85
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá Aled Eirug, Ceannasaí Nuachta agus Cúrsaí Reatha le BBC na Breataine Bige, i ndiaidh tuarascáil a scríobh faoin chraoltóireacht trí Ghaeilge i dTuaisceart Éireann, tuarascáil a mbeidh an-tionchar aici ar earnáil na teilifíse sna blianta atá amach romhainn. Labhair Robert McMillen leis le gairid.
»»»Tá go leor de phobal na Stát Aontaithe an-bhuartha faoi chúrsaí slándála agus níl ag éirí leis an Uachtarán Bush iad a chur ar a suaimhneas, dar le Brian Ó Broin.
»»»Tá eolas cruinn ag Laoise Ní Bhéimis dúinn ar an tslí a bhfuil rugbaí na mban in Éirinn faoi láthair, tharla go bhfuil taithí na mblianta aici féin ar imirt an rugbaí ar gach leibhéal ón gclub go dtí an fhoireann idirnáisiúnta.
»»»Is as Frankfurt na Gearmáine é Marcus Metz ach tugann sé cuairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall oiread agus is féidir leis.
»»»Ba chóir amharc ar an inimirceach le barr trua in áit a bheith á gheimhliú dar le Bearnaí Ó Doibhlin. Ní chóir don Astráil a bheith i dtuilleamaí ‘oilbhéim an naíonán thar bord’ dar leis, eachtra thruamhéala as ar tharraing John Howard uisce ar a mhuileann féin.
»»»Tá an file faoi ghlas agus níl cead aon ní a bhreacadh ar bhalla, ar phár ná ar scáileán, i mbliana 2030, mar a thuigeann Gabriel Rosenstock go rímhaith is go ródhéanach.
»»»Téann Beo! ar thuras thart ar chósta na Gaeltachta i spárálaí scáileáin na míosa seo.
»»»Beidh níos mó deiseanna ag dreamanna in Éirinn agus in Albain bheith ag comhoibriú lena chéile sna blianta atá amach romhainn agus tá Robert McMillen den bharúil go bhféadfadh sin dul go mór chun sochair do shochaí Thuaisceart Éireann.
»»»Ag tabhairt faoi dhá thaobh na Dála atá Balor an t-am seo, an taobh thuas agus an taobh thíos, nó lena rá ar bhealach eile, an Tuí a D’fhill Balbh agus an Tuí a D’fhill Daoi.
»»»Sa Bhrasaíl, is mó ná riamh an tóir atá ar na creidimh atá bunaithe ar úsáid tae Santo Daime – nó Ayahuasca, mar is fearr aithne air san Eoraip. Chuaigh Alex Hijmans go dufair na hAmasóine chun blaiseadh den tae rúndiamhrach seo.
»»»Le linn di a bheith i nGaeltacht Chiarraí an samhradh seo caite, labhair Liz Curtis le Máire Uí Shíthigh ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne faoin obair atá idir lámha ag an chomharchumann sin.
»»»Is ait an mac na CyberDissidents ach iniúchadh a dhéanamh faoina bhfuil ar a gcúl, siar chomh fada le Estée-Lauder, mar a rinne Maidhc Ó Cathail.
»»»Bhí cogadh gairid ar siúl sa tSeoirsia i rith an tsamhraidh, agus mar is iondúil, níor chuala muid ach leath an scéil sna meáin. Tá tuilleadh eolais ag Maidhc Ó Cathail faoin gcoimhlint seo agus faoin gcaidreamh casta idir Seoirisa, na Stáit Aontaithe agus Iosrael.
»»»Bhí an World Music Exposition i bpríomhchathair na Breataine Bige, Caedydd, faoi Shamhain i mbliana. Bhí lucht ceoil an domhain i bpáirt. Céard a bhí le feiceáil ‘s le cloisteáil ann? Bhí Diarmuid Johnson i measc na dteachtaí thar ceann Beo.ie.
»»»Beidh an chuma chéanna ar go leor de na heitleáin i gceann cúig bliana is fiche, a deir Pádraig Mac Éamoinn, ach tarlóidh go leor forbairtí móra i gcúrsaí eitlíochta mar sin féin – eitiltí hipearsonacha, cuir i gcás.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.