92
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Bhí ar Ardeaspag Caitliceach Sydney éirí as a chuid cúraimí le déanaí tar éis d’fhear cur ina leith go ndearna sé ionsaí gnéasach air breis is daichead bliain ó shin. Cúlra an scéil ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Bhí Galt Barber, ceoltóir agus cláraitheoir ríomhaireachta a bhfuil cónaí air i gCalifornia, ocht mbliana is fiche sular chuala sé trácht ar an Ghaeilge. Luigh sé isteach ar fhoghlaim na teanga ag an am sin agus tá líofacht bainte amach aige, in ainneoin nach raibh sé in Éirinn ach uair amháin. Sa dara cuid seo dá alt, labhraíonn sé faoin turas sin go hÉirinn.
»»»Tá scéal ag Bearnaí Ó Doibhlin ar na mílte saighdiúirí as an Astráil a throid is a thit ar ghort an bhaile lena dtír a chosaint breis is trí scór bliain ó shin. Cosán dearg, a bhféadfaí an dá chiall a roinnt leis an aidiacht sin, a bhí i gCosán Kokoda.
»»»Rianaíonn Eoin Ó Catháin an tslí ar cloíodh glan amach polaiteoir amháin i gCeanada, Pauline Marois, iar-Thaoiseach Québec, ar na mallaibh.
»»»Tá Ellen van Vossen agus Oliver Wagemann as an Ollainn an-tógtha le hÉirinn agus, mar sin, chinn siad ar mhí a chaitheamh ag rothaíocht timpeall iarthuaisceart agus thuaisceart na tíre sa samhradh i mbliana. Sa dara cuid dá n-alt, tá cur síos acu ar chuid de na heachtraí a bhain dóibh i nDún na nGall, sna sé chontae agus i mBaile Átha Cliath.
»»»Tá Brian Ó Broin misnithe go mór lena bhfuil ag titim amach i saol na Gaeilge i Nua-Eabhrac, go háirithe i bhfianaise a bhfaca sé ag comhdháil litríochta a eagraíodh ann ar na mallaibh.
»»»Déanann Liz Curtis cur síos an mhí seo ar chuid de na heachtraí a bhain di agus í ar a bealach go Lucca san Iodáil le freastal ar chúrsa teanga.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go bhfuil ilghnéitheacht saíochta, tíreolaíochta agus eile go léir ag imoibriú ar an óige i gcontaetha áirithe le sárimreoirí a chur chun páirce bliain i ndiaidh bliana.
»»»Tá aithne ag an saol mór ar Dhiarmuid de Faoite mar Jack i sobalchlár TG4, “Ros na Rún”. Mhínigh sé d’Éamonn Ó Dónaill cén chaoi a ndeachaigh sé leis an aisteoireacht agus labhair sé faoina shaol os comhair na gceamaraí.
»»»Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: Teacht den tSliabh Tráthnóna le hAoidh Ó Canainn (Coiscéim). Léirmheas le Pól Ó Muirí.
»»»Cad é mar atá sibh? Is mise Liz agus tá mé i mo chónaí i dTuaisceart Bhéal Feirste. Is as Londain mé agus tháinig mé anseo beagnach sé bliana ó shin.
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantair éagsúla, cinn Ghaeltachta san áireamh, le fáil i ngach eagrán de Beo!. An mhí seo: Gort an Choirce, Contae Dhún na nGall.
»»»De bharr phróiseas na síochána, measann Tony Birtill go mbeidh sé níos fusa ag Éireannaigh sa Bhreatain comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach 1916 agus ar eachtraí tábhachtacha eile i stair na hÉireann.
»»»Tá an t-úrscéal agus an scannán The Da Vinci Code cáinte go láidir ag an Eaglais Chaitliceach ach is é iompar na heaglaise féin, seachas na saothair sin, atá ag tiontú daoine i gcoinne na hinstitiúide, dar le Dónall Ó Maolfabhail.
»»»Bhí Robert McMillen i láthair ag léacht i nGort na Móna, Béal Feirste, inar thug Bernadette McAliskey léaró agus rabhadh faoina mbeidh ag titim amach ó thuaidh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.