138
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Bhí Máire Ní Chuagáin siúlach idir dhá chathair na hAlban. Rachaidh sí ar ais ann amach anseo.
»»»Tá sé i gceist ag an Aire Gnóthaí Pobal, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey moltaí a réiteach sula scoire an Dáil don Samhradh, le toghchán Bhord Údarás na Gaeltachta a chur siar go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le hathstruchtúrú na heagraíochta sin. Lena chois sin, tá súil aige go mbeidh moltaí an fhreasúra agus na n-eagras Gaeilge i leith Dhréachtstraitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge curtha i dtoll a chéile aige i dtrátha an ama chéanna agus go mbeidh leagan leasuithe den straitéis aontaithe ag an Rialtas. Thug sé an méid seo le fios, agus mórán eile chomh maith, in agallamh cuimsitheach le Breandán Delap do BEO!
»»»Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar thoradh an olltoghcháin. Deir sé nach n-athróidh mórán ag deireadh thiar thall, má shocraíonn An Lucht Oibre dul i gComhrialtas le Fine Gael.
»»»Léiríonn torthaí an daonáirimh dheireanaigh nithe suimiúla i dtaobh dhaonra na hAstráile, ina measc, aois na ndaoine agus na teangacha a labhraíonn siad. Ach níl na torthaí cruinn amach is amach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá Terry Moylan ina bhall de Na Píobairí Uilleann le blianta fada. Tá sé fostaithe faoi láthair acu mar chartlannaí. Fear é Terry a bhfuil an-spéis aige sa cheol, sa damhsa agus san amhránaíocht agus tá cúpla leabhar foilsithe aige agus iliomad altanna scríofa aige. Labhair Antaine Ó Faracháin leis le gairid.
»»»Má athraigh chuile shórt le teacht i réim Obama, ní raibh ann ach gal soip mar tá gluaiseacht nua an treo eile ar fud na tíre dar le Brian Ó Broin.
»»»Tháinig Aoife Uí Fhaoláin agus a fear céile ar mhodh aoibhinn éasca le Sceir Mhór na hAstráile a shiúl gan tinneas farraige: ar bord an mhuireitleáin, nó an bád aeir. Is slí thaistil éasca é agus gheobhaidh tú radharc amach ar áille na mara agus ar na hoileáin.
»»»Ceachtanna damhsa ar an sean-nós i mBruíon Buckingham i Londain? Tá, dar le Balor agus tá Fine Gael sásta cionn is nach mbeidh orthu aon fhocal Gaeilge a fhoghlaim ná a labhairt feasta.
»»»Labhair Eva Stack le Breandán Ó hEadhra, duine den bheirt atá i mbun eagrú Féile 2002 a bheas ar siúl i nGaillimh i mí an Mhárta.
»»»Chaith John-Paul Mc Carthy seal ag cíoradh leabhair ar pholaiteoir Briotanach a bhfuil cuimhní go leor faoi in Éirinn, an t-iar-Stát-Rúnaí Gnóthaí Baile, Roy Jenkins.
»»»Bhain Alan Desmond an-sult as breis is scór go leith scannán a fheiceáil le linn Féile Scannáin na Veinéise. Níl sé ach ina thús agus beidh sé ar ais ann.
»»»Chas Colm Mac Séalaigh le réiteoir de chuid Chumann Lúthchleas Gael a bhfuil taithí 25 bliain de réiteoireacht ag gach leibhéal anois aige. D’ainneoin na béicíola agus an díspeagadh go léir, níor chuir sé isteach air cibéard a dúradh nó a scríobhadh tar éis cluiche.
»»»D’fhreastail Uinsionn Mac Dubhghaill ar chomhdháil faoi bhunreacht na hEorpa an mhí seo caite agus chuala sé cainteoirí éagsúla ag míniú cad iad na bacanna atá roimh fhiontraithe aonair na hEorpa, bacanna nach bhfuil i gceist sna Stáit Aontaithe.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.