134
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá ríomhairí ag bailiú eolais go leanúnach faoi úsáideoirí an idirlín agus a gcuid nósanna. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá go leor cainte in Éirinn le cúpla bliain anuas ar na táillí arda atá le híoc acu siúd a bhfuil fón póca acu. Labhair Caoimhe Ní Laighin le hIsolde Goggin, Cathaoirleach an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide, agus an bhean a bhfuil sé mar chúram uirthi iomaíocht a chothú san earnáil teileachumarsáide.
»»»In eagrán mhí na Samhna de [i]Beo![/i], scríobh Bearnaí Ó Doibhlin faoin dóigh a raibh muintir na hAstráile ag súil le hathrú rialtais. Tá an t-olltoghchán anois thart agus tá rialtas nua i réim sa tír. Ach céard a chiallaíonn an t-athrú seo?
»»»Tá sé mar aidhm ag córais nua mar eFlow plódú tráchta i mBaile Átha Cliath a laghdú ach tá Diarmuid Mac Mathúna in amhras faoi chuid de na hathruithe atá i ndán do chomaitéirí na hardchathrach.
»»»Chas Orla Ní Threasaigh, mac léinn cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, leis an Dr. Daniel Bourgeois saineolaí ar theangacha mionlaithe, sa Spidéal le déanaí tar éis dó léacht phoiblí a thabhairt ar “Stiúradh na scoileanna lán-gaeilge: Dúshláin & Riachtanais”.
»»»Tá víris agus péisteanna á scaipeadh go leanúnach ar an idirlíon anois agus níl na comhlachtaí móra bogearraí ag déanamh go leor leis na gnáthúsáideoirí baile a chosaint, dar le Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Measann Robert McMillen go bhfuil líomhaintí á ndéanamh i gcoinne Shinn Féin le tamall anuas chun cur ina luí ar dhaoine nár cheart leasuithe móra a dhéanamh ar an tseirbhís phóilíneachta sna Sé Chontae.
»»»Bhí Balor na Fadfhulaingthe faoi bhrú treoir na Bliana Úire a sholáthar do lucht léite na liarlóige seo, Beo ar Éigean agus é ag iarraidh fanacht glan ar na cantaláin a chuireann a gcuid ama amú á léamh. Is é a gháir chatha feasta: Éalaímis as an Duibheagán!
»»»Bhí aithne mhaith ag Tony Birtill ar Sheán Savage, an ball den IRA a mharaigh fórsaí na Breataine i nGiobráltar fiche bliain ó shin. San alt seo, déanann sé cur síos ar an am a chaith siad le chéile i dTír Chonaill agus i mBéal Feirste.
»»»Aontaíonn Colm Mac Séalaigh leis an tuairim atá ag Liam Mac Grifín nach mbeidh rath ar an iománaíocht i gCúige Uladh go dtí go n-athróidh an Cumann Lúthchleas an córas atá ann faoi láthair.
»»»Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge agus Bhéarla, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: [i]Buaic[/i] (Cois Life), le Dermot Somers. Léirmheas le hAifric Mac Aodha.
»»»Chuir Mícheál Ó hAodha suim i leabhar, Pauper Limerick, a léirigh scéal daoine nach bhfaca mórán sa saol ach cruatain agus drochíde.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoil agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: an caidreamh idir duine óg agus tuismitheoirí.
»»»Tá ceangal le fada ag an Derry Club, eagraíocht dhílseach i Learpholl, leis an Ulster Volunteer Force (UVF), ceangal a dtugann na meáin agus na polaiteoirí neamhaird air, dar le Tony Birtill.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.