137
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá cur síos i mbeathaisnéis ón naoú haois déag, atá díreach foilsithe, ar an chruatan a d’fhulaing na hÉireannaigh a thrasnaigh an tAigéan Atlantach chun teitheadh ón Ghorta Mór. Tá an leabhar léite ag Tom Deignan.
»»»Cé gur léirigh dhá phobalmheas roimh an olltoghchán san Astráil nach raibh mórán muiníne ag an bpobal as an bPríomhaire John Howard, d’éirigh lena pháirtí an bua a fháil sa toghchán sin mar sin féin. D’éirigh le Howard, dar le Dáithí Ó Colchúin, de bharr gur chuir sé imní ar an bpobal, go háirithe orthu siúd a bhfuil morgáistí acu.
»»»Meastar go n-éireoidh leis an bPáirtí Daonlathach smacht a fháil ar Theach na nIonadaithe sna toghcháin mheántéarma ar an 7 Samhain ach, mar a mhíníonn Brian Ó Broin, rachaidh sé níos déine orthu an ceann is fearr a fháil ar na Poblachtánaigh sa Seanad.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil deireadh bealaigh sroiste againn. Tabharfar droim leis an ór dubh, agus bhéarfaimid aghaidh ar bhreosla nó ar ábhar fuinnimh eile roimh i bhfad.
»»»Anois teacht an tsamhraidh tá fonn ar Bhalor a phluais a fhágáil agus aghaidh a thabhairt ar an saol mór arís. Má tá tusa sásta lóistín saor in aisce a chur ar fáil do ar feadh cúpla mí, seo do sheans!
»»»Tá Glencullen University agus Shelbourne University in ainm is a bheith lonnaithe i mBaile Átha Cliath, dar lena suíomh gréasáin. Léiríonn sé seo an tslí a bhfuiltear ag úsáid an idirlín chun bob a bhualadh ar dhaoine. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Is ait an mac na CyberDissidents ach iniúchadh a dhéanamh faoina bhfuil ar a gcúl, siar chomh fada le Estée-Lauder, mar a rinne Maidhc Ó Cathail.
»»»Féachann Dónall Ó Maolfabhail ar na himpleachtaí a bhainfidh le cinneadh Stát-Rúnaí an Tuaiscirt, Peter Hain, ról an Bhrainse Speisialta agus MI5 a athrú ó 2007 ar aghaidh.
»»»Cén fáth, a fhiafraíonn Robert McMillen, nach bhfuil páirtí sóisialach tagtha chun cinn sna Sé Chontae, limistéar a bhfuil oiread bochtaineachta ann.
»»»Gheobhaimid deis an samhradh seo, má bhíonn an saol ina cheart, siúl le cladach agus feicfimid an cloigeann úd ag gobadh aníos go fiosrach ag faire isteach orainn. Bhí Laoise Ní Chléirigh ag fuirseadh faoi thearmann do Chlann Mhic Conghaola, an Irish Seal Sanctuary, le teacht ar an eolas faoin ainmhí diamhrach seo.
»»»Tá ceachtanna i dtaobh an gheilleagair le foghlaim dar le John-Paul Mc Carthy ach éisteacht le Léachtaí Reith a thug Niall Ferguson le déanaí.
»»»Tá Roseanne Smith ag coinneáil súil ar threochtaí nuatheicneolaíochta. Beidh corr-rud saor ag teacht an bealach chugainn.
»»»Míníonn Ciara Nic Gabhann san alt seo go mbeidh tú in ann An Scread le Edvard Munch a cheannach ar $80 milliún Mí Bealtaine. Nach shin é go díreach a theastaíonn faoin teach?
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.