148
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Cloiseann muid i gcónaí na drochscéalta faoi na Sé Chontae, ach measann Robert McMillen gur ábhar dóchais an méid atá ag titim amach i mbaile i dtuaisceart Aontroma.
»»»Ní fear mór cearrbhachais é Brian Ó Broin ach bhain sé an-sult as sciuird a thug sé ar Atlantic City le deireanas.
»»»Bhí Galt Barber, ceoltóir agus cláraitheoir ríomhaireachta a bhfuil cónaí air i gCalifornia, ocht mbliana is fiche sular chuala sé trácht ar an Ghaeilge. Luigh sé isteach ar fhoghlaim na teanga ag an am sin agus tá líofacht bainte amach aige, in ainneoin nach raibh sé in Éirinn ach uair amháin. Sa dara cuid seo dá alt, labhraíonn sé faoin turas sin go hÉirinn.
»»»Tá albam nua de cheol uirlise,"Draíocht”, díreach eisithe ag beirt cheoltóirí óga, Micheál Ó Ruanaigh agus June Ní Chormaic. Bhuaigh June gradam TG4, Ceoltóir Óg na Bliana, i 1998 agus tá Micheál ar dhuine de na cláirseoirí is fearr in Éirinn. Labhair Antaine Ó Faracháin leis an lanúin óg seo, a bheas ag pósadh go luath, féachaint cén chaoi a dtéann saol an ghrá agus saol an cheoil le chéile.
»»»Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Niall Mac Eachmharcaigh ar Rann na Feirste i dTír Chonaill.
»»»Tá cáil bainte amach ag Muireann Nic Amhlaoibh le roinnt blianta anuas mar amhránaí agus ceoltóir leis an ghrúpa traidisiúnta Danú. Anois, áfach, agus sos fada á thógáil ag an ghrúpa, tá deis ag Muireann a halbam nua a phoibliú agus cur lena taithí. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin dúshlán nua ina saol.
»»»Cad é a shantaigh Greta Garbo i gceantar Loch Gartáin? Tá dráma bunaithe ar a cuairt go Dún na nGall a scríobhann Ciara Nic Gabhann.
»»»Tá meas mór ag Ciara Nic Gabhann ar shaothar beirt ealaíontóirí as Meicsiceó atá ar taispeáint faoi láthair in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath.
»»»Ní thig leis an tír seo teacht i dtír ar thurasóireacht siúlóide gan dul i ngleic le ceisteanna a bhaineann le cearta fánaíochta dar le Breandán Delap
»»»Bhuaigh Gabriel Rosenstock turas timpeall an domhain do bheirt an bhliain seo caite. Chaith sé féin agus a bhean Eithne nach mór trí mhí ag taisteal agus thug siad cuairt ar shé thír éagsúla san Áis, i Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas. Sa sliocht seo as leabhar atá á scríobh aige faoi na heachtraí a tharla dóibh le linn an turais, tá cur síos aige ar an tSeapáin, an tríú tír ar stop siad inti.
»»»Tá imní ar Cholm Mac Séalaigh go bhfuil an diantraenáil agus an líon mór cluichí ag déanamh dochair do na himreoirí is fearr peile agus iománaíochta.
»»»Rithim toinne an ní a bhraitheann Colm Ó Snodaigh mar chroílár an cheoil. Rithim, mar a chéile, a bhraitheann Bruce Damer atá i gcroílár taighde eolaíochta ar bhunábhar an domhain.
»»»Tá samhradh gnóthach i ndán do Cholm Ó Snodaigh agus do cheoltóirí eile an ghrúpa Kíla.
»»»Bhí díomá ar go leor daoine nuair a dhún caife Ghael Linn i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite. Ar an dea-uair, áfach, doscail caife Gaeilge eile i lár na cathrach i dtrátha an ama chéanna. Thug Caoimhe Ní Laighin cuairt ar an gcaife seo agus labhair leis an mbainisteoir, Úna Nic Gabhann.
»»»Anois ar theacht an tsamhraidh, beidh Pól Ó Muirí níos cruógaí ná mar a bhíonn de ghnáth. Agus níl éalú ar bith i ndán dó agus na páistí ar saoire ón scoil!
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.