178
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá aitheantas bainte amach ag an fhile Cathal Ó Searcaigh ní hamháin i measc lucht léite na filíochta in Éirinn, ach in go leor tíortha eile chomh maith. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónail faoi chiúinchónaí cois sléibhe i nDún na nGall, faoina shaol mar fhile agus a ghrá do Neipeal.
»»»Tá leabhar díreach léite ag Tom Deignan faoi Phrotastúnach mná as na Stáit Aontaithe a tháinig i dtarrtháil ar na hÉireannaigh ar an dá thaobh den Aigéan Atlantach i mblianta an Ghorta Mhóir.
»»»Bhuail Gráinne Campion le Breandán Ó hEaghra ón ngrúpa ceoil Rís, fear atá sáite i ngnéithe den cheol le blianta, ón chumadóireacht go tráchtaireacht, agus fear a bhfuil a ghnó féin bunaithe le bliain anuas. Tuigeann Gráinne nach furasta tráchtaire a chur ón tráchtaireacht.
»»»Tá Robert Harvey ag staidéar i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath ar an gcúrsa B.Mus.Ed. Ba mhaith leis a bheith ina mhúinteoir ceoil amach anseo i meánscoil éigin i gContae Laoise, an áit arb as dó. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoina chuid staidéir agus faoina chúlra sa cheol traidisiúnta.
»»»Bhí Ciara Nic Gabhann i láthair ag seoladh Chultúrlann Uí Chanáin i nDoire le gairid. Ní fios go fóill an tairbhe chultúir agus teanga a spréafas i measc an phobail as an ionad áirgiúil seo sna blianta amach romhainn.
»»»Ba chúis bhróid do mhuintir na hÉireann agus do mhuintir Phoblacht na Seice é an deilbhín beag órga a bronnadh ar Glen Hansard agus Irglova le déanaí. San alt seo, insíonn Caoimhe Ní Laighin dúinn mar gheall ar an scannán álainn [i]Once[/i] a raibh an bheirt acu páirteach ann. Tá an t-alt seo dírithe ar dhaltaí Ardteistiméireachta ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga de.
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantair éagsúla, cinn Ghaeltachta san áireamh, le fáil i ngach eagrán de Beo!. An mhí seo: Gaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall.
»»»Is mór an gar an leabhar agus an siopa leabhair mar a gcéanna a deir Ciarán Mac Aonghusa linn ina alt ómóis seo don léitheoireacht. Ní léitheoireacht go léamh leabhair, nó ní hionann an focal cló agus an focal scáileáin. Ní sásamh go mothú an chlúdaigh ná ní barr feabhais go boladh an pháir.
»»»Tá an leac oighir ag leá thar mar a bhí riamh cheana le cuimhneamh an duine agus tá oileáin oighir ag síneadh amach ar an snámh thar mar a raibh súil ag éinne leo. Tuigeann Tomás Ó hAodha go bhfuilimid i gcontúirt cheana féin.
»»»Is beag suim atá pobal na Sé Chontae ag léiriú sa toghchán do Pharlaimint na hEorpa a bheas ar siúl an mhí seo, a deir Robert McMillen.
»»»Cén tslat tomhais geilleagair is féidir a leagan amach le tuairim éigin a thabhairt dúinn féin ar an aird a rachaimid agus ar an dóigh is fearr le treabhadh ann? Tuairt gheilleagair na Fionlainne níos lú ná scór blianta ó shin a tharraing aird Chiaráin. Ghlac téarnamh geilleagair na Fionlainne ceithre bliana sular tháinig borradh fúthu arís.
»»»Tá Alan Desmond le sraith de chuntais ghearra ar mhionlaigh eitneacha éagsúla timpeall an domhain a roinnt linn. Ní dhéantar mórán tráchta sna meáin ar na mionlaigh seo. Tá sé ag díriú a aird an mhí seo ar na Carainn i mBurma.
»»»Ar an gcéad lá de mhí na Bealtaine thóg tuismitheoirí ón bpobal suite a gcuid páistí amach as dhá bhunscoil i gContae Luimnigh. Rinne siad é seo mar agóid i gcoinne pholasaí na Roinne Oideachais páistí de chuid an Lucht Taistil a chur sa rang céanna le páistí ón bpobal suite, fiú má bhíonn roinnt mhaith den scoilbhliain caillte ag na Taistealaithe. Measann Gearóid Ó Riain gur biogóideacht a spreag na tuismitheoirí chun gnímh.
»»»Tá dearcadh níos bunúsaí agus níos ciallmhara ag daoine sna tíortha neamhfhorbartha ná mar atá abhus i leith socrú deacrachtaí dar le Robert McMillen.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.