125
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Creideann an t-údar George Marlin gurb iad na Caitlicigh Ghael-Mheiriceánacha a shocróidh cé a bhainfidh toghchán na huachtaránachta sa tír an mhí seo. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»An t-ilchultúrachas - sin an chéad rud a thug mé faoi deara agus mé i mBoston. Chuir sé iontas orm meascán chomh mór sin daoine a bheith ag maireachtáil le chéile in aon áit amháin - daoine geala, daoine dubha, lucht na Spáinnise agus an dream ón Áis. Thairis sin ní dhearna mé mórán machnaimh ar cheist na gciní, cé go raibh na cúrsaí seo go mór i mbéal an phobail agus mé ag fágáil “the old country”, mar a thugtar ar Éirinn anseo.
»»»Tá teagascóirí Gaeilge don bhliain acadúil 2013-14 á lorg ag ICUF faoi láthair agus cé is fearr trácht air ach duine díobh siúd atá ag dul don obair chéanna sin cheana féin, Aodán Ó Cearbhaill.
»»»Bhí ceardlanna ceoil agus ceolchoirm mhór ar siúl i mBaile an tSaoir le déanaí, a d’eagraigh Craobh Naithí de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Bhí cúis mhaith acu a bheith ag ceiliúradh mar go bhfuil tríocha bliain caite acu ag seinm ceoil sa cheantar seo i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Labhair Antaine Ó Faracháin le Tomás Mac Uileagóid faoi stair agus chúlra na craoibhe agus faoin dul chun cinn atá déanta acu ón am a bunaíodh í.
»»»I mí Eanáir na bliana seo caite cúisíodh an Dr Harold Shipman as cúig dhuine dhéag a mharú i mbaile Hyde in aice le Manchain Shasana. Meastar, áfach, gur dhúnmharaigh sé na céadta. Tá aithne ag Tony Birtill ar dhuine dá chuid othar a tháinig slán.
»»»Féachann Breandán Delap ar chuid de na scéalta dochreidte atá nochta go dtí seo ag Binse Fiosraithe Morris i nDún na nGall.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Máire Zepf, Cumann Gaelach Leath Chathail, Dún Pádraig, Contae an Dúin.
»»»Reáchtáiltear neart féilte le linn dheireadh seachtaine fada thús mhí na Bealtaine gach bliain ach measann Antaine Ó Faracháin go mbeadh sé deacair Féile Chois Cuain, a bhíonn ar siúl i gCluain Cearbán, Contae Mhaigh Eo, a shárú.
»»»Tá cuairt tugtha ag Liz Curtis ar roinnt iarsmalann suimiúil in Albain le tamall de bhlianta anuas.
»»»Féachann Dónall Ó Maolfabhail ar na himpleachtaí a bhainfidh le cinneadh Stát-Rúnaí an Tuaiscirt, Peter Hain, ról an Bhrainse Speisialta agus MI5 a athrú ó 2007 ar aghaidh.
»»»Deich mbliana ó shin d’fhoilsigh an Dublin Hurling Review Group cáipéis faoin teideal Blueprint for Change and Success for Dublin Hurling. Is cuimhin le Colm Mac Séalaigh go maith é.
»»»Tá drogall ar an Aire Airgeadais Charlie McCreevy an cháin ioncam a ardú sa cháinaisnéis, ach tá seifteanna eile aige chun airgead a aimsiú, seifteanna, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill, a chuirfidh brú mór ar chomhairlí contae ar fud na tíre.
»»»Bhí Uinsionn Mac Dubhghaill i láthair sa Chúirt Chuarda i nGaillimh ag deireadh na míosa seo caite nuair a tugadh fianaise i gcoinne Maurice Tobin, Bráthair Críostaí a rinne ionsaithe gnéasacha ar bhuachaillí óga i scoil thionsclaíoch Leitir Fraic ar feadh cúig bliana is fiche.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.