75
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is léiritheoir raidió le RTÉ é Cathal Póirtéir agus is file é freisin. Labhair Antaine Ó Faracháin leis le gairid faoin obair atá ar bun aige agus faoi na sraitheanna dá chuid is mó a bhfuil sé bródúil astu.
»»»Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin an dóigh a bhfuil Príomh-Aire na hAstráile ag snámh in aghaidh easa ó chuaigh sí siar ar ráiteas réamhthoghcháin a bhí tugtha aici.
»»»Ro chan Balor “ní laochas go slad agus sléacht Chion Átha Mhaigh Eo ar Mhaigh Lifi, ar insibh uilibh Laighean, ar a imillchríochaibh agus ar a Midhláraibh”.
»»»Neamart an pholaiteora i leith fhulaingt agus marú saighdiúirí na hAstráile san Afganastáin a tharraing aird Bhearnaí Uí Dhoibhlin.
»»»Aisteoir amharclainne agus teilifíse is ea Darach Ó Tuairisg, a bhunaigh an compántas puipéad Fíbín sa bhliain 2003. Labhair Caoimhe Ní Laighin leis le gairid agus é i mbun dualgas éagsúil mar léiritheoir ar shraith cláracha dar teideal “Raidió na nÓg” atá á craoladh faoi láthair ar Raidió na Life.
»»»Gach mí, ceistíonn Beo! duine as eagras nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Liam Guidry, Daltaí na Gaeilge (Na Stáit Aontaithe).
»»»Is folláinde sinn Balor, Ar Son na Cúise agus Seáinín Smaoiseach. Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí den bharúil go bhfuil easpa grinn ar an saol gaelach.
»»»Is cosúil gur fhan an Ghaeilge beo i measc Ghaeil na hAstráile, i bhfolach faoi screamh an Bhéarla. Bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag éisteacht le roinnt scoláirí ar an ábhar.
»»»Chuir fógra a chonaic Tony Birtill i nuachtán áitiúil i Learpholl le gairid ag smaoineamh é ar John Lennon agus chomh tábhachtach is a bhí sé do bhunadh na hÉireann sa chathair.
»»»Goirt agus machairí faoi uisce, éileamh feirmeoirí na hÉireann ar fhaoiseamh, nó go fiú ar chúiteamh, as an drochaimsir? Sin an cith a d’fhliuch an saol, mar a léiríonn Bearnaí Ó Doibhlin san alt seo as an Astráil.
»»»Seo sliocht as Máire Mhic Ghiolla Íosa - Beathaisnéis le Ray Mac Mánais, beathaisnéis údaraithe Uachtarán na hÉireann. Tugadh cead don údar, múinteoir Gaeilge an Uachtaráin, a dialanna pearsanta a léamh agus dul trína páipéir phríobháideacha. Déanann an leabhar cur síos ar a saol ó rugadh í go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtarán i 1997.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: polaitíocht na háite oibre.
»»»Tá míbhuntáistí áirithe ag baint le Barcelona, dar le Máire Ní Chuagáin, ach meallann an chathair ar ais go minic í mar sin féin.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.