55
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is iad na Sínigh an grúpa mionlaigh is mó sna sé chontae. Mar a mhínigh duine den phobal sin do Liz Curtis, áfach, tá go leor de mhuintir Bhéal Feirste doicheallach go maith rompu.
»»»Tá muintir na hAstráile an-tógtha le cruicéad. Ach tá difríocht ollmhór idir na cineálacha éagsúla cruicéid – ní hamháin ó thaobh na rialacha de, ach ó thaobh lucht leanúna fosta, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Tá tathag ag baint le taispeántas Dhuais Turner i nGailearaí an Tate i Londain i mbliana nach bhfacthas cheana féin. Tuairisc ó Mary Beth Taylor.
»»»Tá Ciara Nic Gabhann ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar thaispeántas de shaothar an ealaíontóra Shasanaigh Lucian Freud a bheidh le feiceáil i mBaile Átha Cliath ón mhí seo ar aghaidh.
»»»Seo ceann de na scéalta atá le fáil sa leabhar Taisce Focal, bailiúchán de shé scéal déag a bhí i gcló san iris seo thar roinnt blianta. Is iad Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy údair na scéalta, atá bunaithe ar shaol an lae inniu agus a thugann léargas maith don fhoghlaimeoir ar leaganacha cainte agus struchtúir dhúchasacha. Tá gluais chuimsitheach ag deireadh gach scéil agus tá dhá dhlúthdhiosca leis an leabhar ar a bhfuil ceathrar cainteoirí dúchais as Rann na Feirste le cloisteáil ag léamh na scéalta. Tá an comhad fuaime a théann leis an scéal áirithe seo le fáil ag bun an leathanaigh.
»»»Caithfidh duine éicint an téiléireacht a íoc a deir Colm Mac Séalaigh, nó ní fheicfimid cluichí idirnáisiúnta rugbaí ná cluichí ceannais Chumann Lúthchleas Gael ar an scáileán amach anseo.
»»»Tá an t-inneall cuardaigh Google ag scriosadh na cruthaitheachta, dar le Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá réimse leathan cumhachtaí tugtha don Choimisiún um Chearta Daonna ach, dar le Dónall Ó Maolfabhail, ní bheidh sé éifeachtach mura dtugtar na hacmhainní cuí dó.
»»»Áiríonn Roseanne Smith liosta fad do sciatháin de shuíomhanna áisiúla san alt seo, suíomhanna a mheallann ar ais chuig an scáileán í go minic, bíodh an ghrian ag briseadh na gcloch amuigh nó ná bíodh.
»»»Léiríonn an borradh faoi na Fíor-Fhionlannaigh agus an fás faoi Pháirtí Saoirse na hOstaire go bhfuil deacrachtaí roimh an Eoraip dar le Ciarán Mac Aonghusa. Is é ‘fear na bó san abar’ a bheas as béal gach éinne feasta.
»»»Is mór ag lucht margaíochta na linne seo íomhá na mná ar chlúdach tosaigh irise, ar sliobarna amach ar mhullach an chairr ar díol, nó í ar an fhógra teilifíse. Ghlac roinnt de thíortha móra an domhain le híomhá an athar dá fatherland, ach ghlac roinnt eile againn lenár gCáit Ní Dhuibhir de bhandia an fhlaithis, nó lenár Medb mheisce. Ghlac comharsa mhór amháin ar mhór-roinn na hEorpa leis an íomhá bhaineann, agus tharraing sí aird PJ Mac Gabhann uirthi féin lena scéal a iniúchadh.
»»»Tá Raidió na Life, an stáisiún raidió Gaeilge atá lonnaithe i lár Bhaile Átha Cliath, ag craoladh gan stop ó bhí 25 Meán Fómhair 1993. Is éacht é seo nuair a smaoiníonn go mbíonn craoltóirí an stáisiúin ar fad ag obair go deonach. Labhair Éamonn Ó Dónaill le bainisteoir an stáisiúin, Fionnuala Mac Aodha, faoina cuid oibre le Raidió na Life agus faoi bhfuil i ndán don tseirbhís san am atá romhainn.
»»»Beidh an dán seo ‘Teanga’ i mbailiúchán nua filíochta le Gearóid Mac Lochlainn as Béal Feirste atá le foilsiú san fhómhar. Sruth Teangacha/Stream Of Tongues an teideal a bheas ar an leabhar dátheangach seo (a mbeidh dlúthdhiosca ag dul leis) agus is filí eile a rinne na dánta a aistriú. Is iad Cló Iar-Chonnachta na foilsitheoirí.
»»»Bhí díomá ar go leor daoine nuair a dhún caife Ghael Linn i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite. Ar an dea-uair, áfach, d’oscail caife Gaeilge eile i lár na cathrach i dtrátha an ama chéanna. Thug Caoimhe Ní Laighin cuairt ar an gcaife seo agus labhair leis an mbainisteoir, Úna Nic Gabhann.
»»»Seo sliocht as Máire Mhic Ghiolla Íosa - Beathaisnéis le Ray Mac Mánais, beathaisnéis údaraithe Uachtarán na hÉireann. Tugadh cead don údar, múinteoir Gaeilge an Uachtaráin, a dialanna pearsanta a léamh agus dul trína páipéir phríobháideacha. Déanann an leabhar cur síos ar a saol ó rugadh í go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtarán i 1997.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.