131
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is iomaí duine a tháinig faoi dhraíocht áilleacht na coille. Ní taise do PJ Mac Gabhann é mar tá sé faoi dhraíocht na coille gar don áit a bhfuil sé ag cur faoi, St. Germain-en-Laye.
»»»Tá an chuma ar an scéal go ndaorfar chun báis cuid de na hAstrálaigh a gabhadh le déanaí i mBali agus hearóin ina seilbh. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Is ráiteas teangeolaíochta, dearfach nó diúltach, agus is eachtra teanga gach méar eolais a leagfaimid súil air i rith an lae. Tugann Maura Lynskey aird i dtólamh ar fheiceálacht na teanga seo ar chomharthaí bóthair na tíre.
»»»Agus Ardteist na bliana seo beagnach buailte linn, beidh lucht fágála na scoile ciaptha leis an imní. Ach is cóir dóibh siúd ar mian leo freastal ar an ollscoil a bheith ar bís chomh maith faoin mbliain atá rompu, dar le Johanna Ní Mhurchú[/author/]. Tá an t-alt seo dírithe ar dhaltaí ardteiste ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga de.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Dorothee Uí Cheallaigh, Ionad Foghlama Chléire, Oileán Chléire, Contae Chorcaí.
»»»D’fhág Liz Curtis Béal Feirste ina diaidh i lár mhí Iúil agus d’imigh sí ar thóir faoisimh ó theannas na cathrach sin.
»»»Clár raidió a thug ar Tony Birtill súil a chaitheamh ar cheisteanna an Drochshaoil le déanaí. Ba mhaith leis aitheantas cuí a thabhairt don mhilliún Éireannach a tháinig i dtír ina chathair féin, Learpholl, i rith an Drochshaoil.
»»»Mhúscail an reifreann ar na mallaibh spéis John-Paul Mc Carthy i gcaingean Crotty v An Taoiseach 1986, agus sheol i mbun léamh an bhreithiúnais é.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Pól Ó Frighil, An Gaeláras, Doire.
»»»Ní aontaíonn Donncha Ó hÉallaithe leo siúd a chreideann gur tubaiste a bhéas ann má chuirtear deireadh le Gaeilge éigeantach sa gcóras oideachais.
»»»Tá Alan Desmond le sraith de chuntais ghearra ar mhionlaigh eitneacha éagsúla timpeall an domhain a roinnt linn. Ní dhéantar mórán tráchta sna meáin ar na mionlaigh seo. Tá sé ag díriú a aird an mhí seo ar na Carainn i mBurma.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: tinneas.
»»»Ó mhachairí gailf go spealadh Neascóidí ar fud na hEorpa, bíonn a shá le déanamh ag Balor, ach a theacht slán ó Chumann Meyrickmen a chruinnigh ina dtreibheanna i nGaillimh deireadh mhí Eanáir.
»»»Beidh Féile Litríochta IMRAM ar siúl i mBaile Átha Cliath idir 10 agus 15 Deireadh Fómhair. Déanann duine de lucht eagraithe na féile, Liam Carson, cur síos ar chuid de na himeachtaí atá ar chlár na bliana seo.
»»»Ní hannamh scéalta i meáin nuachta Cheanada faoi ionsaithe ar a chuid saighdiúirí in Kandahar i ndeisceart na hAfganastáine. Áit a mbíodh iomrá le misin na saighdiúirí Ceanadacha faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, tá sé ag dul i gcion ar phobal Cheanada de réir a chéile go bhfuil athrú suntasach ar ról a airm, a scríobhann Pádraig Ó Siadhail i Halifax na hAlban Nua.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.