124
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Tá tríocha bliain caite ag Cathal Mac Coille i mbun na hiriseoireachta agus tá meas air go forleathan mar scríbhneoir agus mar chraoltóir. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina chuid oibre le RTÉ agus faoi bhfuil i ndán don tseirbhís sin.
»»»Chaill Bearnaí Ó Doibhlin cúpla cianóg le rás capaill san Astráil i mbliana. Má chaill, bhí comhluadar líonmhar ina theannta ó cheann ceann na tíre.
»»»Deir Dáithí Ó Colchúin go raibh na daoine a cháin ionsaí sceimhlitheoireachta Mhaidrid ina dtost nuair a bhí na mílte ag fáil bháis san Iaráic.
»»»Tá fonn ar an Uachtarán Bush níos mó saighdiúirí a chur chun na hIaráice, ach cén áit a bhfaighidh sé iad, a fhiafraíonn Brian Ó Broin, gan dul i dtuilleamaí an choinscríofa.
»»»Más ag santú cúpla cianóg le do thionscnamh féin a chur chun cinn, b’fhéidir go bhfuil eolas ar an bhfoinse maoinithe san alt seo duit le Roseanne Smith. Cuirfidh Kickstarter a fhad leis an ngealaigh féin thú!
»»»An féidir linn leanacht ar aghaidh ag milleadh gach áit inár dtimpeall?An gcomharthaíonn salachar tinneas intinne a bheith orainn mar dhream? Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar an earrach i gConamara, ach deir sé go bhfuil cuid den mhaitheas bainte as an Earrach ag an bplaisteach dubh, fágtha ina ndiaidh ag feilméirí.
»»»Labhair Liz Curtis le fear darb ainm Ivor Neill le gairid, atá ina scipéir ar bhád a théann chun farraige go minic le foireann daoine as gach saghas cúlra.
»»»Measann Dónall Ó Maolfabhail go bhfuil leisce ar na polaiteoirí an sainmhíniú ar an teaghlach a athrú mar go bhfuil an cheist róchonspóideach.
»»»Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag caint le daoine go leor sa Bhruiséil ar na mallaibh. Is cosúil go bhfuil brú mór ar an Taoiseach, Brian Cowen, plean cuimsitheach i dtaobh Chonradh Liospóin a chur os comhair an chéad chruinnithe eile den Chomhairle Eorpach. Ní hé amháin go bhfuil todhchaí an chonartha i gceist, ach tá todhchaí an Taoisigh féin i gceist, dar leis.
»»»Blaisín as leabhar le scríbhneoir aitheanta as na Scigirí atá ag Gabriel Rosenstock anseo.
»»»Theip ar Rialtas Harold Wilson (1964-1970) an deis a thapú chun Trioblóidí Thuaisceart Éireann a sheachaint, dúirt an Dr Kevin McNamara i léacht i Learpholl ar na mallaibh. Bhí Tony Birtill i láthair.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go bhfuil an iomarca béime ar an traenáil i gcás na gcluichí Gaelacha agus go bhfuil seans ann go bhfuiltear ag déanamh an-dochar fisiciúil do na himreoirí.
»»»Bhí Pat Butler ag súil le saothar níos fearr an iarraidh seo ó lámh Roman Polanski.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: tragóid i dteaghlach.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.