175
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Ba é an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin an t-aoichainteoir a d’oscail Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an mhí seo caite in Aonach Urmhumhan. Bhí Seosamh Mac Muirí i measc an tslua agus bhuail sé leis coicís ó shin lena cheistiú faoi shaol Éire na linne seo agus faoi roinnt de na tuairimí spéisiúla a nocht sé sa leabhar is deireanaí óna láimh ‘Capitalising on Culture, Competing on Difference’ (Bradley, F. & Kennelly, James J., 2009).
»»»Ag Scoil Samhraidh Joe Mooney i nDroim Seanbhó i gContae Liatroma an mhí seo caite, bhuail Antaine Ó Faracháin trí thimpiste le beirt den lucht siúil a raibh an-dúil acu sna hamhráin agus fuair sé amach gur ó mhuintir duine acu a bailíodh roinnt amhrán a cuireadh amach ar albam dar teideal Songs of the Irish Travellers (1983).
»»»Tá seanaithne ar Mhaidhc Dainín Ó Sé, go háirithe i measc phobal na Gaelainne agus i measc na gceoltóirí traidisiúnta. Leabhar is fiche atá scríte aige as Gaelainn go dtí seo agus é ag scríobh leis ar a shuaimhneas. Bhuail sé isteach chun cainte le Caitríona Budhlaeir i nDún Chíomháin, Baile an Fheirtéaraigh agus ba léir go raibh féith na scéalaíochta go smior ann. Is ana-chomhluadar é, fear atá lán de bheocht is de chleachtadh. D’eachtraigh sé mar gheall ar a shaol i gCorca Dhuibhne is thar lear agus dhírigh sé isteach ar a chuid scríbhneoireachta agus ar chúrsaí ceoil.
»»»Léirigh pobalbhreith, a foilsíodh le gairid san Irish Times, gur mó tacaíocht Pháirtí an Lucht Oibre i measc an phobail ná mar atá ag aon pháirtí eile faoi láthair. An bhféadfadh níos mó votaí a bheith ag Éamonn Gilmore sa chéad Dáil eile ná ag aon pháirtí eile? Tá Donncha Ó hÉallaithe ag déanamh nach mbeidh, ach go bhféadfadh sé tarlú fós go mbeadh Éamonn Gilmore ina Thaoiseach ar an gcéad Rialtas eile, mura bhfaighidh Fine Gael réidh le Enda Kenny idir an dá linn.
»»»Tá níos mó fíona á tháirgeadh ar fud an domhain na laethanta seo ná mar atá á ól, rud atá ag cothú go leor fadhbanna do thionscal an fhíona san Astráil agus i dtíortha eile. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Tuigeann Colm Mac Séalaigh nach fiú a bheith ag béiceach nó ag búireach ar an moltóir peile nó iománaíochta. Caithfear iompar na bpeileadóirí a athrú agus caithfear saol na réiteoireachta a athrú. Ní féidir a bheith ceart i gcónaí i mbreithiúnas ar eachtra agus tú ag ceann eile na páirce imeartha nuair a thit sé amach. Luíonn freagracht an athraithe ar gach éinne i réimsí éagsúla spóirt.
»»»Tá saol na mbochtán le hathrú san Astráil, dar le Bearnaí Ó Doibhlin. Tá gach cuma ar an scéal go ngníomhóidh an Príomh-Aire, Kevin Rudd, ar bhonn náisiúnta agus go háitiúil le deireadh a chur le heaspa dídine san Astráil.
»»»Tá cúpla mí caite ag Antaine Ó Faracháin ag eagrú Sheachtain na Gaeilge, a bheas ar siúl idir 10-17 Márta. Tugann sé eolas anseo faoi na príomhimeachtaí a bheas ar siúl i mBaile Átha Cliath i mbliana.
»»»Míníonn Maidhc Ó Cathail thíos gur athraigh Snopes focal tábhachtach in alt, gan ainm údair ná foinse luaite leis, a chrochadar as al-Manar, craoltóir satailíte sa Liobáin. Ní fhaca ‘Snopes’ aon cheo amhrais sa dream nár thug aghaidh ar a n-ionad oibre maidin 9/11.
»»»Chuir Gabriel Rosenstock leagan Gaeilge de shliocht as téacs Sanscraite (nó ‘sainscríobh’) an Ashtavakra Gita ar fáil dúinn. Is maith an t-ábhar machnaimh ag duine é i ré seo an leithleachais. Tá sé le foilsiú i leabhar an bhliain seo chugainn.
»»»I ngan fhios don saol is fearr a bheith ann in amanna. Bhí Mícheál Ó hAodha ag amharc ar an tsiocair gur fearr le creidimh sní faoin talamh scaití.
»»»Tá an saol ag athrú agus ní hiontas go bhfuil dearadh na teicneolaíochta ag tolgadh ar aghaidh go sciobtha. Cuid dár mhol Roseanne Smith anuraidh, scoitheadh idir an dá linn é.
»»»Más mian le RTÉ ardú a fháil sa táille ceadúnais ba chóir don stáisiún srian ceart a chur ar an bhfógraíocht atá dírithe ar pháistí, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill.
»»»Ní fios na deiseanna atá ag teacht ar an margadh lá i ndiaidh lae. Tá Roseanne Smith an-sásta le roinnt acu, le Raspberry Pi go háirithe agus tá súil aici lena hionad meáin féin amach anseo.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: tinneas, an caidreamh idir mic agus máithreacha.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.