74
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Bhuail Alan Desmond isteach i dTeach Laighean d’fhonn agallamh a chur ar an Seanadóir Ivana Bacik. Bean í nár chúlaigh ón chonspóid go luath ina saol agus í, fiú amháin, ag freastal ar an ollscoil ag an am. An bhfuil, nó an mbeidh, an fuinneamh ag fuarú is ag maolú? Conas is féidir cúram teaghlaigh, cúram suí ollaimh le dlí agus cúram an tSeanadóra a fhreastal?
»»»Thug Rialtas na hAstráile cuid trúpaí na tíre ar ais ón Iaráic le gairid, mar a gheall an Príomh-Aire roimh an olltoghchán anuraidh go ndéanfadh sé, ach, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, níl aon dochar déanta ag an gcinneadh seo don chaidreamh idir an tír agus na Stáit Aontaithe.
»»»Bhí ceardlanna ceoil agus ceolchoirm mhór ar siúl i mBaile an tSaoir le déanaí, a d’eagraigh Craobh Naithí de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Bhí cúis mhaith acu a bheith ag ceiliúradh mar go bhfuil tríocha bliain caite acu ag seinm ceoil sa cheantar seo i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Labhair Antaine Ó Faracháin le Tomás Mac Uileagóid faoi stair agus chúlra na craoibhe agus faoin dul chun cinn atá déanta acu ón am a bunaíodh í.
»»»Tharla go bhfuil fiche bliain slánaithe ag Alex Hijmans i saol na Gaeilge, mheas sé go mbreathnódh sé siar ar a scéal mar dhuine ón taobh amuigh a tholg galar na Gaeilge.
»»»Ní bhítear mar a shíltear. Is léir faoin am seo nár tháinig an borradh céadtach faoin choiriúlacht a rabhthas ag súil leis, scéal a chuir Chiarán Mac Aonghusa spéis ann.
»»»Thit mír eile de laochas na litríochta agus an bhéaloidis le tua lucht staire le déanaí, ach b’fhearr le Gabriel Rosenstock léamh an laochais agus iomthúsa Teaghlaigh an Bhoird Chruinn a choimeád slán ina chuimhne féin.
»»»Tá Mary Beth Taylor ag obair in ionad sláinte i Washington DC do dhaoine as Meiriceá Laidineach. Tá na deacrachtaí céanna ag cuid othar an ionaid sin is atá ag daoine ar ioncam íseal ar fud na Stát Aontaithe.
»»»Má chuirtear moltaí maidir leis an ráta pá íosta sa Ríocht Aontaithe i bhfeidhm, beidh na hoibrithe is lú pá sna Sé Chontae thíos go mór leis, a deir Robert McMillen.
»»»Thug Liz Curtis cuairt ar Chaisleán an Easpaig in aice le Béal Feirste le déanaí agus fuair sí léargas spéisiúil ar stair fhiadhúlra agus ainmhithe na hÉireann.
»»»Chuir Ciara Nic Gabhann spéis in amhrán PSY ó Phoblacht na Cóiré, rap-amhránaí a bhfuil na céadta milliún á chasadh ar Youtube le tamall anuas.
»»»Bhuail Maitiú de Hál le Richie Egan de chuid Jape agus The Redneck Manifesto nuair a bhí Jape ag bualadh ceoil i nGaillimh an mhí seo chuaigh thart.
»»»Bíonn an trealamh ceart i gcónaí le Tony Birtill nuair a théann sé amach ar na sléibhte ach tá go leor daoine ann nach mbíonn chomh cúramach céanna.
»»»Bhí Liz Curtis buíoch gur míníodh di roimh ré go bhfuil cuid de na héin ar Oileáin Farne in iarthuaisceart Shasana an-fhraochta ar fad!
»»»Fágadh Brian Ó Broin is a theaghlach gan chumhacht ar feadh i bhfad mar gheall ar an dochar mór a rinne spéirling sa cheantar mórthimpeall orthu. Cuimhneofar Laetha na Gaoithe Móire ina measc go ceann fada an lá.
»»»Tá cuid mhór le gnóthú ag Aer Lingus as an chomhaontú a síníodh le déanaí idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe maidir le heitiltí trasatlantacha, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.