120
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá amhrán ag Seán Keane na Gaillimhe dar teideal ‘From Galway to Graceland’, agus smaoiním air seo nuair a bhíonn an díospóireacht ar siúl faoi Bhaile Átha Cliath ag bogadh níos gaire do Bherlin nó do Bhoston. Bhí comhdháil ar siúl i mí na Bealtaine faoin téama seo ag ISME, ceann de na heagrais do chomhlachtaí beaga agus leathmhóra. Tá an cheist le freagairt againn go luath le cinntiú nach ndéanfaimid an iomarca de na botúin a deineadh i gceachtar den dá áit sin. An bhfuilimid ag iarraidh níos mó cumhachta a thabhairt d’fhórsaí an mhargaidh agus do mhúnla chaipitleachas dírialaithe Mheiriceá, nó an fearr múnla sóisialta na hEorpa.
»»»Ba chóir amharc ar an inimirceach le barr trua in áit a bheith á gheimhliú dar le Bearnaí Ó Doibhlin. Ní chóir don Astráil a bheith i dtuilleamaí ‘oilbhéim an naíonán thar bord’ dar leis, eachtra thruamhéala as ar tharraing John Howard uisce ar a mhuileann féin.
»»»Léiriú ab ea na círéibeacha ar thrá Cronulla san Astráil an mhí seo caite ar an gciníochas atá beo beathach san Astráil, dar le Dáithí Ó Colchúin .
»»»Tá toibreacha na hartola á dtaoscadh i rith an ama agus tá PJ Mac Gabhann den tuairim go mbeidh cinneadh i leith ghiniúint aibhléise le déanamh ag muintir na hÉireann.
»»»Tar éis am fada traenála thug Brian Ó Broin faoi dhúshlán san ardchathair a d’fhéachfadh snáithe na matán agus miotal a mhisnigh.
»»»Fuair Ken Ó Donnchú ábhar domhain machnaimh ar shuíomh idirlín a tiomnaíodh do Jan Palach, an féiníobartach a losc é féin i gCathair Phrág sa bhliain 1969.
»»»Tá go leor ceoltóirí sásta go bhfuil na lipéid cheirníní ag cailleadh smachta ar an tionscal ceoil ach níl Toner Quinn cinnte an rud maith é amach is amach a ról a bheith i mbaol.
»»»Bhí Balor Béimeann ar turas chun na Laplainne agus tá scéal ar ais leis. Ní club damhsa de chineál áirithe atá i gceist leis an Laplainn, ach dúiche bheag Dhaidí na Nollag in íochtar an domhain.
»»»Bhuail Ruth Nic Giolla Iasachta leis an stiúrthóir scannáin sa Bhriotáin, Soazig Daniellou, ar tharraing saothar léi lucht féachana chun an scáileáin le deireanas. Bhí Gael so-aithnid as Conamara ag cuidiú leo thall.
»»»Tá leideanna agus seolta idirlín go leor ag Roseanne Smith san alt seo do fheilirí, do bhréagáin, do bhronntanais srl., seolta a chuideos leat réiteach le haghaidh na Nollag.
»»»Chaith PJ Mac Gabhann seal ag siúl ar chosáin na staire ar an chósta siar ó thuaidh as Páras. Is fearrde a thuiscint ar leagan na Fraince den Chéad Chogadh Domhanda an tsiúlóid sin.
»»»Is cúis frustrachais é do pholachtánaigh sna Sé Chontae, a deir Robert McMillen, go bhfuil na haontachtaithe sásta labhairt le paramílitigh dhílseacha ach nach bhfuil siad sásta cainteanna a bheith acu le Sinn Féin.
»»»Chaith Máire Ní Chuagáin Oíche Chinn Bhliana i bPáras agus chuaigh na difríochtaí idir an ceiliúradh ansin agus in Éirinn i gcion uirthi.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.