147
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Ní raibh Ray Yeates, stiúrthóir nua Ionad Ealaíon an Axis i mBaile Munna, ach cúig bliana is fiche nuair a d’éirigh leis post tábhachtach a fháil in Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath. Tar éis cúpla bliain, áfach, briseadh as an bpost sin é agus thosaigh an tóin a thitim as a shaol. Mhínigh sé do Chaoimhe Ní Laighin le gairid conas a shábháil a dhúil sna healaíona é.
»»»Chuir clár a chonaic sé ar TG4 le déanaí Colm Mac Séalaigh ag machnamh ar ré órga na hiomána sna nóchaidí.
»»»Cuireann Greenpeace eolas ar fáil maidir le chomh díobhálach agus atá comhlachtaí éagsúla ríomhaireachta don chomhshaol. Ach síleann Diarmuid Mac Mathúna go bhfuil i bhfad níos mó damáiste déanta ag lucht tiomána SUVanna don domhan ná mar atá déanta ag leithéidí Nintendo.
»»»Tá príomh-aire nua ag muintir na hAstráile. Tá laoch nua spóirt acu fosta, an galfaire Won Joon Lee. Ach cén fáth a bhfuil an dá fhíric seo bainteach lena chéile? Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin an scéal.
»»»Tá sé ag goilleadh go mór ar fheilméaraí na Tasmáine go bhfuil comhlachtaí móra mar McDonalds ag ceannach glasraí ó thíortha eile agus tá feachtas tosaithe acu chun a míshásamh a chur in iúl go láidir. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Níl seans ach ag trí fhoireann Premiership Shasana a bhuachan, rud a fhágann go bhfuil cluichí na roinne sin an-leadránach, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Nuair a d’fhág Karan Casey an grúpa cáiliúil Solas tháinig bean óg as Tiobraid Árann darb ainm Deirdre Ní Scanláin isteach ina háit mar phríomhamhránaí an ghrúpa. Labhair Antaine Ó Faracháin léi chun fáil amach cén chaoi a dtaitníonn sé léi a bheith faoin spotsolas.
»»»Measann Christoph Wendler go bhfuil ciníochas an-chaolchúiseach le fáil na laethanta seo – sna meáin chumarsáide, mar shampla.
»»»Spreag bás Chathail Uí Eochaidh Balor le dul i mbun pinn.
»»»Moladh i dtuarascáil a foilsíodh níos luaithe i mbliana go ndéanfaí athruithe radaiceacha ar an Seanad ach, mar a thuairiscíonn Dónall Ó Maolfabhail, níl fonn dá laghad ar an Rialtas aon leasú mór a dhéanamh.
»»»Tá lucht tacaíochta iarchime as Guantanamo buartha faoi ghéarleanúint atá á déanamh ag stát na hAstráile air. Tá Bearnaí Ó Doibhlin den bharúil gur chóir saorchead cainte a thabhairt do David Hicks.
»»»Is ait an mac na CyberDissidents ach iniúchadh a dhéanamh faoina bhfuil ar a gcúl, siar chomh fada le Estée-Lauder, mar a rinne Maidhc Ó Cathail.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim gur gá don Chumann Lúthchleas Gael níos mó tacaíochta a chur ar fáil do na cumainn áitiúla.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.