183
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Caithfidh contaetha ar mian leo Craobh na hÉireann a bhuachan sa pheil nó san iománaíocht plean fadtéarmach a bheith leagtha amach acu agus a bheith sásta airgead a infheistiú i ndaoine óga, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»I mbun na hIRISeoireachta agus i modh agallaimh le Circín Mac Cam Luí a chuaigh Balor le hábhar a ailt a thiomsú an mhí seo.
»»»Caithfear éisteacht leis an gcolainn, dar le Colm Mac Séalaigh, mar is féidir éachtaí a dhéanamh ar feadh na mblianta, ach níor cheart éinne a spíonadh amach uilig, thar a acmhainn.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Dáithí Kimber, Port Láirge le Gaoluinn.
»»»Ba chóir dúinn súil níos géire a choinneáil ar thoghcháin mhóra an domhain. Chaith Ciarán Mac Aonghusa seal ag meá ar tharla san olltoghchán is mó a reachtáladh ar an domhan chláir riamh. An mhí seo caite a tharla sé. Tá tuairim aige dá bhfuil ag titim amach i dtír mhór an toghcháin sin.
»»»Tá scéal na spailpíní ceoil ag Colm Ó Snodaigh, an dream úd a gcloistear a saothar ar fud an domhain i rith an ama, ach nach gcuimhnítear orthu féin ach go hannamh.
»»»D’fhéadfadh toradh dearfach a bheith ar an choimhlint go léir atá ar siúl idir baill an UUP le tamall anuas, dar le Robert McMillen.
»»»Fiafraíonn Robert McMillen, ar cheart go n-athainmneofaí an 11 sráid atá baiste as Banríon an Bháis, Victoria? Ceart nó mícheart, cuireadh Niall Mac Auslainn a bhundún dearg amach, ní eisean a bheas ina thrúig bháis ag teanga na Gaeilge, a deir Robert.
»»»Tá seal gairid caite ag Robert McMillen ag blaiseadh de shaol beag bán banríonúil Ulaidh an chiníochais. Tchítear dó nach é an dream daoine is forásaí ar domhan atá ag gabháil dó.
»»»Is lú ná fríd máthair an oilc, deirtear. Tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil gurbh iad na botúin bheaga thar aon ní eile a ghoill go dona is a chuir olc ar na daoine.
»»»Taispeánann spárálaí scáileáin na míosa seo grianghraif de na Blascaodaí, grúpa oileán atá suite in iardheisceart na hÉireann, amach ó chósta Chorca Dhuibhne i gContae Chiarraí. Bhain na hoileáin cáil amach de bharr scríbhneoirí mar Thomás Ó Criomhthain (An tOileánach), Mhuiris Ó Súilleabháin (Fiche Blian ag Fás) agus Pheig Sayers (Peig).
»»»Tiocfaidh athrú suntasach ar mhaoiniú na n-eagras Ghaeilge deonacha de réir struchtúr nua atá fógraithe ag Foras na Gaeilge don earnáil sin. Cuirfear deireadh ar fad lena mbunmhaoiniú ach beidh siad ábalta iarratais a dhéanamh ar thionscadail éagsúla. Déanann Breandán Delap cur síos ar a bhfuil ann.
»»»Léiríonn staidéar cuimsitheach ar tugadh faoi le gairid gur fadhb choitianta í an chibirbhulaíocht i measc an aosa óig. San alt seo, pléann Caoimhe Ní Laighin an éifeacht is féidir a bheith aici ar shaol an íospartaigh. Tá an t-alt seo dírithe ar dhaltaí Ardteiste ó thaobh ábhair de agus ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga.
»»»Agus é ag fágáil slán ag an gcéad deich mbliain den tríú mílaois, tá dóchas ag Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil athruithe bunúsacha ar an mbealach in Éirinn agus go dtiocfaidh deireadh le ré ceannasaíochta an pháirtí pholaitíochta a choinnigh muintir na hÉireann faoi dhraíocht le fada.
»»»Bhí díomá ar go leor daoine nuair a dhún caife Ghael Linn i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite. Ar an dea-uair, áfach, doscail caife Gaeilge eile i lár na cathrach i dtrátha an ama chéanna. Thug Caoimhe Ní Laighin cuairt ar an gcaife seo agus labhair leis an mbainisteoir, Úna Nic Gabhann.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.