107
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá an mhí-úsáid alcóil ag dul in olcas in Éirinn le deich mbliana anuas, go háirithe i measc an aosa óig. Féachann Dónall Ó Maolfabhail ar na cúiseanna atá leis seo agus ar an díospóireacht atá ar siúl i measc na bpolaiteoirí faoi láthair i dtaobh na faidhbe.
»»»Mhaígh turasóir Gearmánach i mí Feabhra go bhfaca sé an tíogar Tasmánach, ainmhí a d’imigh in éag beagnach seachtó bliain ó shin. Ní seo an chéad uair a tharla a leithéid, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»D’fhreastail Tony Birtill ar imeachtaí Fhéile Learphoill, ceann acu i mballóga teampaill a scriosadh sa Dara Cogadh Domhanda.
»»»Tá an chuma ar an scéal, dar le Diarmaid Mac Mathúna, go mbeidh ar lucht úsáidte ríomhairí níos mó a íoc as bogearraí agus seirbhísí idirlín san am atá romhainn.
»»»Tháinig athrú as éadan ar an saol le tamall gairid de bhlianta, saol na teicneolaíochta go háirithe, agus d’athraigh na cúinsí oibre dá réir, mar is eol do Chiarán Mac Aonghusa.
»»»Tá go leor le foghlaim i gcúrsaí spóirt ó shaol na heolaíochta. Mar is eol do Cholm Mac Séalaigh óna thaithí féin agus ó bheith ag éisteacht le réiteoirí, caithfear an t-iompar ar pháirc na himeartha a athrú chun feabhais.
»»»Tá saothar nua le Regina Uí Chollatáin dar teideal [i]Iriseoirí Pinn na Gaeilge[/i] foilsithe ag Cois Life. Is éard a ndírítear air sa leabhar seo ná prós-iriseoireacht Ghaeilge an fichiú haois agus léigh Pól Ó Muirí é le gairid.
»»»Noam Chomsky, Norman Finkelstein, Israel Shahak agus daoine nach iad, tá siad go léir faoi amhras agus i gcontúirt an uisce faoi thalamh a ghníomhaíonn go láidir i gcoinne easaontóirí i SAM, de réir leabhair atá léite ag Maidhc Ó Cathail. Jeff Gates, Iarabhcóide do Choiste Airgeadais an tSeanaid i Stáit Aontaithe Mheiriceá a scríobh. Tugann Maidhc cuntas san alt seo ar chuid dá bhfuil le léamh ann.
»»»Chaith Mairéad Ní Nuadháin cúpla lá san Iordáin le déanaí agus thaitin sé go mór léi go raibh a laghad sin turasóirí sa tír.
»»»Chaith Ruth Nic Giolla Iasachta seal i mBeirlín na Gearmáine i mí Feabhra i mbliana le linn don fhéile idirnáisiúnta scannán bheith ar siúl.
»»»I mí Lúnasa gach bliain tagann grúpaí comhshaoil agus daoine aonair as gach cearn den Eoraip le chéile d’imeacht ar a dtugtar Ecotopia. Beidh sé ar siúl in Éirinn i mbliana den chéad uair agus eagraíocht darb ainm Gluaiseacht atá á eagrú. Labhair Diarmaid Mac Mathúna le Clár de Buitléar, ball de chuid Gluaiseacht, chun níos mó eolais a fháil faoi Ecotopia2002.
»»»Chaith Máire Ní Chuagáin sé seachtaine ag obair go deonach le hainmhithe san Afraic Theas i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh i mbliana agus chuir an méid a dfhoghlaim sí faoin tseilg mhídhleathach déistin ceart uirthi.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.