393
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Áirítear Máire Mhac an tSaoi ar dhuine de na filí is tábhachtaí sa Ghaeilge le céad bliain anuas. Thug Aoife Nic Cormaic cuairt uirthi ina teach cónaithe i mBinn Éadair i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath le déanaí agus labhair léi faoina saol mar fhile agus mar bhean chéile an pholaiteora agus an scríbhneora chonspóidigh, Conor Cruise O’Brien.
»»»Tá go leor cainte in Éirinn le cúpla bliain anuas ar na táillí arda atá le híoc acu siúd a bhfuil fón póca acu. Labhair Caoimhe Ní Laighin le hIsolde Goggin, Cathaoirleach an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide, agus an bhean a bhfuil sé mar chúram uirthi iomaíocht a chothú san earnáil teileachumarsáide.
»»»D’fhéadfadh [i]coup d’état[/i] a bheith i bhFidsí gan mhoill, ach ní cúis iontais é sin, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cúrsaí grá.
»»»Tá sé i gceist ag an Aire Gnóthaí Pobal, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey moltaí a réiteach sula scoire an Dáil don Samhradh, le toghchán Bhord Údarás na Gaeltachta a chur siar go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le hathstruchtúrú na heagraíochta sin. Lena chois sin, tá súil aige go mbeidh moltaí an fhreasúra agus na n-eagras Gaeilge i leith Dhréachtstraitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge curtha i dtoll a chéile aige i dtrátha an ama chéanna agus go mbeidh leagan leasuithe den straitéis aontaithe ag an Rialtas. Thug sé an méid seo le fios, agus mórán eile chomh maith, in agallamh cuimsitheach le Breandán Delap do BEO!
»»»Tá toradh tubaisteach siollabas nua na Gaeilge don Ardteist le sonrú cheana féin, dar le Breandán Delap.
»»»Míníonn Balor a bhfuil i ndán do mhuintir na hÉireann sa bhliain atá amach romhainn.
»»»Tá athruithe móra á ndéanamh ar dhlíthe clúmhillte na tíre seo den chéad uair le daichead bliain anuas, ach, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail, níl na hiriseoirí róshásta le cuid de na hathruithe atá á mbeartú.
»»»Bhí Balor ar saoire an mhí seo caite agus tá spin rud beag níos fearr air dá bharr.
»»»Ba mháthair mhachnaimh do Phól Ó Muirí bás peata sa teach. An mhuc ghuine a shíothlaigh, d’fhág sé a lorg ar an chlann óg, rud a chuir an t-athair ar a mharana.
»»»Tá go leor airgid á chaitheamh ar iarnróid na hÉireann faoi láthair. Féachann Pádraig Mac Éamoinn ar an dul chun cinn atá déanta.
»»»Tá an-dochar á dhéanamh don chomhshaol i nGleann Cholm Cille in iardheisceart Dhún na nGall, rud atá ag goilliúint go mór ar Tony Birtill.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.