84
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tar éis cúpla mí a chaitheamh ag taisteal san Afraic, thug Máire Ní Chuagáin aghaidh ar an Astráil le gairid. Sa seachtú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar an tréimhse a chaith sí sa Mhaláiv, díreach sular fhág sí an Afraic.
»»»Beidh spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantar Gaeltachta le fáil i ngach eagrán de Beo. An mhí seo: Contae Mhaigh Eo.
»»»Is le seanbhlas a amharcann Balor ar an Nollaig. Ba cheart mála caca a cheangal de thóin Rúdolf nó tá gach díon tí in Éirinn chomh salach le Páirc Chill Airne aige.
»»»Is cúis iontais é, dar le Dáithí Ó Colchúin, nár maraíodh aon duine nuair a bhuail an Cuaranfa Larry an Astráil an mhí seo caite.
»»»Táthar ag súil le breis is 200,000 duine ag Fleadh Cheoil na hÉireann, a bheas ar siúl i Lios Tuathail Contae Chiarraí arís i mbliana, idir 23-25 Lúnasa. Tá comhairle ag Antaine Ó Faracháin don té a bheadh ag beartú dul chuig an bhFleadh.
»»»Cead cainte, cead cáinte agus cead adhartha do chách más fíor don dlí, ach tá deacracht ar leith dúisithe ag Tionscnamh Córdoba, nó Páirc 51 mar atá anois air. Tá an scéal ag Brian Ó Broin.
»»»Chas Kíla ag ceolchoirm i Maigh Nuad le deireanas do Ghaelscoil Chearbhaill Uí Dhálaigh, ceolchoirm a mheabhraigh Óstán an Burlington sa bhliain 1975 do Cholm Ó Snodaigh nuair a bhuail An tUachtarán Cearbhall Ó Dálaigh é féin isteach chucu le muintir na gaelscolaíocht a mhisniú.
»»»Riail na ‘cearnóige bige’ a tosaíodh breis is daichead bliain ó shin, bhí gá leis nuair a tugadh isteach í. Tá Colm Mac Séalaigh in amhras faoin riail a chartadh de leataobh ar fad.
»»»Tá leidí ag Roseanne Smith le thú a chur ag ceannach, nó ag díol, fút is tharat, ach ar leath an chostais a íocadh roimhe seo. Tá an comharcheannach ag déanamh dul chun cinn mar a bheadh loscadh sléibhe tríd an idirlíon.
»»»Caitheann Majella Ní Dhomhnaill súil ar ghné de shaol an duine óig in Éirinn, an dearcadh coiteann a tholg go leor le linn ghnóthú saibhris na nóchaidí agus tús an chéid. Ar cailleadh mianach agus tréithre daonnachta le scór bliain anuas agus an athshealbhófar an t-aos óg an daonnacht anois d’uireasa an Tíogair?
»»»Níl mórán trua ag Colm Mac Séalaigh don dream i measc lucht leanúna Manchester United atá ar buile gur díoladh an club leis an Mheiriceánach Malcolm Glazer.
»»»Féachann Pat Butler siar ar bhlianta tosaigh Fhianna Fáil, agus an páirtí ag ceiliúradh ceithre scór bliain ar an bhfód i mbliana.
»»»Tá tromaíocht á déanamh ag póilíní Learphoill ar na hÉireannaigh le fada, a deir Tony Birtill, ach tá cead a gcinn tugtha acu do na dílseoirí.
»»»Na céadta bliain i ndiaidh bhronnadh a cairte ar Bhéal Feirste, míníonn Robert McMillen go bhfuil lucht na teanga mionlaithe ag cur in iúl go feidhmiúil gur cuid de fhíochán na cathrach iad féin fosta.
»»»Tá éirithe le comhlacht Meiriceánach carr leictreach a fhorbairt a bhfuil an-tóir air. Tuairisc ó Phádraig Mac Éamoinn .
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.