315
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Níl sé furasta teanga eile a fhoghlaim ná níl an saol sách fada le haon teanga amháin a fhoghlaim i gceart, dar le PJ Mac Gabhann.
»»»Tar éis dó triail a bhaint as an leagan nua de Word a bheas ar an margadh gan mhoill, tá Diarmaid Mac Mathúna den tuairim go gcuirfidh an comhéadan nua atá forbartha ag Microsoft mearbhall ar go leor daoine.
»»»Cíorann Bearnaí Ó Doibhlin, ina alt deiridh ar Beo.ie, ceist chonspóideach atá ag cruthú deacrachta san Astráil chomh maith le háiteanna eile ar domhan.
»»»Labhair Ciara Nic Gabhann le Mark Curran, grianghrafadóir a mbeidh taispeántas dá shaothar le feiceáil i mBaile Átha Cliath i rith mhí an Mhárta.
»»»Déanann Breandán Delap cur síos ar ré uafáis na ndíormaí sráide i nGlaschú atá nochtaithe i leabhar nua, City of Gangs le Andrew Davies.
»»»Níor sileadh deoir in achan áit i Sasana ar bhás Margaret Thatcher, ba léir. Chonaic Tony Birtill cóisir bheag a d’eagraigh dream daoine ar ghort an bhaile aige féin.
»»»Éalaíonn Robert McMillen idir cleith is ursain ón ghiolcaireacht anois is arís le halt a scríobh fúthu siúd nach n-éalaíonn, daoine ar nós ‘Cúige Uladh’ sa PUP.
»»»Agus camchuairt díreach críochnaithe ag Kila, tá Colm Ó Snodaigh ag súil le tréimhse níos ciúine agus níos réchúisí, as a dtiocfaidh inspioráid don cheol úr.
»»»Bhí Alan Desmond ag iniúchadh scéal mhuintir Batwa, an dream beag daoine san Afraic Láir a dtugtaí Pigmithe orthu. Is geal leo féin an téarma sin anois ach níor geal a saol le tamall fada anuas, nó is lag a seasamh go fóill i measc a gcomharsana.
»»»Sa chlár teilifíse “Room 101” (a bhíonn le feiceáil ar BBC 2) faigheann aíonna deis rudaí nach maith leo sa domhan seo a chur isteach sa seomra áirithe sin chun fáil réidh leo. Samhlaíonn Robert McMillen céard a tharlódh dá mbeadh leagan Gaeilge ann den chlár.
»»»Le linn dó bheith i gceannas ar chúrsa siúl sléibhe Oideas Gael i nGleann Cholm Cille an samhradh seo, thug Tony Birtill cuairt ar láithreán atá an-tábhachtach ó thaobh stair an cheantair de agus chuir an droch-chaoi a bhí air an-díomá air.
»»»Admhaíonn Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil sé i ngreim ag galar an tsacair. Is beag a shamhlaigh sé ina óige ghaelach Ghalltachta go mbeadh sé ina bhainisteoir ar fhoireann Ghaeltachta a imríonn an cluiche gallda úd, an sacar. Cuireann sé an locht ar a pháistí!
»»»Tchítear do Robert McMillen gur ag comhaireamh cúinne beag toghthóirí atá ceannaire an DUP in ionad ceannaireacht stuama fhadbhreathnaitheach a thabhairt.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.