382
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Bíonn féile ar siúl gach bliain in Sydney le ceiliúradh a dhéanamh ar fhéiniúlacht an phobail aeraigh abhus. Insíonn Bearnaí Ó Doibhlin dúinn faoin imeacht spraíúil seo agus faoin mbaint atá ag an nGaeilge le stair an homaighnéasachais san Astráil.
»»»Samhlaíonn Breandán Delap cad é a bheas le rá ag ceannaire nuathofa Fhianna Fáil Nua ina aitheasc d’Ard Fheis a pháirtí sa bhliain 2016, tráth a bheas céad bliain Éirí Amach na Cásca á chomóradh.
»»»Nuair a thuirling an milliúnaí Meiriceánach Steve Fossett (58) agus a bhalún in iardheisceart Queensland ag tús mhí Iúil glacadh leis go forleathan go raibh sé tar éis dul timpeall an domhain. Ach an ndeachaigh sé timpeall na cruinne i ndáiríre, a fhiafraíonn Dáithí Ó Colchúin?
»»»Níl mórán trua ag formhór na nAstrálach do Nguyen Tuong Van, an fear óg atá daortha chun báis i Singapore, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá galar na mbanc tolgtha ag na comhlachtaí cairr, deir Brian Ó Broin linn. Tá Brian ina chónaí i gceantar na gcomhlachtaí cairr. Cad tá i ndán dóibh agus cad tá i ndán don duine bocht, ar nós mé féin is tú féin, má théann go leor de na comhlachtaí cairr is aitheanta bealach an gharraí?
»»»Tá cuid den teicneolaíocht a d’úsáid iriseoirí le linn an chogaidh san Iaráic á húsáid ag comhlachtaí tacsaí i mBaile Átha Cliath agus i roinnt de na gutháin nua shoghluaiste atá ag teacht ar an margadh le tamall anuas. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Is é Pádraig Domhnaill fíor-rí Dhún Windsor dar le Balor agus níl gar ná gaobhar ag Mícheál Domhnaill air.
»»»Ag an am seo den bhliain, tagann an ghrian amach (má bhíonn an t-ádh orainn), tagann na hOráistigh amach, agus tagann na páistí amach fosta. Tosaíonn mórshiúil na nOráisteach ar Luan Cásca. Cruinníonn siad le chéile taobh amuigh den Halla Oráisteach agus téann siad suas síos, arís is arís eile, ag bualadh a ndrumaí ollmhóra Lambeg. Plimp! Plimp! Plimp! Deir lucht ardnósach na n-ealaíon gur rud cultúrtha é an Lambeg ach tá go leor daoine anseo nach mbeadh den bharúil chéanna.
»»»Tá an Ghaeilge á labhairt agus á múineadh i gcathracha móra na hAstráile na laethanta seo agus, mar a mhíníonn Marc Ó Conaill, tá tuiscint níos fearr sa tír anois ar an tábhacht a bhaineann le héagsúlacht ó thaobh teangacha agus cultúr de.
»»»Molann John-Paul McCarthy saothar drámaíocht scáileáin David Milch, fear a d’fhág lorg a láimhe ar Hill Street Blues agus ar chláir eile nach é in imeacht na mblianta.
»»»Measann Robert McMillen gur léiriú ab ea na círéibeacha a tharla i lár Bhaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo caite ar an mhíshásamh a bhraitheann go leor daoine le sochaí na hÉireann.
»»»Tá trácht ag Ciara Nic Gabhann ar ealaíontóir a chaith a óige i gcampa sclábhaíochta agus a gabhadh arís dhá mhí ó shin mar gur fear gan feancadh é, Ai Weiwei. Sheas sé an fód.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.