89
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is deas an sos faoin Nollaig, ach bíonn oiread sin le déanamh. Cuirimid brú orainn féin le taisteal, le siopadóireacht agus le hullmhúchán san am ba cheart dúinn a bheith ag glacadh sosa. An dtiocfaidh ciall dúinn?
»»»Bhí conspóid ag baint i mbliana arís le Gradam Turner. An dtógtar raic mar gheall ar na saothair a bhíonn ar an ghearrliosta, a fhiafraíonn Ciara Nic Gabhann, díreach chun aird a tharraingt ar ealaín nach gcuirfeadh daoine aon suim inti murach an chonspóid go léir?
»»»Má bhí lúb ar lár i bplean CCÉ, is cosúil go raibh suim trí mhilliun €uro ar tí titim isteach ina gciste fós féin. Deir an tAire Ó Cuív nach raibh próiseas maoinithe Chomhaltas Ceoltóirí Éireann chomh trédhearcach agus ba cheart dó a bheith. Aontaíonn Breandán Delap leis.
»»»Thug ‘gallthochas’ Diarmuid Johnson isteach chuig lámhscríbhinn Ghaeilge in Iarsmalann na Breataine agus an bóithrín iarainn soir go Poznan na Polainne áit ar bhuail sé leis an gCaisideach Bainc.
»»»Fuair Balor, an tIriseoir calma clúiteach, deis roinnt cruacheisteanna a chur ar cheannaire an DUP, Ian Mór an Páiseadóir.
»»»Míníonn Alan Desmond san alt seo gur gnó ollmhór é an gháinneáil daoine gur deacair dul i ngleic leis. Bíonn diachair mhillteanach ag baint leis an gcineál sclábhaíochta seo, faraor.
»»»Ar chaill tú airgead? B’fhéidir gur bheag an méid a chaill tú le hais roinnt den dream saibhir santach ar bhánaigh roinnt cleasaithe thall i SAM iad le hinfheistíocht Ponzi, gné den ‘infheistíocht’, mar dhea, a raibh Brian Ó Broin ag breathnú isteach ann le deireanas.
»»»Tuilleadh gáire a theastaíonn, dar le Mícheál Ó hAodha. Tá sé saor in aisce agus ní fios an leas a dhéanann sé do shláinte agus do réimsí eile i saol an duine.
»»»Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gContae Mhaigh Eo i mbliana agus is é Tadhg Mac Dhonnagáin, arb as Maigh Eo ó dhúchas é, atá roghnaithe mar uachtarán ar an fhéile. Mhínigh sé do Shinéad Ní Ghuidhir cén fáth a bhfuil sé chomh tógtha sin leis an bhféile.
»»»Tar éis di bliain a chaitheamh sa Mhaláiv, braitheann Máire Ní Chuagáin go bhfanfaidh ithir dhearg na tíre sin go dlúth ina hanam go deo. San alt seo, insíonn sí dúinn mar gheall ar a seal draíochta thall.
»»»Chaith John-Paul Mc Carthy súil ar roinnt de bhreitheanna an Bhreithimh Gerard Hogan san Ard-Chúirt le tamall de bhlianta anuas agus an Breitheamh ar thairseach na Cúirte Uachtaraí faoi láthair.
»»»Tá cónaí ar Tony Birtill i Walton i Learpholl, an ceantar arbh as Ken Bigley, an giall a mharaigh grúpa Moslamach san Iaráic an mhí seo caite. Féachann sé ar dhearcadh mhuintir na háite ar an chogadh san Iaráic agus an dóigh a ndeachaigh bás Bigley i bhfeidhm orthu.
»»»Tá fadhb na raimhreachta i measc páistí ag éirí níos measa, fiú i gceantair mar Chontae Liatroma. Tuairisc ó Uinsionn Mac Dubhghaill.
»»»Sníonn síolteagasc an fhoréigin anuas ó ghlúin go glúin agus ar thug tubaiste Vítneam ar mhuintir Mheiriceá, dar le Maidhc Ó Cathail, is é an síolteagasc céanna a tharraing isteach san Iaráic, san Afgánastáin agus go fiú, i spéartha Vasaíriostáin iad.
»»»Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar Queen Street Studios i mBéal Feirste agus labhair sí le Susan McKeever, duine de na healaíontóirí atá ag obair ansin, faoin taispeántas dá saothar sa Waterfront Hall an mhí seo.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.