64
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
An t-ilchultúrachas - sin an chéad rud a thug mé faoi deara agus mé i mBoston. Chuir sé iontas orm meascán chomh mór sin daoine a bheith ag maireachtáil le chéile in aon áit amháin - daoine geala, daoine dubha, lucht na Spáinnise agus an dream ón Áis. Thairis sin ní dhearna mé mórán machnaimh ar cheist na gciní, cé go raibh na cúrsaí seo go mór i mbéal an phobail agus mé ag fágáil “the old country”, mar a thugtar ar Éirinn anseo.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim gur mithid athruithe a dhéanamh i gcóras polaitíochta na tíre, ach caithfear athruithe níos bunúsaí a dhéanamh go forleathan chomh maith le sinn a chur ar bhealach ár leasa.
»»»Tá príomh-aire nua ag muintir na hAstráile. Tá laoch nua spóirt acu fosta, an galfaire Won Joon Lee. Ach cén fáth a bhfuil an dá fhíric seo bainteach lena chéile? Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin an scéal.
»»»Tá sé in am ag an stát rialú níos fearr a dhéanamh ar thionscal na bhfeirmeacha gaoithe, dar le Breandán Delap.
»»»Féachann Breandán Delap ar chuid de na scéalta dochreidte atá nochta go dtí seo ag Binse Fiosraithe Morris i nDún na nGall.
»»»Tús na míosa seo caite, tháinig moladh ó Frank Feighan T.D go mba cheart ‘Gaeltacht’ a dhéanamh de Chliara, oileán amach ó chósta Mhaigh Eo. Tá Donncha Ó hÉallaithe den tuairim go léiríonn a mholadh go bhfuil easpa buntuisceana ar urlabhraí nuacheapaithe Fhine Gael ar chúrsaí Gaeltachta agus go mba cheart do Enda Kenny fáil réidh leis mar urlabhraí a pháirtí ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge.
»»»Chaith Brian Ó Broin cuid dá shaol ar guairdeall faoi imleacáin siorcanna agus roiceanna nimhe i gcríoch aineoil an miondíola, Mall of America, i Minneapolis-St. Paul.
»»»Má deir an IRA go luath go bhfuil deireadh lena bhfeachtas míleata, rachaidh sé seo go mór chun sochair do David Trimble agus dá pháirtí i dtoghchán an Tionóil, dar le Robert McMillen.
»»»Chuaigh Adele i bhfeidhm go mór ar Mhuireann Ní Bhaoill, Gaillimheach óg a bhain duais na hógiriseoireachta ag Gradaim Liteartha an Oireachtais i mbliana.
»»»Is spéis le Tony Birtill an t-athrú scéil a bhíonn ag titim amach i rith an ama i dtuairimí aos seandálaíochta na Breataine agus na hÉireann.
»»»In ainneoin gur cathair ilchultúrtha é Learpholl, tá go leor ciníochais i gceist ansin. D’fhreastail Tony Birtill ar chomhdháil speisialta le gairid inar pléadh an fhadhb áirithe seo.
»»»Measann Robert McMillen go bhfuil an cath caillte ina pháirtí féin, an UUP, ag David Trimble agus gur beag muinín atá ag Rialtas na hÉireann nó ag Rialtas na Breataine as a thuilleadh.
»»»Tá leabhar nua foilsithe faoi Sheán Boylan, bainisteoir fhoireann pheile Chontae na Mí. Is leabhar é atá difriúil ón ngnáthbheathaisnéis, a deir Colm Mac Séalaigh, mar go dtugtar cead cainte ann do roinnt mhaith de na himreoirí a d’imir faoi Boylan.
»»»Tá an-dochar déanta ag príomhoidí áirithe i gcoláistí tríú leibhéal i Sasana do na hinstitiúidí a bhfuil siad i gceannas orthu agus tá eagla ar Tony Birtill go dtarlóidh an rud céanna sna scoileanna má chuirtear moltaí an Pháipéir Bháin ar Oideachas agus Scileanna i bhfeidhm.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.