128
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá lucht thionscal an tobac ag cur go láidir i gcoinne moltaí sa nGearmáin cosc a chur ar an tobac i dtithe tábhairne agus i mbialanna, mar a mhíníonn Christoph Wendler.
»»»Is léiritheoir raidió le RTÉ é Cathal Póirtéir agus is file é freisin. Labhair Antaine Ó Faracháin leis le gairid faoin obair atá ar bun aige agus faoi na sraitheanna dá chuid is mó a bhfuil sé bródúil astu.
»»»Le cróise, madraí, nó le cibéard eile, is dóigh le Roseanne Smith go meallfar gach geek garáiste amach faoin aer le breathnú ar an saol mór ina dtimpeall.
»»»Is múinteoir meánscoile é Brian Richter in Kent Shasana. Míníonn sé anseo cén fáth ar chinn sé ar an Ghaeilge a fhoghlaim.
»»»Tháinig Aoife Uí Fhaoláin agus a fear céile ar mhodh aoibhinn éasca le Sceir Mhór na hAstráile a shiúl gan tinneas farraige: ar bord an mhuireitleáin, nó an bád aeir. Is slí thaistil éasca é agus gheobhaidh tú radharc amach ar áille na mara agus ar na hoileáin.
»»»Bhí cáil ar réalteolaithe na hÉireann ar fud an domhain sa naoú haois déag ach tá faillí an-mhór á déanamh sa réimse seo sa tír sa lá atá inniu ann. Measann Diarmaid Mac Mathúna gur polasaí éigiallta é seo.
»»»Tá muintir Oirialla ag cur spéise i nduine dá gcuid cruitire ó dhá chéad bliain ó shin agus ní taise do Ghráinne Campion é mar chuaigh sí féin ag fiosrú an scéil.
»»»Spreag scannán as an Iaráin a chonaic sí le déanaí Liz Curtis le roinnt taighde a dhéanamh ar thionscal scannánaíochta na tíre sin.
»»»Féachann Pádraig Mac Éamoinn ar chuid de na hathruithe atá i ndán don eitlíocht Éireananch sa bhliain atá romhainn.
»»»Gheobhaimid deis an samhradh seo, má bhíonn an saol ina cheart, siúl le cladach agus feicfimid an cloigeann úd ag gobadh aníos go fiosrach ag faire isteach orainn. Bhí Laoise Ní Chléirigh ag fuirseadh faoi thearmann do Chlann Mhic Conghaola, an Irish Seal Sanctuary, le teacht ar an eolas faoin ainmhí diamhrach seo.
»»»Measann Robert McMillen go bhfuil Éirinn ar fad go mór faoi smacht ag na comhlachtaí móra idirnáisiúnta agus ag an ollchultúr Angla-Mheiriceánach agus nach n-athróidh sé seo, fiú má bhíonn Éire aontaithe ann amach anseo.
»»»Measann Padraig Mac Éamoinn go bhfuil seans maith ann go mbeidh traenacha ardluais le fáil sa Bhreatain taobh istigh de roinnt blianta.
»»»Chuir an taispeántas ‘Absolut Classics’ a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath le déanaí Ciara Nic Gabhann ag machnamh faoin cheangal idir an ealaín agus an fhógraíocht.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.