73
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá blianta fada caite ag an Chorcaíoch John Spillane ag iarraidh a bheatha a thabhairt i dtír mar amhránaí proifisiúnta, rud nach bhfuil furasta in Éirinn. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaol sa cheol agus faoina albam nua, atá díreach tagtha amach.
»»»Labhair Tom Deignan le scoláire as Béal Feirste ó dhúchas a bhfuil taighde suimiúil ar bun aige i measc na nGael-Mheiriceánach i Nua-Eabhrac.
»»»Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: Éile Rua: an chéad seilchí le Gabrielle Ní Mheachair (Cois Life). Léirmheas le Pól Ó Muirí.
»»»Amharcann Breandán Delap ar na cinnidh ba mhó a rinne dochar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó tháinig an rialtas reatha i gcumhacht.
»»»Bhí Galt Barber, ceoltóir agus cláraitheoir ríomhaireachta a bhfuil cónaí air i gCalifornia, ocht mbliana is fiche sular chuala sé trácht ar an Ghaeilge. Luigh sé isteach ar fhoghlaim na teanga ag an am sin agus tá líofacht bainte amach aige, in ainneoin nach raibh sé in Éirinn ach uair amháin. Sa dara cuid seo dá alt, labhraíonn sé faoin turas sin go hÉirinn.
»»»Nuair a chuaigh Pádraig Ó Liatháin go Prág i bPoblacht na Seice chun an Ghaeilge a mhúineadh chuir sé ionadh air chomh tógtha is a bhí go leor de bhunadh na háite leis an nGaeilge, agus leis an gceol agus rince traidisiúnta.
»»»Ba iontach agus ba éachtach an bhliain í chúrsaí iomána de agus do CLG araon dar le Colm Mac Séalaigh. Is í an cheist anois, an ndéanfaidh Cill Chainnigh cúig chraobh as a chéile de an bhliain seo chugainn?
»»»Tá meanma agus misneach sa dream óg in Éirinn nach bhfuil le brath sa ghlúin is sine ná iad, dar le Lisa Nic an Bhreithimh. Níl an t-aos óg chomh cloíte is a shamhlófaí, d’ainneoin an ciseach a rinneadh den tír.
»»»Labhair Eva Stack le Breandán Ó hEadhra, duine den bheirt atá i mbun eagrú Féile 2002 a bheas ar siúl i nGaillimh i mí an Mhárta.
»»»Fuair Mícheál Ó hAodha blaiseadh breá, bíodh gur brónach, de shaol na Rómáine i scannán le Cristian Mungiu le déanaí, scannán a dhearc isteach i saol na tíre sin sa lá inniu.
»»»Thug Balor cuairt ar Bhancríona na hEorpa, féachaint an raibh rud ar bith eile a dtiocfadh leis na Gaeil a dhéanamh di.
»»»Bhuaigh an saothar seo le Michelle Nic Pháidín an dara háit i gcomórtas gearrscéalta an Oireachtais anuraidh.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: easpa cúraim ar na bóithre
»»»Bhí Colm Mac Séalaigh ag machnamh ar a thábhachtaí is atá spórt agus laochra an spóirt dúinn lenár gcroí is ár meanma a ardú ó am go chéile. Bíonn taobh eile ar an mbád i gcónaí ar ndóigh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.