159
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Tá bunadh Wentworth i New South Wales an-cheanúil ar tharracóirí Ferguson, agus tá cúis mhaith go bhfuil sé sin amhlaidh, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá eolas cruinn ag Laoise Ní Bhéimis dúinn ar an tslí a bhfuil rugbaí na mban in Éirinn faoi láthair, tharla go bhfuil taithí na mblianta aici féin ar imirt an rugbaí ar gach leibhéal ón gclub go dtí an fhoireann idirnáisiúnta.
»»»Má bhí lúb ar lár i bplean CCÉ, is cosúil go raibh suim trí mhilliun €uro ar tí titim isteach ina gciste fós féin. Deir an tAire Ó Cuív nach raibh próiseas maoinithe Chomhaltas Ceoltóirí Éireann chomh trédhearcach agus ba cheart dó a bheith. Aontaíonn Breandán Delap leis.
»»»Ní cúis iontais é, dar le Breandán Delap, go bhfuil Rialtas na hÉireann sásta ligean deitleáin mhíleata de chuid na Stát Aontaithe Aerfort na Sionna a úsáid, nuair a chuirtear san áireamh an méid postanna atá cruthaithe ag comhlachtaí Meiriceánacha sa tír.
»»»Chuir Seán Greif aithne bheag ar mhuintir Agua Preta san Amazóin ach níorbh aon ribín réidh a ghabháil a fhad leo in Agua Preta. B’iomaí scríob a bhí idir é agus a cheann scríbe.
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe i láthair ag seoladh an straitéis is deireanaí ag an rialtas chun an Ghaeilge a shlánú sa nGaeltacht, ach ceapann sé go bhfuil an cath caillte sa nGaeltacht de dheasca an chur chuige atá molta.
»»»Tá cúpla mí caite ag Antaine Ó Faracháin ag eagrú Sheachtain na Gaeilge, a bheas ar siúl idir 10-17 Márta. Tugann sé eolas anseo faoi na príomhimeachtaí a bheas ar siúl i mBaile Átha Cliath i mbliana.
»»»Tá go leor conspóide cothaithe in Éirinn agus i dtíortha eile le tamall anuas ag an suíomh gréasáin RateMyTeachers. Féachann Mary Beth Taylor, ar múinteoir í féin atá luaite ar an leagan Éireannach den suíomh, ar na cúiseanna go bhfuil múinteoirí ar deargbhuile mar gheall air.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Deirdre Ní Thuathail, Cló Iar-Chonnachta, foilsitheoirí leabhar agus ceoil (Indreabhán, Conamara).
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantair éagsúla, cinn Ghaeltachta san áireamh, le fáil i ngach eagrán de Beo!. An mhí seo: Gort an Choirce, Contae Dhún na nGall.
»»»Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag caint le daoine go leor sa Bhruiséil ar na mallaibh. Is cosúil go bhfuil brú mór ar an Taoiseach, Brian Cowen, plean cuimsitheach i dtaobh Chonradh Liospóin a chur os comhair an chéad chruinnithe eile den Chomhairle Eorpach. Ní hé amháin go bhfuil todhchaí an chonartha i gceist, ach tá todhchaí an Taoisigh féin i gceist, dar leis.
»»»Ní mhairfidh an cló go deo a deir Ciarán Mac Aonghusa. Is buan an inscríbhinn ar an leic, ach ní buan ar an nuachtán, is léir, más leideadh ar bith a bhfuil tite amach sna Stáit Aontaithe. Tá an ciorrú ag teacht i bhfeidhm abhus. Chaithfeadh sé teacht. Níl gnó na fógraíochta ann mar a bhíodh.
»»»Ní hionann saol mhac léinn na linne seo agus an saol ollscoile a chonaic Breandán de Gallaí nuair a d’fhreastail sé ar an tríú leibhéal fiche bliain ó shin. Tá sé buartha tharla é a bheith faoi bhrú aistí a scríobh faoi láthair, deich gcinn acu in achar iontach gairid. Déanfar a bhfuil le déanamh, deir sé.
»»»Bhí John-Paul Mc Carthy ag póirseáil trí leabhar Dhónaill Mhic Amhlaigh, Dialann Deoraí, le blaiseadh de shaol na seanimirce as Éirinn ó dhuine a d’fhág cuntas foirfe ina dhiaidh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.