102
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá go leor deacrachtaí ag baint le pictiúir theilifíse a chraoladh ar an idirlíon. Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar chuid de na slite a bhféadfaí dul i ngleic leis an bhfadhb seo sa ghearrthéarma.
»»»Ní hiad muintir Róma na Sé Chontae amháin a mhothaigh buille doirn agus ainspíd le scaitheamh. Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin dúinn go bhfuil a gcuid doghrainne féin ar muintir na hIndia san Astráil le tamall anuas.
»»»Molann Katie Nic Aindréis don aos óg a bheith siúlach más mian leo a bheith dea-scéalach. Tá bliain acadúil caite ag Katie i Virginia, an chéad tréimhse dá saol ag obair thar lear, agus an tréimhse is fearr a bhí aici go dtí seo, deir sí.
»»»Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go bhféadfadh tábhacht thar na bearta a bheith leis an Lá Mór ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus leis an mórshiúl i gConamara le gairid ar son na teanga.
»»»Níl Pádraig Ó hAoláin ag feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta ach le bliain anuas ach tá go leor pleananna curtha le chéile aige cheana féin chun dul i ngleic le meath na Gaeilge sa Ghaeltacht. Labhair sé le Sinéad Ní Ghuidhir faoina shaol agus faoin bhfís atá aige maidir leis an nGaeilge.
»»»Tá Terry Moylan ina bhall de Na Píobairí Uilleann le blianta fada. Tá sé fostaithe faoi láthair acu mar chartlannaí. Fear é Terry a bhfuil an-spéis aige sa cheol, sa damhsa agus san amhránaíocht agus tá cúpla leabhar foilsithe aige agus iliomad altanna scríofa aige. Labhair Antaine Ó Faracháin leis le gairid.
»»»Coimhlint de chineál idir dhá cheann an oileáin, agus gangaid dá dheasca, a bhí sa chumarsáid tráchtála idir mhuintir an dá stat in Éirinn, a deir Robert McMillen. Moladh go ndéanfaí aonad geilleagair amháin den dá stát sna nóchaidí.
»»»Tá lucht tacaíochta iarchime as Guantanamo buartha faoi ghéarleanúint atá á déanamh ag stát na hAstráile air. Tá Bearnaí Ó Doibhlin den bharúil gur chóir saorchead cainte a thabhairt do David Hicks.
»»»Tugadh cuireadh do PJ Mac Gabhann freastal ar fhéile an altaithe tigh na gcomharsan i bPáras. Tá sé ag dréim le dul ann.
»»»Ní hí an Astráil is túisce a shamhlófá le sciáil ar an sneachta ach bhí Aoife Uí Fhaoláin ag foghlaim na sciála sna sléibhte i ndeisceart na tíre sin agus molann sí go mór é.
»»»Tháinig muintir na Polainne amach ina sluaite le gairid le vóta a chaitheamh san olltoghchán agus chinn siad an ruaig a chur ar an rialtas a chuir náire ar go leor Polannach le dornán blianta anuas. Tuairisc ó Alan Desmond.
»»»Is féidir a mhaíomh nach lia náisiúntóirí ná cineálacha náisiúntachta. Ar a laghad ar bith, ní ar aon intinn atá Roddy Doyle agus Robert McMillen faoi cheist na náisiúntachta Éireannaí.
»»»Táimid ar tí fáil amach an bhfuil beathraí ar Mhars, a bhuíochas sin ar mhisean an spásárthaigh Phoenix. Labhair Eithne Ní Ghallchobhair le heolaí ildánach ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa, an Dr. Hugh Deasy, le gairid faoin mhisean agus faoina thuairimí mar gheall ar chúrsaí spáis.
»»»Le linn dó a bheith sa Rómáin, thug na daoine bronntanas do Dhiarmuid Johnson a chuir iontas agus áthas air.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cuairteoirí ag an Nollaig.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.