109
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
I ndeireadh an lae ba ar Inspector Jacques Clouseau is mó a smaoinigh Breandán Delap seachas ar Sherlock Holmes nuair a rinne sé scagadh ar an taighde is déanaí faoin teanga a foilsíodh san iris The Economic and Social Review.
»»»Tá praghas na dtithe tar éis ardú seacht déag faoin déag le roinnt míonna anuas sa Spáinn agus níl aon dóchas ag Carmen Rodríguez go dtiocfaidh feabhas ar an scéal seo.
»»»Tar éis dhó breathnú ar an mír faoin dteideal ‘An Ghaeilge agus an Ghaeltacht’ atá i gClár an Chomhrialtais, tá 10 moladh le déanamh ag Donncha Ó hÉallaithe le cur os comhair Dinny Mc Ginley, an tAire Stáit ar a bhfuil cúramaí na Gaeilge is na Gaeltachta curtha.
»»»Tá Oireachtas na bliana seo ar siúl sa Daingean i gContae Chiarraí. Chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte le Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir na féile.
»»»Tá Liam B de Freinse ar dhuine de na healaíontóirí ilmheáin is rathúla in Éirinn ach ní leor iad na dearcealaíona amháin don fhear as Ard Eoin i mBéal Feirste - is file, scríbhneoir, dealbhadóir agus is fear déanta scannán é chomh maith. Chuaigh Robert McMillen chun cainte leis, féachaint cad é a thiomáin chun ealaíne é, nó arbh é gur thit sé isteach ann gan an-mhórán údair. Tá Liam B de Frinse ar dhuine de na healaíontóirí ilmheáin is rathúla in Éirinn ach ní leor iad na dearcealaíona amháin don fhear as Ard Eoin i mBéal Feirste - is file, scríbhneoir, dealbhadóir agus is fear déanta scannán é chomh maith. Chuaigh Robert McMillen chun cainte leis, féachaint cad é a thiomáin chun ealaíne é, nó arbh é gur thit sé isteach ann gan an-mhórán údair.
»»»Más mian leat saol breá sócúlach a bheith agat agus post le seasmhacht agus teacht isteach rialta, ná bí i d’ealaíontóir - sa tír seo go háirithe. Sin an rud a rith liom tar éis dom bualadh leis an phéintéir óg Rachel Kierans as Baile Átha Cliath.
»»»Casadh curadh domhanda luas-scátála, Éireannach, ar Tony Birtill anuraidh, ach is ar fhoireann na hÍsiltíre atá sí.
»»»Tá sliocht eile ag Tony Birtill le cur sa chuntas faoin ‘tsaoirse gan só’ ar bhruach thoir Mhuir Éireann. An scéal nár insíodh agus an scéal a séanadh, scéal na Gaeilge i Learpholl.
»»»Fuair Liz Curtis léargas níos fearr ar an phobal dílseach le linn di a bheith ag obair mar rúnaí sealadach ar Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste.
»»»Cuimhníonn Colm Ó Snodaigh siar ar bhás cara leis i dtrátha an ama seo anuraidh.
»»»Féachann Pat Butler ar na tuairiscí a bhí le fáil sna meáin chumarsáide mar gheall ar dhúnmharú Denis Donaldson an mhí seo caite.
»»»Chaith Mícheál Ó hAodha súil ar an dóigh a shiúlann aigne lucht déanta scannán ár linne, Michael Haneke, na deartháireacha Dardenne agus mórán nach iad, i leabhar le Dara Waldron, Cinema and Evil: Moral Complexities and the Dangerous Film.
»»»Tá baill áirithe d’Fhianna Fáil ag caint ar chomhoibriú níos fearr a chothú idir iad féin agus an SDLP. Fiafraíonn Robert McMillen an bhfuil sé seo ag tarlú de bharr go bhfuil Sinn Féin ag éirí níos láidre mar pháirtí.
»»»Measann Colm Mac Séalaigh gurb é an dúshlán is mó a bheas roimh an Stiúrthóir Náisiúnta Iománaíochta, atá le ceapadh go luath, ná dearcadh daoine i gCumann Lúthchleas Gael maidir leis an iománaíocht a athrú.
»»»Spéis agat sa Toyota Avensis, ar athláimh? Bhí Daragh Ó Tuama á fhéachaint agus cé go raibh doghrainn ag baint le roinnt acu le gairid, tá sé sásta leis an gcarr seo.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.