412
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Déanann Ciara Nic Gabhann cur síos ar mhúsaem sna Stáit Aontaithe atá an-difriúil: dírítear ann ar shaothair ealaíne ainmnithe agus éan.
»»»Is iomaí nath a thug suntas don fheiceálacht: ‘is mór an chuid súil í’ agus ‘tús seirce an síordhearcadh’ srl. Chaith Ciara Nic Gabhann súil ar scéal a bhain le ní nár cheart, dar le dream margaíochta, a nochtú feiceálach os comhair an phobail.
»»»Ná bí ag caint ar Film Fleá na Gaillimhe ná ar Ghuth Gafa na gConallach ná ar a dhath mar iad. Ag bun thuas an domhain ó dheas a bhí Pat Butler ag scagadh na scannán an iarraidh seo! D’fhreastail sé ar Fhéile Scannáin Sydney, mura mhiste leat.
»»»Chaith Liz Curtis seal le gairid i gCromba, sráidbhaile i dtuaisceart na hAlban a bhfuil stair spéisiúil aici, dar léi.
»»»Sásta faoi mhúnlú d’iompar ceannach earraí ar líne? Tá bealaí againn le thú a chur ag ceannach! Is maith an aire an fhógairt a deir Roseanne Smith thíos faoi thaighde idirlín a rinneadh ar an bpobal.
»»»Anuraidh, ceapadh Martin Dowling, Meiriceánach de bhunadh Éireannach, mar an chéad Ollamh le Ceol Traidisiúnta in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Labhair Robert McMillen leis an fhidléir, staraí agus socheolaí seo faoina shaol mar cheoltóir agus mar scoláire.
»»»Is fada sráidbhailte na Gaeltachta ina gcrann taca ag teanga na Gaeilge. Anois, san aon léim amháin, tá caint agus nuacht na nGael i ndiaidh dul i mbéal pobail sráidbhaile eile, is é sin, ‘sráidbhaile an domhain’, mar is minic a thugtar air. Is fada taithí againn gurb iad pobail an Bhéarla agus teangacha domhanda eile amháin a bhíonn ag caint lena chéile trína leithéidí d’ollmheáin fhíse agus leictreonacha ach, le blianta beaga anuas, is suntasach mar atá fáil na mionteangacha ar acmhainní an idirlín imithe i méid agus anois tá an meáisín míorúilteach céanna i ndiaidh sinne, Gaeilgeoirí, a chur faoina chomaoin arís.
»»»Ní fear sa chéad ach fear sa mhílaois atá faoi thrácht ag Colm san eagrán seo, Christy Ring, as ceantar Ó Macaille, i gCorcaigh. A bhuí dósan agus do scannánú Louis Marcus ar son Ghael Linn, tá áis foghlama in aice láimhe ag gach éinne a shantóidh scil na hiomána.
»»»Noam Chomsky, Norman Finkelstein, Israel Shahak agus daoine nach iad, tá siad go léir faoi amhras agus i gcontúirt an uisce faoi thalamh a ghníomhaíonn go láidir i gcoinne easaontóirí i SAM, de réir leabhair atá léite ag Maidhc Ó Cathail. Jeff Gates, Iarabhcóide do Choiste Airgeadais an tSeanaid i Stáit Aontaithe Mheiriceá a scríobh. Tugann Maidhc cuntas san alt seo ar chuid dá bhfuil le léamh ann.
»»»Cén tslat tomhais geilleagair is féidir a leagan amach le tuairim éigin a thabhairt dúinn féin ar an aird a rachaimid agus ar an dóigh is fearr le treabhadh ann? Tuairt gheilleagair na Fionlainne níos lú ná scór blianta ó shin a tharraing aird Chiaráin. Ghlac téarnamh geilleagair na Fionlainne ceithre bliana sular tháinig borradh fúthu arís.
»»»Chuaigh an scéala brónach amach go bhfuair an t-ealaíontóir TP Flanagan bás ar na mallaibh, fear a bhí ag obair suas go lá deiridh a shaoil. Amharcann Ciara Nic Gabhann siar ar a shaol agus ar an saothar mór luachmhar atá fágtha ina dhiaidh.
»»»Theip ar Rialtas Harold Wilson (1964-1970) an deis a thapú chun Trioblóidí Thuaisceart Éireann a sheachaint, dúirt an Dr Kevin McNamara i léacht i Learpholl ar na mallaibh. Bhí Tony Birtill i láthair.
»»»Spreag tuairimí as Scoil Sláinte Poiblí Harvard agus suíomh idirlín, handprinter.org Aoife-Marie Ní Bhuachalla chun méarchláir faoi ghnóthaí timpeallachta.
»»»Tá cur síos ag Tony Birtill an mhí seo ar chuid de na heachtraí a bhain dó agus é ar chúrsa i sléibhte na hAlban.
»»»Ní hiad na cáiníocóirí san Aontas Eorpach amháin atá thíos le polasaithe talmhaíochta an Aontais, ach lucht an tríú domhain chomh maith. Tá dóchas ann, áfach, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill, go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí sna blianta atá amach romhainn nuair a chuirfear i bhfeidhm an leasú ar an gComhbheartas Talmhaíochta.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.