206
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is minic a bhaintear mí-úsáid as an fhocal "ildánach" ach bheadh sé oiriúnach go maith mar fhocal le cur síos a dhéanamh ar Cholm Ó Snodaigh, an ceoltóir ón ghrúpa Kíla. Seinneann Ó Snodaigh an fhliúit agus roinnt uirlisí eile, scríobhann sé ceol agus amhráin, is gearrscéalaí é agus tá obair raidió déanta aige freisin. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaol suimiúil.
»»»Is maith is aithin le muintir na tíre Cathy Jordan agus Dervish as na blianta ceoil agus as dlúthdhioscaí a eisiúint, gan trácht ar a n-iarracht ar son na hÉireann ag an Eoraifís i Helsinki cúpla bliain ó shin. Is cuimhin le roinnt d’éisteoirí RnaG an dóigh a raibh Cathy in ann gáire le Rónán Mac Aodha Bhuí ar a chlár go gairid i ndiaidh na hEoraifíse. Bhuail Seosamh Mac Muirí léi ar na mallaibh lena ceistiú féachaint cá bhfuil sí féin agus Dervish ar na saolta seo. Bhí sé le hinsint aici, i measc rudaí go leor eile, go mbeidh dlúthdhiosca á sheoladh aici in éineacht le Séamie O Dowd agus le Rick Epping i lár na míosa seo.
»»»Tá eolas cruinn ag Laoise Ní Bhéimis dúinn ar an tslí a bhfuil rugbaí na mban in Éirinn faoi láthair, tharla go bhfuil taithí na mblianta aici féin ar imirt an rugbaí ar gach leibhéal ón gclub go dtí an fhoireann idirnáisiúnta.
»»»Tá sé tugtha faoi deara ag Alan Desmond, atá ag cur faoi sa Pholainn, gur minic a dhéanann muintir na tíre tagairt d’éagóracha a rinneadh orthu san aois seo caite.
»»»Ag Scoil Samhraidh Joe Mooney i nDroim Seanbhó i gContae Liatroma an mhí seo caite, bhuail Antaine Ó Faracháin trí thimpiste le beirt den lucht siúil a raibh an-dúil acu sna hamhráin agus fuair sé amach gur ó mhuintir duine acu a bailíodh roinnt amhrán a cuireadh amach ar albam dar teideal Songs of the Irish Travellers (1983).
»»»Bhí Ciara Nic Gabhann ag caint le Michael Doherty, ailtire agus ealaíontóir as Béal Feirste a bhfuil bonn faoi thiar i gcondae a shinsir, Tír Chonaill, le tamall de bhlianta. Tá lorg Conallach ar a shaothar faoin am seo, lorg a fheicfear ag an taispeántas ‘Seacht mBliana i nGleann Cholm Cille’ a osclófas i mBéal Feirste tús na míosa seo.
»»»Thaitin an chuairt a thug sí ar Ros Maircnigh ar chósta thoir na hAlban go mór le Liz Curtis.
»»»Tá seirbhísí rúnda na Breataine gníomhach i bPoblacht na hÉireann le fada agus tá go leor ceisteanna le freagairt maidir leis an gcomhoibriú idir iad féin agus fórsaí slándála an stáit, dar le Dónall Ó Maolfabhail.
»»»Shonraigh John-Paul Mc Carthy tagairtí ar leith sna haithisc a thug an tUachtarán Michael D. Ó hUiginn le linn a chuairte ar Mheiriceá le déanaí.
»»»Tagann ceoltóirí mór le rá ó gach cearn den domhan le chéile gach bliain le bheith páirteach in Celtic Connections, féile a dhéanann ceol Ceilteach – agus ceol eile nach é – a cheiliúradh. Labhair Robert McMillen le stiúrthóir na féile, Donald Shaw, le gairid.
»»»Tugann Éamonn Ó Dónaill eolas mar gheall ar chúrsa nua iarchéime, MA sa Ghaeilge Fheidhmeach, atá á thairiscint ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, i gcomhar lena chomhlacht féin.
»»»Tearmann is ea Cumann Lúthchleas Gael do mhuintir na hÉireann: sin a deir Éamonn Mac Suibhne ina leabhar nua faoin mbóthar go Páirc an Chrócaigh. Léigh Colm Mac Séalaigh an saothar le gairid.
»»»D’fhreastail Uinsionn Mac Dubhghaill ar chomhdháil faoi bhunreacht na hEorpa an mhí seo caite agus chuala sé cainteoirí éagsúla ag míniú cad iad na bacanna atá roimh fhiontraithe aonair na hEorpa, bacanna nach bhfuil i gceist sna Stáit Aontaithe.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.