair a bhí sé óg agus faoin saghas saoil atá aige mar cheoltóir.
»»»An forbróir bogearraí thú féin, ar nós lucht leanta Google Wave? Tá Roseanne Smith ag faire ar a bhfuil ag titim amach le forbairt na Toinne.
»»»Bíonn airnéis siúlach, mar a thuigeann Diarmuid Johnson go maith tharla gur thaistil sé féin trasna teorainn na Gearmáine le seanuaireadóir a cóiríodh sa bPolainn a bhailiú.
»»»Cé gur cuireadh tús leis an bpeil Astrálach i Melbourne, níl ag éirí go maith le foireann na cathrach sin le roinnt blianta anuas. Táthar ag súil, áfach, go dtiocfaidh feabhas ar an scéal sin, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Easnamh i gcultúr na ceannaireachta airgeadais a d’fhág san fhaopach sinn deir Ciarán Mac Aonghusa linn.
»»»Sliocht as novella le Micheál Ó Conghaile, údar agus foilsitheoir, a bheidh á fhoilsiú san fhómhar.
»»»Tuigeann Balor anois go bhfuil Aon Rí Dlisteanach na hÉireann ar son na Cúise Daingne, na Ceart-Ghaelainne agus na Slachtseanfhocal. Níl an Rí céanna ar son na Vatacáine ná na ‘feiceann’-Eorpa.
»»»Tá míbhuntáistí áirithe ag baint le Barcelona, dar le Máire Ní Chuagáin, ach meallann an chathair ar ais go minic í mar sin féin.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.