435
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Ceapadh Maebh Ní Fhallúin, bean óg as Cill Dara, mar bhainisteoir ar Raidió na Life i mí Mheán Fómhair. Labhair sí le Cóilín Ó Floinn faoina saol roimhe sin agus faoin mhéid ba mhaith léi a bhaint amach sa stáisiún sna blianta atá romhainn.
»»»In eagrán mhí na Samhna de [i]Beo![/i], scríobh Bearnaí Ó Doibhlin faoin dóigh a raibh muintir na hAstráile ag súil le hathrú rialtais. Tá an t-olltoghchán anois thart agus tá rialtas nua i réim sa tír. Ach céard a chiallaíonn an t-athrú seo?
»»»Cé gur múinteoir Laidine é Ed Foley ina chathair dhúchais, Bostún, bhraith sé frustrachas an-mhór nuair a chuaigh sé i ngleic le gramadach na Gaeilge ar dtús. Míníonn sé anseo cad é mar a d’éirigh leis an teanga a thabhairt leis sa deireadh.
»»»Measann Brian Ó Broin nach cúis iontais ar bith é go bhfuil oiread sléachtanna ag tarlú sna Stáit Aontaithe agus na comhlachtaí déanta arm chomh cumhachtach sin.
»»»Daoradh breis is ceithre scór chun báis sna Stáit Aontaithe anuraidh. Tá Stephen E. Brown go láidir den tuairim go bhfuil an córas claonta i gcoinne daoine dubha agus grúpaí mionlaigh.
»»»Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Mícheál Mac Giolla Easbuic ar Chill Chartha in iardheisceart Dhún na nGall.
»»»Is é Pádraig Domhnaill fíor-rí Dhún Windsor dar le Balor agus níl gar ná gaobhar ag Mícheál Domhnaill air.
»»»Fág faoin gcóras poist do chuid bronntanais Nollag a thabhairt chun tí. Tá na seoltaí suímh go léir ag Roseanne Smith duit san alt seo.
»»»Spreag leabhar nua mar gheall ar an bpíobaire Séamus Ennis go leor ceisteanna in intinn Choilm Uí Shnodaigh.
»»»Rithim toinne an ní a bhraitheann Colm Ó Snodaigh mar chroílár an cheoil. Rithim, mar a chéile, a bhraitheann Bruce Damer atá i gcroílár taighde eolaíochta ar bhunábhar an domhain.
»»»Molann John-Paul McCarthy saothar drámaíocht scáileáin David Milch, fear a d’fhág lorg a láimhe ar Hill Street Blues agus ar chláir eile nach é in imeacht na mblianta.
»»»Cíorann Alan Desmond san alt seo gnéithe de dhlí agus de dhearcadh mhuintir na hÉireann ar ár gcuid Éireannaigh óga úra.
»»»Bhí díomá ar go leor daoine nuair a dhún caife Ghael Linn i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite. Ar an dea-uair, áfach, doscail caife Gaeilge eile i lár na cathrach i dtrátha an ama chéanna. Thug Caoimhe Ní Laighin cuairt ar an gcaife seo agus labhair leis an mbainisteoir, Úna Nic Gabhann.
»»»An té a eitlíonn isteach go Meiriceá agus atá dall ar easpa chóras traenach mar is eol dúinn a leithéid in Éirinn é, tá sé i gcontúirt corrbhotún a dhéanamh ina chuid socruithe taistil i rith a sheal i Meiriceá. Tá an focal rabhaidh ag Brian Ó Broin san alt seo.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.