417
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Measann Breandán Delap go bhféadfadh Roinn na Gaeltachta a bheith níos oscailte ins an eolas a nochtaítear don phobal ...
»»»Tá Terry Moylan ina bhall de Na Píobairí Uilleann le blianta fada. Tá sé fostaithe faoi láthair acu mar chartlannaí. Fear é Terry a bhfuil an-spéis aige sa cheol, sa damhsa agus san amhránaíocht agus tá cúpla leabhar foilsithe aige agus iliomad altanna scríofa aige. Labhair Antaine Ó Faracháin leis le gairid.
»»»Tá Mícheál Ó hAodha ag súil go mór le scannán atá bunaithe ar úrscéal Jack Kerouac On the Road a fheiceáil ar an scáileán go luath.
»»»Léiríonn corn gailf san Astráil an ghuagacht a bhain le caidreamh idir an dá thír, Éire agus an Astráil, ar feadh na mblianta fada. Bhí údar ag Bearnaí Ó Doibhlin spéis a chur sa chorn.
»»»Léirigh bás tragóideach Holly Wells agus Jessica Chapman i Soham Shasana chomh tábhachtach is atá sé cúlra daoine a bhíonn ag obair le páistí a sheiceáil. Mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail, áfach, níl córas sásúil monatóireachtai gceist sa tír seo agus ní bheidh sé furasta a leithéid a chur i bhfeidhm.
»»»Míníonn Liz Curtis na fáthanna a bhfuil oiread fadhbanna sóisialta i dtuaisceart Bhéal Feirste.
»»»Bhi Colm Mac Séalaigh ag cluiche na hÉireann is na hAlban i bPáirc an Chnoic, Indreabhán. Iomain Cholmcille a reáchtáil an cluiche iománaíochta - camanachd.
»»»Bheadh Barra Ó Donnabháin san Ionad Trádála Domhanda nuair a d’ionsaigh na sceimhlitheoirí é, murach gur cuireadh moill air. Déanann sé cur síos anseo ar an lá uafásach sin, an 11 Meán Fómhair.
»»»Deirtear nach mbíonn tréan buan. Tá Brian Ó Broin ag faire ar eachtraíocht Scot Walker, rialtóir Wisconsin, a bhí chomh tréan in achar seachtaine is gur tionscnaíodh éirí amach i gcoinne a reachta.
»»»Chuir John-Paul Mc Carthy leabhar a scríobh John Paul Stevens faoi Bhunreacht na Stát Aontaithe i gcomórtas le dearcadh agus buaileam sciatha a léiríodh in Éirinn ag leathbhric an údair faoin mBunreacht abhus.
»»»Measann Padraig Mac Éamoinn go bhfuil seans maith ann go mbeidh traenacha ardluais le fáil sa Bhreatain taobh istigh de roinnt blianta.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: teach na faire, gnásanna ag baint leis an bhás.
»»»Tá an-úsáid á baint as an teicneolaíocht anois chun na cluichí Gaelacha a chur chun cinn ach is cúis díomá é do Cholm Mac Séalaigh go bhfuil an Ghaeilge fós an-imeallach ar na suímh ghréasáin, mar shampla.
»»»Labhair Eithne Ní Ghallchobhair leis an Eilvéiseach Diego Fasciati faoina chuid oibre le roinnt blianta anuas leis an Chomhairle Ealaíon agus an dúshlán atá roimhe mar léiritheoir feidhmeannach ar Rough Magic.
»»»An chéad chuid de shocrú na deacrachta is ea an dearcadh a shocrú ar dtús dar le Muiris Ó Meara. Má athraítear dearcadh daoine, is féidir teannadh le socrú na deacrachta in ionad a bheith ag seachaint an tsocraithe.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.